Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 13

Agus to thigeadh Bodhbh Dearg go minic go Síoth Lir, do ghrádh na cloinne sin; agus do bheireadh leis dá thigh fein iad ré h-eadh agus ré h-athaidh fhada; agus do léigeadh tar ais dá d-tigh féin arís iad. Agus do bhídís Tuatha De Danann an tan sin ag caithiomh Fleídhe Aoise ann gach Síoth fá seach; agus an uair do thighdís go Sioth Lir is iad an ceathrar sin fá h-úrghardúghadh, agus fá h-óirfideadh dhoibh, ar


p.6

fheabhus a n-deilbhe ocus a n-déanmhusa; agus is ann do luighdís do ghnáth a n-iomdhaibh ar bhéalaibh a n-athar; agus d'eirgheadh Lir go moch do ló gacha maidne agus do luigheadh ameasg a chloinne.