Agus ina dhiaigh sin tarla an inghion taobh-throm, torrach, agus do rug dias do'n toirbheart sin .i. inghean agus mac; Fionnghuala agus Aodh, a n-anmanna. Agus tarla toirchios oile dhi, ocus do rug dias mhac, Fiachra, agus Conn a n-anmanna; agus fuair sí fein bás ag a m-breith. Agus do chuir sin go mór ar Lir, agus muna m-beith méad do luigh a aigne