Agus ó nár faomhadar sin do dhéanamh, tug féin cloidhiomh amach do mharbhadh agus do mhilleadh chloinne Lir; agus do bhac a banndacht agus a bith-mheatacht, agus anbhfainne a h-aigionta dhi, sin do dhéanamh; agus tángadar as siar go tráigh Locha Dairbhreach, agus do sguireadh a n-eachra ann sin, agus do iarr sisi ar chloinn Lir s bh-fothraghadh do dhéanamh, agus dul do snamh ar an Loch: agus do rinneadar amhail a ndúbhairt Aoife leó. Agus mar fuair Aoife ar an Loch iad, buailios do fhleisg doilbhthe droighiochta iad, agus do chuir a reachtaibh cheithre n-éaladh, n-áalainn, n-aoinghil iad; agus do rinne an laoidh ann:
Aoife
- Amach daoibh a chlann an righ,
Do sgaras bhúr síol ré séan;
Do bhúr g-cáirdibh is sgéal truagh,;
Biaidh bhúr n-uall ré h-ealtaibh éan.Fionnghuala
- A bhaidhbh! ro fheadamair t-ainm,
Do thraothais gan eathair inn,
Sinn gé chuirthaoi tuinn ar tuinn,
Biaidhmíd seal ó rinn go rinn.
- Ro ghéabham cabhair gan chleith,
Do ghéabham rogha agus rath,
Acht gé luidhfiom ar an loch,
Ar meanmna do budh moch amach.