O chualaigh Lir heard an righe do thabhairt do Bhodhbh Dearg, níor mhaith leis é, agus d'fhág sé an t-aonach agus an t-oireachtas gan chead, gan cheileabhradh do chách, óir do shaoil gur bha dhó féin do béarfaidhe righe agus tighearnas; agus ge gur fhág se an t-aonach agus an t-oireachtas, ni lúghaide do ríoghadh Bodhbh Dearg; óir níor ghaibh aoin fhear d'on chúigear sin chuige gan an righe d'fhaghail do féin acht Lir ann a aonar. Agus do cinneadh aco Lir do leanmhain agus a theach do loscadh, agus a chur féin fo ghuin gae agus cloidhimh, do chionn gan úmhla do thabhairt do'n té da d-tugadar féin righe agus tighearnas. Ní déantar an chomhairle sin linn, ar Bodhbh Dearg, óir do chosnofadh an fear sin an chrioch ina bh-fuil, agus ní lúghaide is righ mise ar Thuath De Danann gan é sin do bheith úmhal dam.