Dála Lir gona mhuintir, d'fhanadar ag éisteacht ré ceól na n-ealadh, ar bhruach Locha Dairbhreach, agus do chodladar go sámh leis, an oidhche sin; agus do éirigh Lir a moch na maidne ar n-a mhárach, agus do rinne an laoidh:
Lir
- Mithid éirghidh ó'n ionad so,
Ní chodlaim, gé táim am' lúighe;
Sgaradh rém' aos ionmhuine
Is é chráidhios mo chroidhe.- Olc an séan dá d-tugas in bhur g-ceann,
Aoife, inghion Oiliolla Arann.
Da bh-feasainnsi a bh-fuil dhaoibh dhe,
Ní dhiongnainn an chomhairle.
- A Fhionnghuala, 'sa Chuinn chaoimh,
A Aodh, 'sa Fhiachra arm-chaoin;
O bhórd an chuain a bh-fuil sibh,
Triall uaibh ní liom is mithid.