Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 7

Do cuireadh feasa agus teachta ó Bhodhbh Dearg go h-airm a raibh Lir, dá rádh damadh áil leis cleamhnus do dhéanamh ré mac an Daghda, agus tighearnas do thabhairt dó, go d-tiobhradh dalta dá dháltaibh dhó. Iomthusa Lir, do budh maith leis a mheanmna do'n chleamhnus sin do dhéanamh, agus táinig roimhe air n-a mhárach, caocat cairptheach ó Síoth Fhionnchaidh, a n-athghairid gacha conáire, go ráinig Síoth


p.4

Buidhbh Dheirg, os loch Deirgdheirc, agus do fearadh fáilte fris ann, agus do budh súbhach somheanmnach cách roimhe, agus do freasdaladh, agus do fritheóladh go maith iad an oidhche sin.