Agus do ghabh aithreachas ann sin Aoife, agus a dúbhairt: Ó nách féadaim aon chabhair uile do thabhairt orraibh feasda, biaidh bhúr n-úrlabhra féin agaibh; agus canfaidhe ceól síreachtach síthe, fris a g-coideóldaois fir an bheatha, agus nocha m-biaidh ceól san domhan a mhacsamhla; agus biaidh bhúr d-treóir agus bhúr n-oirbheart agaibh; agus nocha g-cuirfidh orraibh bheith in bhúr n-éanaibh; agus a dúbhairt an laoidh:
Aoife
- Eirgídh uaim a chlanna Lir,
Go ngnúis ngil, go nGaoidheilg m-bailbh,
Is mór oirbhir mhaccaomh mhaoith,
Beith dha seóladh ris an ngaoith ngairbh.
- Naoi g-céad bliadhain dhaoibh ar mhuir;
Is mise do chuir tré cheilg,
No go rabhthaoi a n-Inís Gluair
Don taobh shiar thuaidh d'Eirinn dheirg.- Ionnsaighidh amach an Mhaoil,
Budh córa dhaoibh bheith dom' réir,
Go g-comhracfaidh Lairgnén is Deoch;
Fada do neach bheith a b-péin.
- Croidhe Lir 'na chrotal cró,
Cidh mór an urchar n-áigh ró theilg;
Is saoth liom osnadh an laoich luinn
Gidh mise ro thuill a fhearg.