Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 3

Ba do mhaithibh na n-dream sin ag a raibh súil re righe d'fhághail dóibh féin for Thuath De Danann, Bodhbh Dearg, mac an Daghda; agus Ilbhreach Easa Ruaidh; agus Lir Shithe Fhionnachaidh; agus Míodhair mór-uallach Bhreagha Léith; agus Aonghus Og mac an Dághda, acht níor shanntaigh-sidhe righe Thuath De Danann d'iarraidh, óir dob'fheárr leis a bheith ina reacht féin, 'ná ina rígh for Thuath De Danann. Do chuadar na maithe sin uile a


p.2

n-aon chomhairle, acht an cúigear sin ag a raibhe súil le righe d'fághail. Agus is í cómhairle ar ar cinneadh aca, an righe do thabhairt do Bhodhbh Dearg mac an Daghda, ar tri h-ádhbharaibh .i. ar fheabhus a athar; ar a fheabhus féin, agus ar a bheith na sinnsear chloinne an Daghda dhó.