Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 33

Iomthusa Bhoidhbh Dheirg agus Thuatha Dé Danann, tángadar go h-oirior Locha Dairbhreach, agus do ghabhadar longphort ann, ag éisteacht ré ceól na n-ealadh. Dála Mac Míleadh iomorro, ní lúgha tángadar as gach áird a n-Eirinn gur ghabhadar longphort ag Loch Dairbhreach mar an g-céadna; óir ní áirmhid eólaigh ceól ná óirfideadh dár clos a n-Eirinn riamh roimh cheól na n-ealadh sin; agus do bhidís ag innsin sgéil agus ag agallmhadh a


p.15

bh-Fear na h-Eirionn gach laoi, agus ag comhrádh ré a n-oideadhaibh, agus re n-a g-comhaltaidhibh, agus re n-a g-cáirdibh uile ar cheana; agus ro chandaois ceól sír-bhinn síthe gach n-oidhche; agus gach aon do chluineadh an ceól sin, do chodladh go sámh socair, gibé galar nó treabhlaoid fhada do bheith air; ro budh súbhach soimheanmnach tar éis an cheóil do chandaois na h-éin, gach aon do chlos.