Agus do clos fo Eirinn uile an sgéail sin, agus ráinig go longphort mhic an Dághda mar a rabhadar maithe Thuath De Danann a n-aon ionad. A dúbhairt Bodhbh Dearg: Damadh áil le Lir, ar sé, do budh maith mo chongnamhsa, agus mo cháirdios dó, ó nach mairionn a bhean aige, dóigh amh, atáid agamsa na trí h-inghiona is feárr dealbh, agus déanamh, agus tuarusgbháil dá bh-fuil a n-Eirinn .i. Aobh, Aoife, agus Ailbhe .i. trí h-inghiona Oiliolla Arann, agus mo thri bronn-daltadha féin. A dúbhradar Tuatha De Danann gur mhaith an comhrádh sin, agus gur bh'fíor.