Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 23

‘Is iongnadh liomsa sin,’ ar Bodhbh Dearg, ‘óir is tairise liomsa an chlann sin, 'na mo chlann féin.’ Agus tug Bodhbh da uidhe gurab cealg do rinne an inghion chugtha; agus is éadh do rinn, teachta do chur dudh thuaidh go Síoth Fionnachaidh. Agus fiafraighios Lir cidh uma d-tángadar. ‘Ar cheann do chloinnesi,’ ar siad. ‘An é nach rángadar chugaibh maille re h-Aoife,’ ar Lir. ‘Ní rángadar,’ ar na teachta; ‘agus adúbhairt Aoife sgur tuso nar leig lé iad.’