Rí uassal ornighe rogabh ríghe Chóigidh Ghenuind .i. Giallchad mac Oililla Éolcháin, & is amlaid robúi in rí sin & aonbhráthair aigi & aonmac. Ailill didiu ainm in bráthar, & Núadha ainm in maic. Torchair autem bráthair in ríg
5]
frissna .ix. Conaibh a n-Irrus Domhnann d'iarsma Fer m-bolc, & torchair didiu in mac frisna .vii. nDonnaib di Chó[i]ged Galeoin. Fogluidhe & díbergaich uili iad-side, & bá rígh Érenn ind tan sin Edhleme mac Conrach di shíl Émhir.
Imthús Giallchaid dano, rob cumthach torsiuch é d'éis a maic & a bráthar, & is í bá banchéli don rígh sidhe .i. Eithne ingen Dáre maic Fergusa, rí Ulad. Dorala autem don ríguin sin gurba torrach hí & dorug mac iarum & doradad
5]
Nuadha d'ainm fair a cuimniuchud an cétmaic.
Atracht autem coccad & inogbáil irghale etir Giallchad & rí Érenn .i. Edleme mac Conrach, & rofiged cath amnus eturra .i. cath Sinna srebhuaine, & atorchair rí Érenn ann la Giallchad mac Ailella, & doradad ár adbul for clannaibh Éimir
10]
uile, & rosráined tar sreib chatha budhess, & ar maidm chatha forra rogab Giallchad ríghe n-Érenn, & doratad fo áenrian smachta dhó hí, & fuair a ngelli iarum, & tuc go Temhraigh íat & dofhessid innte.
Robói didiu do tressi a thigernuis & do thenne a
15]
thabaig (?) connar'-fhuilngetur a bídbaid bunaidh nó ascaruit in ardrígh beith ind Ére cin rochtain dia riarugud co Temraig
Imtúsa inghine rígh Ulad .i. banchéile in ríg, dorala dí gurba, taebhtrom torrach, & tángadar ella idan & bresa brígha d'indsaighi na h-ingine iarsin, & doruc ingin & tuccad Sláine d'ainm fuire. & Robúi máthair na h-ingine co h-uchbadach
10]
eslán, & fuair bás & aigid a cínn tri mís do breith na h-ingine.
Ralágh autem cumha a banchéle for an ríg coma h-écruaid imeslán é, & roerb a aenmac do thabairt ina dochum, coma traothad cuma & ardugud acenta dó é, & a Fhindmagh
15]
Femin rohoiled in mac side do shunnrad conadh aire atberar in foranmach de .i. Nuada Find Feimin & Núada Find Fáil ainm ale dó. O doradad iarum amlaid gusan rígh ronalt a
Roherbad fair iarsin mnái a dingmála do thochmurc. Doráidh autem in rí conárbh aithne dó chéli a dhingnmhála
5]
i n-Ére. Is aithne dhám-sa autem ol arale nech dia mhuintir fris, mnái do dingmála .i. ingen co m-búaidh crotha & ndelba & ndénmusa, n-indsce & urlabra .i. Uane álaind ildelbach ingen Fergusa Fairge rí Lagen.
Tíagair iarum dia tochmurc uadha .i. na .vii. nDuinn,
10]
is iad dochuaid frisna tósca sin, uair ba derbhshiur dhóibh ronalt hí, & rochuingetar for rígh Laigin a ingin do banchéle do airdrígh Érenn, & rofaomad dóibh í, & dorónad a cuir & a tennta imdála na h-ingine iarsin, & doratsad leo co Temhraig í iardain co n-imad n-óir & n-indmhusa lé, & búi a buime ina
15]
coimidecht .i. derbhsiur na nDonn, & dorónadh fledh bhannsi dhoibh iarum, & rodílead dámh scola Érenn.
Rodergedh autem imdhaigh in rígh, & roluidh in rí & an óigríghan & Núada a mac & buime na h-ingine {MS page 365a} [...] robádar mar sin re h-athaid imchéin, & rográdhaig tra in rí & in ingin a chéile, & robúi sí fo míad & fo mhaisi aigi, &
5]
ní dechaid Nuada a h-aonlebaid ríu frisin ré sin. Áon aeís don ingin do Nuada.
Doluidhedh Nuada re taeb a athar fecht ann & fecht ele re taeb na h-ingine.
Rofhás & rofhorbreastair an ingen conach roibi do
10]
rígnaib na cruinne aonben ba ferr cuma & caomdénum inás. Rofhás & rofhorbair Nuada conách rabe i n-Érinn a innsamail ar cruth ar deilb ar dénum, ar mét, ar marcdacht, ar nós, ar nert, ar nídechus. Uair in feidm rothógad-san ara gualainn ní fuigthí a Temraig nech dobered gáoth eter hé & lár, &
15]
doshínedh dá mér medhóin glac des gach láich a Temraig.
Rofhás a allud & a oirrdercus iarsin, & is edh aderdís cách uili gurb é Nuada aonfher rob uille nert a n-Érinn ina réimhes.
O 'dchuala tra buime na h-ingine sin, ised adbert: Bid olc dam-sa in nert úd Núada, ar sí, uair muirbhfidh sé mo shecht n-derbráithri a cinta a bráthar do thorchair léo-sun, & adbélsa dia cumaid iarum. & Rosmuáin cínnus
5]
dofhétfad a miscais & a mórfhuath do thabairt 'ma athair, & IS é ní tánicc d'innsaigi ingine ríg Loigen, & is ed roráid ria: A ingen, ar sí, gid maith in céile aga fuilid-si, ni cubaid & ní comaeis rit hé, acht bud cúibdi & bud cosmaile frit mac óg áluind ilcrothach úd fuil aigi .i. Nuada nertmar.
10] Écóir ámh in ní ráidhid, bar in ingen, uair gid misi do fhaomad sin ní dingénadh Nuada, & roba égóra damsa a dénum uair is maith in céile aga-dú & ní cubaid ris a aimles do dénum.
Robúi {MS page 365b} an m-bhuime bliadain comlán ag
15]
sírguidi na h-ingine amlaid sin do Nuada, & a cinn na bliadna rofhaem toil a buime do dénum.
Aroili laithi a cinn na bliadna sin rogab Nuada
10] Imthús na h-ingine & a buime, & robátar ac sírguide Núadat do choiblide frisin ríguin, & rodiult iad Nuada iarum, & issed roráid nach tíbred maslá dia athair & míchlú dó bhudhéin dia tucthar ór na cruinne dó dia chinn.
Is annsa n-inbaid sin beos dorónad fess Temrach do
15] uaislib Érenn lasin énrígh, & iar tóchaithem na flede sin is ann dorala don ríguin & dia buime dul a n-orecul uáignis
[ingen]
- Núada anocht 'comm obud-sa
5] ocus m' fhágbáil dó am aenar,
fan scél (?)1 n-ádbul n-ogla-sa
is de thicfus a shaegul.[Núada]
- A ingen rígh Galieoin glain
na tàcair ní bus baegul,
in dáil itái d'imrádugud,
ní dingén hí rem shaegul.[ingen]
- Ní gním cubaid comaisi
serc2 do thabairt do midláich
& mo beith agi ina deis
'sgan mo breith leis 'na imdaid.
- Do charusa thú anosa
{MS page 366a}
tarcend t'athar, a Núada.
nach truad lat-sa in cor-sa,
atá orum-sa uada.- Ni milled in comhdaltus
ro h-oiled ind co h-uasal.
Ní ba cían a comfocus
(tusa ocus misi Nuada.Nuadha.
O'd-chuala in ingen sin roíad a dá láim fa Nuada &
10]
rofhóbuir a trasgairt, & rofritháil Nuada sin, & tug tulgán n-angbaid n-allata uada indti gu tarrla a taebh fri lár, & do luíd uaithi iarsin asin tig amach.
Rogab roime ó Themhraig gach andírech.
Atpert in m-buime: Dar líum rofhágaib in gilla fo dímíad thú, a ingen, ar sí, &
15] dígail fair hé. Créd in dígail fuil agum-sa fair? ar an ingen. Adubairt in m-buime:
sgáil in folt fada forórda fuil imud chenn, & tabair fuil &
5] Tánic in rí iarsin & dochunnuic airgena bróin for gnúis na h-ingeine, & rofhiarfaig a fochuin. Atpert in rígan:
do mac borb baethbriathrach-sa risin m-bliadain-si an all 'gum guidi, & o nár'-faemus sin m'éigníugud dó & th'einech-sa do milliud.
10]
Brég in gním aderid, a ingen! bar in rí.
Is mar sin bís mílid maslach mítreorach nach tualaing a olc na h-ercoid do dígail, bar in ingen.
Is annsin dorocht ferg lonnaidi ádbulmór isin rig, & tángadar na trí borbtonna dó .i. tonn fergi & tonn éoid &
15]
[tonn] ainmfesa, ro greasacht na m-ban fair. Roéirig amach iarsin & doluid istech a m-búi a theglach, & adubairt friú:
- Érgid, a sluada Temra,
marbaid mac bur tigerna,
ní tarla dó gním célle
mo chrád-sa fám banchéle.- 10] Mór in gním fodera deit
ar cur do marbad h'aen meic,3.
uair atái gan mac eli
let ba h-adbar h-aithrighi.- Nách cluintigi misi aga rádh
15] na lecar é co h-imlán;
ní díbsi bud fingal sin
indsaigid4 é & érgid.E.
Atracht in sluad iarum la forchongra in rí[g] & rogabatar a n-armu tailci trénmóra, & tángatar a Temraig
buddess andiaid Núada. O' dconnairc Núada na sluaidh a gabáil a n-arm, ro impo for cúla docum a arm, & tarla nech
5]
dó, & rofiarfaig scéla de, & roindis dó, curab dia márbad-san & dia mu[du]gud-san robátar cach a coitcindi. Is truad in gním atbeir, a óclaig, ol Núada, & créd5 ima fhilid dam?
Ní fitir misi sin, ol in t-óclach.
Tánic Núada dochum a arm & rogab iat, & rofágaib
10]
in bali bhóthuaid. O' tchonncatar clanna Ír & Émir é-side rogress cách a chéli díb, & rochuimnisit a senfolta, & nuafolta do Núada, uair nír mair do shlicht Éremóin damna ríg nó rure rob fherr oldás Núada. Bá dubach domenmnach clanna Érimóin & lucht chóigid Genuind desidé & roluidh Nuada
15]
a mnuinighin a dedretha6 a Temraig co riacht co h-imilbord
na Bónne, conách ruc nech díb fair. Rorucsat trí nónbair díbh
Scéla in ríg autem. Rogreiss ina fuair do shlógaib
10]
a Temraig uli indiaid Núada, & tarlatar na .vii. nDuinn & na nái Coin dó & cét fer n-armach a cach aenech díb (?) & rogreis iat & rofuláir forra Núada do marbad, & roindis dóib sárugud na rígna {MS page 367d} dó, & is cóir díb-si m' einech-sa do dígailt. & dochuadur uili iarum indíaigh Núada.
15] Tángatur vero in triar doluid isin comrug co faitchi
Dála Núada autem, nír lámsad ní dó ná buain ris acht mína benad catha nó céta ris an áeinecht, & rogab roime iarsin o Inber na Bóinde bánshoillsi, & ised doluid do Dumha na Macraide risi n-abar Echann, & do Cathair Tibrini risi
10]
n-abar Cenanntus na ríg innosa, & d' Finnabuind bó Gúaire risi ráiter Mana, & do Loch Láogaire fothuaigh, & a Sliab n-Dee, risi n-abar Sliab n-Gúaire. & ba Díairmid a n-drochchair leis dona sluagaib conuigi sin, & tángatar dronga imda uada co leonta ledartha co Temraig.
15] & roérig rí Érenn féin & rogabad a eich dó, & do
hinnled a charbad, & tánic a n-iarmóracht a meic9 & fir Érenn maráon ris.
Dála Nuada autem, doránícc roimhe iarsin tar Sruthanaib na Feaba i Crích etir da Abuind & i Findmag n-Gabra & tar Senabainn risi ráiter Abann na Manach, & do Duma mac Éiremóin ris n-abar Cnuca, & i Senmag n-Ogla
5]
Fígda & a n-Duibglenn risi n-abar Glend dorcha, & robádar na sluaig roime & na diaíg & do gach taeb de assin do10 Dubais, & tuc a aigid ar Mag Ítha maic Breogain.
Is ann sin dorugastar na .ix. Coin cona, .ix. cétaib
fair. Is calma sin, a Núada, ar siad, is imda laeich
10]
lánmarba & sluaig leonta ledartha {MS page 367b} ó'n raonruathar tucais ó Temraig. Dar mo chubus, ar Núada, is mar sin romothaigius a mírún umum, ar sé, & ni fedar créd ma fuilid damh. A mór adbar, ar siad, .i. ben t'athar do shárugud duit. Dar mo chubus ámh, ar Núada, ní comlunn
15]
meic iar coll fergi a athar doróinesa coró so, & is brég
An daemthái fír comhluind damh? ol Nuada. Ní fírindi mar nech démhthar, ar siat, & dobérthar duit-si sin.
N.
- A Chona, cidh tathái dam
10] ac athdúsgad bar faladh
ge romarbsabair Art oll
oruib ní riarus comlonn.Na Coin
- A Nuadha, na h-abair-si soin
congním cosgar is crúadhghoin
nocha lécfem dar n-deóin
tú amlaidh le da mórthréoir.N.
- Aderim-si rib-si dhe
ocus is í in rádh fíre
5] co fúicedh sibh gan rath
da sáiti orum a Chona.A.
Roérig fer díb cuigi acétóir, & dorónsad comlonn
10]
cruaidh cruata, & a forcenn in comruig dorad Núada béim dó gurben a cenn co trian a scéith chendfhada comdhualaig don béim sin de.
Dar mo bréithir ámh, ar síad, is amra in gním maic òig nemulchaigh sin! ar síat.
15]
Rachud-sa ina dháil, ar fer ele díb, & intan dobérsa scíath re scíath dó, tégad nónmar aguibh-si a n-aonfhecht ina dháil, & tabraid sleigh gacha fir tríd, & toitfid samlaid.
Cidh tra acht tánic in fer sin indocum & dorat scíath re scíath dó, & atrachtsat nónmar dia muinntir maraen riss, & dorónsat comrac fichda forníata, dána discir deththapaid, & i forcend in comraic atorchair in fer sin cona
5]
muinntir do láim Núada, & atrachtsat días ale dib acétóir, & issed itpertsat: rachmaid-ne & dá naonmar lind ina dáil, & día tuitfem lais don chur-sa érge-si uili chugi, & dénaid guin galann de, & dorónsat in días sin iarum comrac calma curata fri h-athaid fada, & a da nónmar maraon friu, frí Núada, &
10]
adocradar la Núada cin fuiliugud, cin fordergad air féin.
Atracht autem días ale dib co trichait laoch la cach fír, & ro diúraicsit a n-áinfecht é, & rogairsit imme for cach leth, & rofritháil Núada iat co nertmar naimdidi, & co calma curata & co fíchda forníata, co torcratar uili a forcind in
15]
comruic sin la Núada.
Cid fil ann, autem, atrachtsat uli na sluaid archena dá innsaigi & rogáiredur de do gach leth, & muidig Núada futha san mar luas fhaindile nó ferbi nó iarainde, & roluathaig a láma & robrostaigh na béimenna bráthamla, roruithnigh &
5]
roderg a gnúis connach fétadh nech beith a n-urcomair a aidchi re treisi roimir arna sluagaibh, & an fer doberedh forguin no builli ar amus Núada is ed dochuiredú isin fer ba nesa dá muindtir féin, gur marbsad sochaidi díbh amlaid sin, & dorigne Núada slighi lethan lánmór eturra iarsin, &
10]
rothanaid iat, & ro timsaig arís íat, & gidh teithed bud loinn leo nír'-lámsad la Núada, & robui aga caithem do gach leth.
Cid tra acht, a bail i rabadur na .ix. Coín irgaile cona .ix. cétuib maráon riu ní terna duine a m-bethaid o Núada díb acht mina dechaid fer do rind gona nó builli, conadh
15]
Glenn na Con fos ainm in inaid sin a n-drochrudar dá éisi sin, & roterno Núada uatha-san gan fuiliugud gan fordergad fair,
Imthúsa an rígh autem, rourmais sé & rígraid Érenn
uime isin glenn i rabadar na Coin, & robud ferr le rí Érenn
5]
cenn a mic d' fhágháil ann sin ná cosgar na Con.
Is airslech curad so, ar maithi fer n-Érenn, & is lámach láich so, ar siat.
Dála Núada iarsin, is ed dorala é i bail a robadur na secht11 n-Duind cona secht12 cétaib maráon ríu, & iad ar n-dul
10]
dá iarraid & doraladur san na cenn mar sin. Is dergruathar {MS page 368b} curadh & cathmiled sin, a Núada, ar síad, & is sochaidi dh' fheruib Érenn adrochair let.
Is amlaid sin bís nech forfírinne, bar Núada, & ráon roime ar gach leth.
15]
A ghille, ar siat, mas ar fhírinde atái, an acainne & tabair taob ret' athair.
& gé roleicsedur na Coin uatha thú ní léicfium-ne.
- A mic an ríg, is gér na gluind
tucad let-sa fo Liatruim
i drochradar let gan cleith
imud sluag is sochaide.- Amlaid bís laech leidmech luath
re cath curad ocus sluag
gidh sochaidi dáib uime
ó bís féin for fírinde13.- Nocha n-ed fodera sin,
acht rotréicsidur na Coin
éinech ríg na Temra
duid-si a mic, a tigerna.- Dá m-bérdis orm na fir
na coinnli sin in gaiscid
5] ní ba déoin co brách don dréim
mo beith os cách re ceitheirn.- Gé rotréicsedar na fir
éinech rígh Érenn échtaigh
nocho tréicem-ne 'sin gleic
10] is tusa rotbath a meic.A mic.
Is annsin do éirgedur-san & do chuiridar an14 Donn
15]
dona Donnaib chuigi, & rofersad comlunn cródha curata re h-edh
Is ann roéirgid an dara Donn dibh cona muindtir &
10]
rocomruicsiat re Núada, & torcair an Donn sin cona cét leis. As a h-aithle sin autem, roéirgedur dias ele díb cona dá cétaib cuigi, & dorónsad comrac mermennach & torcair an dá cét-sin cona tríath.
Roéirgidar tri Duind cuigi cona trí cétaib, & dothoitidar
15]
sin le Núada gan éladach betha dotérno díb.
Cid trácht, nír'-térno duine 'na bethaid dona secht
5] Is annsin doriacht in rí co h-airm a robadur na Duinn iarna marbad, & dochunncadur in t-ár adbulmór & na colla cróderga.
Dar ar m-bréithir, ar maithi fer n-Érenn, ní derna inté dorínne in t-ár so, in gním docuired air, & as fírinde adeir
10]
sé ag diultad in mígníma docuired air.
Gid edh, ar in rígh, is é a lenmuin do dénum, & robui a[g] greasacht in t-sluaig a n-diaigh Núada & roslenadur
é co dúr & co díchra, & dolethadur do gach taebh de.
O dochunnaicc Núada ímud na sluag & na cathbarr
15]
ina timcell, dogluais roime co dían dásachtach ina réim roretha & dogab roime gach an dírech tri Uachtar m-Bera, & lámh clé risin sruth sribuaine noco16 ráinic gusan fairrgi, & tuc a taeb
5] & doránic in rí cona sluaghaib co h-ímell in mara & co port na h-indsi, & is ed adubairt: Ni ba termann duit-si sin, a Nuada, ar sé, & doberthar longa lánmóra & bárca bronnfhairsinge & lestair imda lem-sa isin n-indsi úd, & muirbfidter an mac máilisech ugud .i. Núada, lem, & dogéntar
10]
guin galann de.
Dála Núada, ó ráinic isin n-indsi robúi se sgíthach anmann ocurach, & ba fada in raen táinic conuigi sin & an conair a táinic isin n-indsi. Doconnuic ailbín adbulmór do mucuib & do t-sesgach, & robúi soine n-dáim romóir forra, &
15]
tuc urchor dírech dóingabala don dam sin gurba cros trít, & ros-marbh iarsin, & rochoscair, & dorinde both n-daigin n-úrglais, & rofhulacht in dam, & rochaith a lórdaethain de. & dochuir
Imthús drúad rígh Érenn .i. Diuburtach dráid, do
5]
foillsiged dó in gním sin mar dorindedh é & mar docuiredh in lítechus bréigi sin for Núada, & táinic roime budhthuaidh a n-diaigh rígh Érenn & a meic o Themraig co ránic co port na h-indsi a roib rí Érenn guna sluagaib ac forbáis ara mac & é ag íar[r]aid long & ethar do dul aran indsi do marbad a
10]
maic, & o ráinic in dráig co láthair rofhiarfaig don rí créd dob áil leis do dhénum. Adubairt in rí: Dob áil lium bárca bronnfairsingi & longa luchtmura do breith isin n-indsi ugud, & Núada do marbad.
Dar mo bréithir ámh, ar an dráig gidh ímdha sluaig marba aníu o Núada is lía néll troch &
15]
fordergadh fola os cinn na h-indsi úd a fuil-sin anuis na sin. & Nuada nertmar a áinm, ar se, & ni táinic do shíl Éirimóin
- Nuada nertmar maith a máin
mac meic Aililla Ólcáin,
5] mílid Eorpa dar gíall gal
is garbthon[n] bruiti bidhbad.- An leoman lonn gusin [n]eim,
in trén osna trénferaib
sciath na Fodhla nach fann ferg
10] biathaidh bran is badb béilderg.- Mac Giallchada is mór a g[l]uind
arar-líeadh Uaine áluind
ar ingin r
[gap: extent: two syllables]
co h-áin
ar mnái Giallchada glecmair.- 15] Miscais le buime na mná
in mac sin, mac Gíallchada
'man caingin nachar' fhír di
acht gerb inmuin le h-Uaine.
- Ceithri rí[g] déc ochtmódod co m-bloid
do chloind maic Giallchada, rechtmair17
giabus Temair guna smacht,
do clannaib maithi Nuadad.- 5] Docum Uaine an scél18 ar sin
gur gabad hí ar ecin
rogab éd in rí co racht
gurba béimnech do Nuadad.U.
- Torcuir na secht n-Duind co dían
10] is na .ix. Coin ar aonrían
sluag adbul[mór], nír gním lag,
do thoitedar le Nuadad.N.
[gap: extent: to end of MS page]