Do ráinig an sgéal sin go Síoth Bhuidhbh Dheirg; agus tugadar lucht an t-síotha trí gartha ós árd ag caoineadh a n-dalta. Agus adúbhairt Bodhbh Dearg: Is olc linn an inghion sin, ar son an fhir mhaith dá d-tugamair í, óir is buidhioch sinn dá charadradh, agus dá chomann, gidheadh, ní dhealóchaidh ar g-caradradh re chéile, óir do bhéarsa a deirbhshiúr eile mar mhnaoi dhó .i. Aoife.