A h-aithle na laoidhe sin tugadar clanna Lir ioná g-ceathrar a n-aighthe a n-éinfheacht ar an inghin, agus do labhair Fionnghuala lé, agus is éadh ro ráidh: Is olc an gníomh do rinnis, a Aoife, agus fós is olc an comhall caradraidh dhuit ar milleadh gan ádhbhar, agus díoghaltar ort go follas é, agus tuiirr ann, óir ní feárr do chomhachta-so ar ar milleadhne, 'ná droidhiocht ar g-caradne ar a dhioghalt ort; agus tabhair tréimse agus ceann dhuinn ar an milleadh tugais orrainn.