Do thiomsuigheadar as gach áird do chúig chúigeadhaibh Eireann, go rabhadar a n-aon aonach, agus a n-aon bhaile comhairle. Agus a dúbhradar maithe Thuath De Danann: Is fearr dúinn, ar siad, aon righ do bheith orainn, 'ná bheith fodhailte mar atámaoid, ag foghnamh do righthibh eile ar feadh Eireann.