Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 28

‘An áil libh,’ ar Lir, ‘teacht a d-tir chugainn ó tá bhúr g-ciall agus bhúr g-cuimhne féin agaibh?’ ‘Ní fhuil cumas againn,’ ar Fionnghuala, ‘taobh do thabhairt re h-aonduine feasda, acht atá ar n-urlabhra Gaoidhilge féin againn, agus atá ar g-cumas dhuinn ceól síreachtach do chantainn, agus is leór do'n chineadh dhaonna uile do shásadh, bheith ag éisteacht leis an g-ceól sin, agus anaidh againn anocht, agus canfom ceól dhaoibh.’