Agus lá n-aon do h-innliodh a carbad dhi, agus rug lé ceathrar cloinne Lir 'san g-carbad; agus rainig roimpe fá'n samhail sin d'ionnsaighe tíghe Bhuidhbh Dheirg; agus níor bh'áil le Fionnghuala dul ar aonrian lé, óir tug aithne uirre go raibh ar tí a millte, no a marbhtha; óir tárfas dhi rún feille, agus fionghaile a n-aigne Aoife. Acht cheana, nior fhéad sí a h-eimneadh do sheachnadh, 'ná an t-éadualang do bhí a n-dán dí.