Do bhéar iomorro, ar Aoife, agus is misde dhuit a iarraidh orm .i. nó go g-comhracfaidh an bhean a n-deas agus an fear a d-tuaidh .i. Lairgnén mac Cholmáin, mic Chobhthaigh .i. mac rígh Chonnacht, agus Deoch inghean Fhinghin, mic Aodha Alainn, rígh Mhumhan; agus ni tualaing caraid na comhachta dá bh-fhuil agaibh bhúr m-breith as na reachtaibh sin, ó do shíriomhair é ar feadh bhur saoghail, nó go rabhthaoi trí chéad bliadhain ar Loch Dairbhreach; agus trí chéad bliadhain ar Shruth na Maoile idir Eirinn agus Albain;