Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 8

Agus do bhádar trí h-inghiona Oiliolla Arann a n-aon chathaoir á bh-fochair bhainríoghan Thuath De Danann, óir is i bean Boidhbh Dheirg do budh buime dhóibh. A dúbhairt Bodhbh Dearg: ‘Do rogha do na h-inghionaibh dhuit, a Lir.’ ‘Ni fheadarsa,’ ar Lir, ‘cia is rogha dhíobh, acht gurab í an bhean is sine dhíobh is uaisle, agus is í is feárr dham do thabhairt.’ ‘Maiseadh,’ ar Bodhbh Dearg, ‘Aobh, inghion Oiliolla is sine dhiobh, agus racaidh sí dhuitsi más ail leat.’ ‘Is áil,’ ar sé. Agus do snadhmadh Aobh re Lir an oidhche sin.