Cidh trá acht ro bhádar an dá longphort sin Mhac Mhileadh agus Thuath De Danann a d-tiomchioll Locha Dairbhreach ar feadh trí céad bliadhain. Is ann sin a dúbhairt Fionnghuala ré na bráithribh: An bh-feadabhair, a óga, ar si,go dtainig libh bhúr d-treimse do chaithiomh annso, acht an oidhche anocht amháin? Agus do ghabh tuirsi, agus dobrón ádhbhal na mic ó do chualadar an sgéal sin, oir dob' ionann leo agus bheith 'na n-daoinibh, bheith ar Loch Dairbhreach, ag agallmhadh a g-caradaibh agus a g-compánachaibh seach dul ar fhraoch-fhairrge fuachda na Maoile budh thuaidh.