Corpus of Electronic Texts Edition
Stair Nuadat Find Femin (Author: Unknown)

section 2

1

{MS page 70a}[...] nír' fhiarfaig scéla do nech díb & ní fider
15] in robadar lín ba lía, & docúaid ina boith iarsin, & rochóirig


p.223

a airm re thaeb & a sciath re dorus na boithi, & rochoduil fan tuairim cétna.

2

Is ansinn adubairt rí Lochlann: ‘Is fada atáit ar muindter’, ar sé, ‘& is a fuirech re gliaid & re dethbaid
5] atáit.’ ‘Rachadsa dá fis’, ar mac rígh Lochlann .i. Lulach mac Osbern, & roéirig co prap, & roéirgedur ix. cét laech maraon ris, & dorángadur na colla cróderga & na cinn arna cuaillib, & tucsad aithne forra & idchonncadur in boith uatha do lethtaeib ín uaír.
10] ‘A both bec’, ar mac ríg Lochlann, ‘mas asad dorinned na h-uilc so, is mór na gníma duid é.’
‘Dar ar m-bréithir, ní h-eisdi’, ar siad, ‘acht mina bfuilid clasacha talman fuithi, uamanna móra rofhaidi i m-biab19 il imud sluag.’

15] ‘& fechaidh lib hí’, ar mac ríg Lochlann.


p.224

3

Docuáid fer uatha fochétóir co dorus na boithi & ro-féch seoch in scíath astech, & idconnairc in gilla greannmur grádurrlum ina collud inti, & tánic co h-obunn a mesc a muindteri & ro indis na scéla sin dóib & adubairt: ‘ad-connar[c]sa
5] aongilla óg álainn édrocht isin boith úd ina collud, & ní fedarsa inne é doróinne na mórechta so.’
‘Freagram é’, ar siad, ‘sáithem sleg gacha fir ann.’
‘Ni díngnam sin’, ar mac rígh Lochlann, ‘ní muirbfidter linn ina codlud é, & dúisgid dúind co prap hé.’

4


10] Docuaid fer díb co dorus na boithi, & rocroith in sciath, & rodúsigh Núada leis sin, & roéirig co h-obunn & rogab a airm & roglac a sciath, & tánic amach, & docunnuic na nai cét amuigh cona m-broín sciath & cloidem acu.
‘Cia dorinde na gníma móra-sa, a gille?’ ar mac ríg
15] Lochlann.
‘Is lium-sa atorchradar’, ar Núada.
‘Dar mo bréithir’, ar mac ríg Lochlann, ‘ní derna duine


p.225

a comaimsir rit-su riam gnímrad bu teinne ná sin, acht aon ní chena tuitfir-si ann, & bid aithreach duit é.’.

5

Adcunnairc sin in gilla óg álaind dígrais dathálaind ica acallaim .i. mac ríg Lochlann, & is amlaid do bíd sein, &
5] ba h-inann áis dó & do Nuada, & ba cosmail20 n-delba iat, & ba comfada a fuilt & ba coiméid iat féin, & rofhiarfaig Nuada de: ‘Cia tusa?’ ar se.
‘Lulach mac Osbeirn siúd’, ar siad ‘.i. mac ríg Lochlann & adbur ríg Lochlann é féin.’

10] ‘Mased, a gille’, ar Núada, ‘ná tabair do conach ar mo dochnach-sa’, ar sé, {MS page 370b} ‘uair is ar teithem mo marbhtha atú as ma duthaig, & ní mac ríg rofhlatha is ál dam mh' irgal (?) d'imbert acht mana iarraid féin co h-andligthech orm é.’

15] ‘Dar mo bréthir’, ol mac rígh Lochlann, ‘maithfidir duit a n-dernais riam, & beir am tedlach-sa co miadamla &


p.226

co n-airmidin, & na h-imid dogrés a [d'] tír féin, & rodfía ilmáine uaim.’
‘Ca h-áit a fhuil rí Lochlann?’ ol Núada.
‘Atá sé ann sa cuan-sa thís’, ol sé, ‘& gach áon aca tá
5] long a Lochlannaib maráon ris.’
‘Créd na tósca 'mattángabair?’ ol Núada. ‘Do chosnam Érenn’, ol mac ríg Lochlann, ‘dún féin, & do marbad a fuil do deghdáinib inti.’
‘Mór in gním-sin’, ol Núada, ‘nó in n-gébthái cís no
10] cáin uatha ó &a marbad féin.’
‘Dar líum ní giabthar’, ar mac ríg Lochlann.
‘Dogébthái-si cath cródha cosgartach o feruib Érenn’, ar Núada.
‘A óglaich’, ar mac ríg Lochlann, ‘bid si agum-sa féin
15] & gacha n-dernais d' olc coró so maidfidtir duid hé.’

6

Dofreagair Núada sin, & is ed adubairt: ‘Ní tuc a


p.227

guala a crislach a scéith mac ríg ag ar' fiúd liumsa beith’, ar sé, ‘no co n-gaba sé in rígi is dual dó ardús’, & adbert an láid and:

    [N.]

    1. A gilli tánic tar ler
      na sáith ar fer co n-imnedh
      5] na mill do rath co n-gloine
      ar dreath siublaigh saerchloinne.
    2. Ni maithfedh th' ulca móra
      duit ar do comlonn cródha
      aithfed ort re n-dul dod taigh
      10] ar marbad do Lochlannaib.
    3. Gach ní do marbusa sunn
      do slúag Lochlunn gan fhorlunn
      ná déna-sa méla de
      daá festa sgéla, a gille.

      A Gilli.


15] ‘Dá n-anta-sa agum-sa’, ar mac ríg Lochlann, ‘ní dingnuind díth duit, & mina anair agum dogébair comlunn co luath.’

p.228

‘Ní anud agud’, ar Núada, ‘& ín n-íad do muindter cugum no 'n tú féin?’
‘Budh h-iad mo muinnter’, ar sé, ‘noco toitir-si leo no tuitid siad uili let.’

5] ‘In damthái fír fer dam, a ógu?’ bar Núada.
‘Ní tibram, vero’, ar siad, ‘acht rachaid dechenbor laech gach n-uaire ad comlonn co ría cét, & dá marbair sin dobértar cét ele do comlunn rit.’
‘Déntar amlaid’, bar Núada, ‘& ná ticidh taris.’
10] ‘Ní tiucfam’, ar siad.

7

Roéirig dechenbur díb cuigi & dothoitidar leis co prap & doberthái dechenbur d' imurcaid gach n-uairi cuigi noco ránic an cét, & tánic cét cuigi iarsin, & do thoitsit leis uili. Cid trácht, romarb uili ar cétaib iad diaigh an diaigh fon
15] samail sin, connar'-mair díb acht dias amáin .i. mac rígh Lochlann & aenlaech da muindtir, & adbert an láid:


p.229

{MS page 371a}
    1. Is cróda do choscur, a láich,
      a Núagha gusan m-breith m-báith.
      Doría let co h-imlán sin
      gach a slaighi dar sluagaibh.
    2. 5] Maithfed duid gach olc dogní
      is beith agum fein a rí
      leicfid iat21 a n-ascoig
      sunn ar son do tuarustoil.
    3. Nír' gab22 sgiath ara dreich
      10] mac ríg gamad fiú líum beith
      acht masa let-sa is móra
      dénum comlonn comcróda.
    4. Is ccróda.

‘Is cródha na gníma sin, a gille’, bar mac rígh Lochlann, ‘& is lámach láich é dar lem.’
15] ‘Ad cíu-sa sin’, bar an gilla, ‘& an díglaid-si iat nó an tícidh do comrug rium?’
‘Rachad vero’, ar sé, ‘uair gid rígi na h-Eorpa doberthái

p.230

dam ní léicfinn tusa as beo iar marbad mo muindtiri. & Is amlaid do dénum comlonn’, ar sé, ‘.i. rachaid fer dom muindtir-si gusin son[n]ard úd inar fíadnaisi 'gar féchain, & mad misi dofaeth ann éirged co h-airm itáit maithi Lochlann
5] & indsed scéla dóib.’
‘Déntar marsin hé’, bar Nuadha. & doc[h]uaid fer do muindtir meic ríg Lochlann gusan son[n]ard ina fiadnaisi, & d' eisigh ann aga féthann uada.

8

Is annsin ro innsaid cach a céile díb co dána díbraictech
10] dúthrachtach & co fergach fortrén feramail & co laechda lám-láidir leomannta & co ferrda fortill fírárachta, & robúi cach díbh ac sanntugud a chéile co fortill fírtrén, co tugadar gona gúasachtacha & béimenna bithnertmara buanolcacha d' aroile.

9

Dobí trá do glicus na h-imgona & do luthmaire in
15] lámaigh co nách ránicc nech díbh malairt na mórmarbad aroile re ré cían & re h-athaid fada.


p.231

10

Is annsin rolonnaigedh & rolánfergaiged cách cuma chéile díb, & roscuchsad co dúr dánarrda dásachtach & ro dianaigedh an dethbaid & rocruadaiged in comlonn & doglacadar na cloidmi claisletna curata {MS page 371b} comóra, & ro thuairc
5] cách a céile díb do bráth[b]uillib dímóra dásachtacha.

11

Is ann sin rothógaib Núada in láim gusan loinn fada faeburglaís, & tuc builli d'innsaigi cos mic rígh Loc[h]lann. Frithoilis mac ríg Lochlann sin, & toirnes in sciath sís d'imdíden a cuirp arníchtar, & dothógaib Núada suas co prap
10] an láim, & dobuail mac ríg Lochlann a caol na colla 'san muinél, & dosgar a chenn re cúlméide co torchair marbh gan anmain, & Doben a édach rígda roálainn de, & roben an cris n-órda n-ingantach, & rogab ime féin ider édach & cris & éidedh, & dochuir a deise féin fa mac riíg Lochlann, & robúi
15] ag fégad a gona & a álad, & idbert an láid ann:

    [Nuadu]

    1. Truagh sin, a gilli in fuilt glaín
      tánicc a Loclainn línmair

      p.232

      is derg do dá taeb dodt' fhuil
      o lámaibh Nuada nertmuir.
    2. Mina beith do menma mór
      is a n-dernais do drochglór

      5] ní muirbhfinn co brách dom déoin
      re n-dul a tírthaib aineoil.
    3. Berud do sciath corcra cóir
      is do brat co sreathaib óir
      is t' inar co corcair cáimh

      10] ocus do cris, a macáimh.
    4. Do cloidim co n-delbach óir
      biaid a n-glaic Nuada nertmóir,
      do ga co mhbriocht neim imach
      beid lim a tír n-allmurach.

    5. 15] Cáinfid ánraid cechtar bhuaind,
      cáinfid cuingidh in da t-shluaigh
      craithfid Sláine frais da gruaidh
      sochaidhi leis ba lántruagh.

      Truag sin.


p.233

12

& Tánic Núda roime iarsin & tuc a druim re glas-charraicc n-daíngin n-dímoír robui ina farrad, & dorindi fál fírmór don fidbaid ina timchill & aon dorus ar an daingen sin, & ro chóirid errad & éidedh in t-sluaig romarb roime ina
5] thimcill gurba lándaingen do-san in fál sin.
A dhála {MS page 372a} conuigi sin.

13

Dála óglaigh meic ríg Lochlann, o d' connairc23 a thigerna do thoitim, rogab roime a n-dígna a retha noco ránic in coblach, & idconncadar dá n-indsaidi é, & dá m-beith
10] lá co n-aidchi i talmuin [ní] ba mesa a dhelb & a dat[h] ná sin, & rofíarfaig cách scéla de, & roindis dóib, & adubairt: ‘An sluag mór docuaid a tír uaib-si ní térno éladach betha díb acht má misi am aonar, & idrochair mac rígh Lochlann.’
‘Cia doroinne na móréchta sin?’ ar rí Lochlann.


p.234

‘Ní fes dam’, ar sé, ‘acht aonghilla óg álainn oireda, & ní fuil do thoír ná do thinól 'na farrad acht hé féin ina aonar & mac an rígh duine dethmac rothoit leis’, & rob ingnáth leo san in scél sin, & nír' sháiledar a beith do dháinib
5] dh'armaib a n-Érinn lín marbtha na sluag sin.

14

& Dorónsad gartha garba gráinemla & nualla arda adbulmóra co saird, & roseinnedh sduic & organa léo, & ro indis cách dá céile díb in gnim sin, & doráid in rí ríu: ‘Tabraid’, ar sé, ‘sracad sanntach sárnertmar dochum tíri’,
10] & dorónsad amlaid sin co roibi a mac alla i fántaib & a fídbadaib foirthemla fásaig .i. rámreatha na long luchtmar lánmór ag tarraíng co trénnertmar docum tíri, & grithgaír na luirec[h] n-aggarb n-íarnaide & sgelbordach na sciath aga sgannrad, & cách a[g] gabáil a n-arm, & docuadur uili a tír
15] iarum.

15

& Adubairt óglach meic ríg Lochlann ríu comnaidi


p.235

do dhénum & a n-dul a cóirigthib isin n-indsi, & ‘an tír so a tángabair’, ar sé, ‘ni recha fer a m-bethaid este aguib.’.

16

Dorónsadd amlaid, & dochóirgedar iat iarsin, & rolínsad oirer na h-indsi ule.

17


5] O d'cunnaic rí Érenn & maithi a muindteri sin, roba doilid leo in guasacht sin a roibi mac ríg Érenn. Adubairt rí Érenn: ‘Gid uathad duinde’, ar sé, ‘is truagh nach fuilmid a (cumhnid)24 do Núada uair tánic cridhi a athar air m' anam sin.’

18


10] Imthús na Lochlannach vero, tugsad a n-aigid rompo d' indsaighi Núada, & is é dlús & tigi robádur a dul dá innsaigi conár' fedadar a n-airm d' imirt nó do thógbáil.

19

{MS page 372b} O doconnuicc Núada sin, roérigh co prap prímurlum, & rogab airm meic ríg Lochlann, & tánic amach asa daingin a coinde na slúag, & tánic futha & tríthud &
15] tarsta, & roluathaid na béimenna, & roéirgedur dá cholumain


p.236

thaiglecha teinntige a n-urcomair a aidhchi conár' fédad a silledh ná shírdféchsain. & ba hé sin treisi & téinnesnaigi roimir orra gur' benasdair bern trom asdu ar gach leith. Ro scáil & ro sgannraig iat, & dochuaid ina daingen, & nír' cumgaidedh
5] air sin.

20

& robui amlaid sin noco tánic fuine neóill nóna & dath25 na grísi foran n-gréin, & idrochair sochaidi dona sluagaib leis conuigi sin.
‘Tabair osad na h-aidchi anocht dúinn, a gille’, ar ríg
10] Lochann.
‘Dobér’, ar sé, ‘& éirgid-si in bar longaib, uair is líum-sa in indsi & is lib-si in muir, & ni beithi aran ferunn-sa.’
‘Is tuirsech ámh sin’, ar siad, ‘o luigi inar longaib & ar cennaib na ses, & ní fuicem in t-oilén-sa anocht.’
15] ‘Dá tucthai bíad nó fritholum dam-sa anocht, deónaigim-si díb beith ar tír.’


p.237

‘Dobérum’, ar siat.
‘Mased’, ar Nuada, ‘tabraid damh & linn.’

21

Roéirgedur dream díbh co luath, & tugadar biadh & linn docum Nuada. Adubairt Núada: ‘Fromaid féin ar tús
5] in bíad & an linn sin’, ar sé, ‘dóig ámh ní fedar in tairisi dam-sa hé’, & dorónsad amlaid, & ro im[thi]gedar uada, & rochaith a lórdhaethain.

22

Dála in t-sluaig móir iarum, rohadnad teinnti & tenndála trénmóra leo, & dobádar co brónach becmenmach no[co]
10] tánic lá cona lánsoillsi.

23

Dála ríg Érenn autem, dochuir fesa & techta fo Érinn uada da tinól & da toigistal a n-aigid na n-allmurach d' fortacht a mic & da thabairt asan écin a roibi sé.

24

Dála sluaig Lochlann, roéirgedar a mucha na maidne
15] iarnamárach & rogabsad a n-arma & docuadur a coinne Núada. Roéirig Núada futha san, & dorindi slighithi lethna lánmóra


p.238

& berna cét trithudh do ghach leth, & ro scáil sgiatha, & ro lánsgáil luirecha & cathbarraide (?) áille óraidhe, & ro roind cuirp caema cneisgela curad, & rogab dóib mar sin re h-edh condrochradur sochaidi díb {page 373a} leis, & ro impo uatha
5] iarsin, & dochúaid ina daingen, & is gairid robúi ann intan rogairset na slúaig arís ina timcell, & ro éirig Núada chuca san & tuc fobairt n-díchra n-dána forra gur chuir ina corraitib & ina slaetaeb secmarbha dochum láir & lántalman iat, & robúi amlaid sin ac tréntrasgairt noco tánic medhón
10] lae do ló.

25

Is annsin rochinn Núada comuirle cróda cosgartach, & dorad a briathra ris coná fillfad ona sluagaib noco cuiredh ina longaib iat no26 co taotais uili lais noco taot-san leo-san, & dorat a agaid forra iarum, & romuid sruthmaidm siublach
15] sechránach forro a cenn rígráith Lochlann airm a m-bui múr & daingen dífhoghlaidthi acu im airdríg Lochlann, & rolen


p.239

Núada a n-dorusbél in múir iad, & robúi aca n-díthlaithriug rompo & ina n-diaig & da gach taoib díb & dorat leó[nta] & letrad & láncombrugud forro, conach rabi conair theithimh élaighthi acu. & nír cían dó forsan dásacht sin antan
5] rochonairc in t-áonóclaoch mór ina dochum, & rofill a glún ina fhiadnaise & roiarr anacol fair.

26

& rofiarfaig Núada a scéla, & ro indis dó curab do shlicht Éremóin mic Míled dó .i. do lár chógid Genaind, & cur' gab báidhbraith ris a rí sen é, & co tibred a lá bágha
10] lais, & rofhaom Núada sin, & adbert iarum fri Núada in múr do dúnad forra & na dorsi do daingniugud & cin aon nech díb do léigen amach noco fágbad a breth féin uatha.

27

Atracht Núada iarum, & ro lín na dorsi do chairgib cenngarba & do líagaib lánmhóra & do sabhaib sonairti do
15] shonnaib sármóra sleslethna, conach rabé isin múr inad bud daingni dífoglaigthi oldás na dorrsi.

28

Doráid Núada iarum frisin óclach mór eolus do


p.240

dénum dó for amus luingi mic ríg Lochlann, & doróne in t-óclach in t-eolus sin dó, & dochuatar indti, & rob imda tra ilimad maithiisa indti, eter ór & arget, eter arm & édedh, eter lecaib lógmaraib archena, & rochaithsit a lórdo[e]thain bídh &
5] lenna indti, & rotuilsit inti in aidchi sin co {MS page 373b} críchuib na maidne mochshoillsi iarnamárach, & dochuadar dochum in t-sluaig iarsin, & robádar ag forbaisi forra & aga n-agallam, & rogab tart adbul & uiresbaid bídh & lenna iat, & robádar fir gonta ledarta acu & iat re fuinechtaibh fannbáis, & fochtuid
10] do Núada.
‘A gille’, ar siad, ‘inn gabaid coma no cert uainn? & dar ar m-bréithir robad ferr linn bás d' imirt forainn 'nás beith isin cumgach sa.’
‘Giabud-sa coma uaib’, ar Núada, ‘& tabraid dam hí.’

15] ‘Dogébuir gach ni bus áil let’, ar síat.
‘A fuil d' ór & d' innmusaibh & do maithusib aguib in bar tír do thabairt damsa uaibh.’

p.241

‘Dogébair co gébair co léir’, ar siat.
‘Dá n-deair27 ín bar tír’, ar sé, ‘tabraid sin dam, & mina decar bidh aguib féin.’ ‘Dogébair-si sin’, ar siat.

5] ‘& lestair & longa gachar' marbus dar muindtir do thabairt dam guna fuil do maith innta d' arm & d' éided innta do thabairt dam.’
‘Dogébair-si sin’, ar siat, ‘& dogébtha ní bud mó dá sírtha.’

29


10] O ronaisc Núada a cunnrad ar na Loclannachaib dolig amach iat & nír' anadar noco n-dechadar ina longaibh, & rothógbatar a seola iarsin, & roascnamatar in muir reompo iar n-dímbuaid coscair dóib lán do mertin & do míclú.

30

[I]mthús Núada dá n-éisi didiu, dochuaidh a luing
15] mic rí[g] Lochlann, & a fer muinntire maraon ris, & docuiritar amach hí & roshuid Núada ar ses mór medónach na luingi, &


p.242

rogab rám in gach láim dó, & dorat luathgrésacht n-imruma uirre o thír na n-Érind.
‘Rachum’, ol a fher muintiri ris.
‘Ni ba h-edh don chur-sa’, ol Núada, ‘acht cena mad áil
5] duitisi cuirfed a n-Érinn tú.’
‘Ni h-áil autem,’ ol sesium, ‘uair is tusa lenfad céin bam beo’, & dochuatar amach iarum for drumchla na28 bóchna, & atbert in láid ann:
    1. Aenfer im cumaind innocht
      10] sirfet leis o port co port
      Éirin ocus Albain amuig
      in degaid gach allmaraich,
    2. {MS page 374a}
    3. 'Mon m-bréig roli orm Uaíne
      ro h-indarbad mhé uaithi i cian
      15] ingen ríg Loigen, dar línn,
      nach léic m' agaid a n-Érinn.

    4. p.243

    5. Co finntar in brég nó 'n fír,
      mar tuc mise a ma mígním
      ní manfhaicfeasa in ben
      roordaig mhé ocus aenfer.
    6. Aenfer.

31


5] Dála fer n-Érenn iarsin, o d' chonncadur na catha ruagha romóra sin do thairmesc, ba deimin leo is marb robui Núada, & ba mana dogra & toirsi doibsin sin, & Rob ingnad leo in doiri seolchrann fírmór atconncadar, & in loinges do dul uaithib, & ní fetatar ca h-innell robái forro, & robátar ann an aidhchi
10] sin co tánic lá iarnamárach, & atconcadar braineoin & badba & ethaidi aeóir co h-imda ag laidi arna corpaib caema cnesgeala thall isinn indsi ar borduibh na long.
‘Is deimhin linn’, ar siat, ‘nach fuil duine isinn indsi ná isna longuib úd intan atáit na h-eoin & na h-ethaidi út
15] innti, & éirgter bhuain isna curcaib beca fuilet againn d' fis na h-indsi.’

32

& dorigned leo amlaid sin & dochuadar d' fis na h-indsi


p.244

& ro shirset í, & fuaradar na h-ára móra & na colla cróderga, & ní fuaradar duine beo innti ná isna longaib, & o nach fuaradar tángadur d' innsaigi na long & dorugadur mórán díbh leo amach fon muir a n-degaig in t-sluaigh móir, & ro innsedar
5] dóib mar robui inn innis.
‘Rachmaid-ni dó fis tra’, ar siat. Roéirgedar tra & dochuadur isna longaib & dogabadar cuán & caladport na h-indsi.
‘Scáilter lib tra festa ar fud na h-indsi, & sirther lib hí’,
10] ar ríg Érenn ‘& innté doroigne na gníma-sa .i. mo mac-sa, & rofhedar cena, is imda ledartha & cuirp tholla annso uadha & dom dóig ní mairenn sé’, & rochan an láid ann:
    1. Imda échta mo mic
      dogénad maith co minic,
      dursun má thorchair sunn ann
      ga romarb maithi Lochlann.

    2. p.245

    3. Gebid bar láim a n-arma,
      gebidh umaib a fadba,
      co findum cia {MS page 374b} bus lía sin
      ná ar thoit leis da n-échtoib.
    4. Sirim an t-ár dó budéin
      5] do Nuada, ba maith an céill,
      co m-berim linn é don Brugh
      ann is coír a annlucud.
    5. Sirid sin, a maca ríg,
      10] finntar lib caidhi a díl,
      laím risna portaib si[n]na(?)
      a fuil mór corp co h-imda.
    6. Imdha.

33

Roérgedur cách iarsin, & dochuadur fón indsi, & do siredar na h-ára co mín, & ro impodar curpu caema curadh
15] co h-imdha aga iaraid, & fuaradar mac ríg Lochlann iarna marbad, & roglacadar a cétóir é, & adubradar: ‘Is é so Núada atámaid-ni d'íaraid’, & atbert arale nár'b é. Roimpuighter


p.246

in corp iarum & fuar[a]tar cris maic rígh Érenn & a inar suaircech sróllda ime, & ba deimin leo iarsin curb é Núada robúi ann, & ránic in scél sin ríg Érenn.

34

& tánic in rí co maithib Érenn imbe os cinn in cuirp,
5] & ro nuallsat na sluaig trí grodgartha greannmara osa cind, & robad ferr leo leth fer n-Érenn do marbad ína Núada ina áonar.

35

Is annsin adubairt ríg Érenn: ‘Féchaid dúinn’, ar sé, ‘cíasa lia atámaid beo annso ná' n lín romarb mo mac
10] dona Lochlannachaib, & dar lem, atá formór fer n-Érenn annso uli.’ & dorónsad amlaid sin, & ní mó ná leth oired a roibi marb ann robádar fir Érenn béo le roméd in áir.
‘Mór in cosgar láime aonduine sin, a ógo’, ar rí Érenn, ‘& roinnter edraib na longa gu cóir & co cert amal doroindebur
15] na h-airm & in t-édach, & tógthar mo mac-sa lib cusin m-Brug m-brecsholus os Bóinn noco curthar fo chluid talman ann é,


p.247

& érgid na sluaig timchill leisna longaib, & rachads[a] aráon le mo mac’, & dorónad samlaid.

36

& rofágsat inn insi iarum, & rugsat in corp leo co faidhchi in Broga, & dorángatar na scéla sin co Temraig &
5] fo Érinn archena, & rothineoiletar cách as gach n-aird cuigi co Brug na Bóinne, & doriacht autem aoningen dobúi ac ríg Érenn .i. derbhshíur Núada & tánic foctoir & rogab cenn Núada a {MS page 375a} ina h-ucht & dorinde toirrsi mórthrom uime co truaghneimelach & robúi ag atach rí Érenn & fer n-Érenn
10] uili uma h-adhlacadh féin maraon ris.

37

Is annsin roclaidhedh fert fodmuidhe don macamh & docuiredh fo támh é iarsin, & taínicc an ríg ar mullach an ferta & rogab ar thoirrsi do dénum. & Is ed roráidh: ‘Truag dúinde sin, a mhic’, ar se, ‘& táinicc ar n-aininne & ar n-uabur
15] ris intí is a fert so’, & adubairt an láid ann: [...]


p.248

38

Asa h-aithli sin doscáiledur fir Érenn dá n-dúinte & dá n-deghbailtib, & docuaidh rí Érenn co Temraidh, & a ingen faraon ris, & dobádur co dubach domenmnach.

39

Is annsin tángadur fir Érenn d' innsaighi an rígh &
5] doráidhset ris: an ben tucc, fodera in t-olc mór sin do dénum, do chur uadha. ‘Ní cuiredh’, ar sé, ‘óir ní bía esbaid mo mná & mu maic oram’, & roéitigh iat fana cur uadha.
A n-iumthúsa conuigi sin.

40

Imthúsa Núada, vero, mar docuaidh ar seolaidius
10] risin-abar Danmarg, & mar dochuaidh isin Esbainne, & mar domarbh an dechnebar ar .xx. cét, & mar dorinde comhrucc na mórríg & na n-amus, & mar dothuc ingin Eolairg .i. ingen rígh Danmarg & mar dochuaidh isin n-Almain, & mar dogab Polus mac Polais ríg Almaine & a .x. meic .xx. do marbad
15] acht aonmac, & mar rogab ardchennus aran Almaine iarsin.

41

& Dofuagair iarsin dá sluaghaibh tinól docum na


p.249

fairrgi & rígh Rómán leis, & roghialladar uile do-son conuigi a thech isinn Almaine, & tugsad ríghi dó, & dorug-san leis an t-shocraidi sin uile isin Espain, & nír' leig rí Espainne innte é acht tánicc ina aigid, & tuc giallad dó. Et tug sluaigedh a
5] cinn bliadna leis d' innsaighi Érenn, & tánic rígh Érenn co port do giallad dó, condubairt er29: ‘Noco roibhi a fis againd {MS page 375b} cia bus airdrígh aguib ní tiubram gialla díb’, & adubradur a roibhi do ríghaib: ‘Is uathad againne nech aca fuil a fis’, ar siad.

10] ‘Dogénsa féin mo sloinnedh díbh’, ar Núada, ‘& indeosad mo sgéla fíre díbh’, co n-dubairt: ‘Is mé Nuada Finn Feimin & rofhágas Éirind dom athair’, & ro innis a scéla o thús co deredh & táinicc a n-Érinn iarsin, & rob ingnath le feruibh Érenn an scél sin, & rofháiltigh cach roime, & robádar na
15] crícha sin rogab-san a los a neirt & a láthair &30 ag freagra do-san, & rogab ríghi ar sin.

Fin. i. d. amen.