Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 24

Budh dúbhach, dobhrónach Lir do na sgéalaibh


p.11

sin, óir do thuig gurab í Aoife do mhill, nó do mharbh a chlann. Agus do gabhadh a eich a moch na maidne ar n-a mhárach do Lir agus ráinig 'san slíghe siardheas gaca n-díreach nó go ráinig go tráigh Locha Dairbhreach; agus do chonncadar clanna Lir an marcshluaigh chuca, agus a dúbhairt Fionnghuala an laoidh: —

    Fionnghuala

    1. Mochean do mharcshluaigh na n-each,
      Do chím láimh ré Loch Dairbhreach;
      Dream chúmhachtach chiamhair go beacht
      D'ar n-iarraidh, d'ar n-iarmhóireacht.
    2. Druidiom ré h-oirior, a Aodh,
      A Fhiachra, agus a Chuinn chaoimh,
      Ní sluaigh fá nimh fir na n-each,
      Acht madh Lir agus a teaghlach.