Electronic edition compiled by Beatrix Färber
Funded by University College, Cork
1. First draft.
Extent of text: 9960 words
Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G300013
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only. The electronic edition was prepared with kind permission of the copyright holder.
CELT: Corpus of Electronic Texts
Text has been proof-read twice.
The electronic text represents the edited text. Editorial foot- and endnotes are included. Text supplied by the editor is tagged sup resp="KML". Gaps in the text are marked, but their exact extent has not been described by the editor. Prefixed m-, n- and h- have been hyphenated off. The editorial practice is not elucidated and its application seems inconsistent at times. However, a collation with the manuscript was not undertaken for the electronic edition.
Direct speech is tagged q.
Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, line-break or milestone (such as a line number or ms page number), this break is marked after the completion of the hyphenated word.
div0=the text; div1=the section, div2=the subsection; stanzas are marked lg. Paragraphs are marked p.
Personal names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles. A selection of place-names is tagged.
This text uses the DIV1 element to represent the section.
Created: By unknown Irish scribe(s) (Before 14th century)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (text capture)
Rí uassal ornighe rogabh ríghe Chóigidh Ghenuind .i. Giallchad mac Oililla Éolcháin, & is amlaid robúi in rí sin & aonbhráthair aigi & aonmac. Ailill didiu ainm in bráthar, & Núadha ainm in maic. Torchair autem bráthair in ríg
5]
frissna .ix. Conaibh a n-Irrus Domhnann d'iarsma Fer m-bolc, & torchair didiu in mac frisna .vii. nDonnaib di Chó[i]ged Galeoin. Fogluidhe & díbergaich uili iad-side, & bá rígh Érenn ind tan sin Edhleme mac Conrach di shíl Émhir.
Imthús Giallchaid dano, rob cumthach torsiuch é d'éis a maic & a bráthar, & is í bá banchéli don rígh sidhe .i. Eithne ingen Dáre maic Fergusa, rí Ulad. Dorala autem don ríguin sin gurba torrach hí & dorug mac iarum & doradad
5]
Nuadha d'ainm fair a cuimniuchud an cétmaic.
Atracht autem coccad & inogbáil irghale etir Giallchad & rí Érenn .i. Edleme mac Conrach, & rofiged cath amnus eturra .i. cath Sinna srebhuaine, & atorchair rí Érenn ann la Giallchad mac Ailella, & doradad ár adbul for clannaibh Éimir
10]
uile, & rosráined tar sreib chatha budhess, & ar maidm chatha forra rogab Giallchad ríghe n-Érenn, & doratad fo áenrian smachta dhó hí, & fuair a ngelli iarum, & tuc go Temhraigh íat & dofhessid innte.
Robói didiu do tressi a thigernuis & do thenne a
15]
thabaig (?) connar'-fhuilngetur a bídbaid bunaidh nó ascaruit in ardrígh beith ind Ére cin rochtain dia riarugud co Temraig
Imtúsa inghine rígh Ulad .i. banchéile in ríg, dorala dí gurba, taebhtrom torrach, & tángadar ella idan & bresa brígha d'indsaighi na h-ingine iarsin, & doruc ingin & tuccad Sláine d'ainm fuire. & Robúi máthair na h-ingine co h-uchbadach
10]
eslán, & fuair bás & aigid a cínn tri mís do breith na h-ingine.
Ralágh autem cumha a banchéle for an ríg coma h-écruaid imeslán é, & roerb a aenmac do thabairt ina dochum, coma traothad cuma & ardugud acenta dó é, & a Fhindmagh
15]
Femin rohoiled in mac side do shunnrad conadh aire atberar in foranmach de .i. Nuada Find Feimin & Núada Find Fáil ainm ale dó. O doradad iarum amlaid gusan rígh ronalt a
Roherbad fair iarsin mnái a dingmála do thochmurc. Doráidh autem in rí conárbh aithne dó chéli a dhingnmhála
5]
i n-Ére. Is aithne dhám-sa autem ol arale nech dia mhuintir fris, mnái do dingmála .i. ingen co m-búaidh crotha & ndelba & ndénmusa, n-indsce & urlabra .i. Uane álaind ildelbach ingen Fergusa Fairge rí Lagen.
Tíagair iarum dia tochmurc uadha .i. na .vii. nDuinn,
10]
is iad dochuaid frisna tósca sin, uair ba derbhshiur dhóibh ronalt hí, & rochuingetar for rígh Laigin a ingin do banchéle do airdrígh Érenn, & rofaomad dóibh í, & dorónad a cuir & a tennta imdála na h-ingine iarsin, & doratsad leo co Temhraig í iardain co n-imad n-óir & n-indmhusa lé, & búi a buime ina
15]
coimidecht .i. derbhsiur na nDonn, & dorónadh fledh bhannsi dhoibh iarum, & rodílead dámh scola Érenn.
Rodergedh autem imdhaigh in rígh, & roluidh in rí & an óigríghan & Núada a mac & buime na h-ingine {MS page 365a} [...] robádar mar sin re h-athaid imchéin, & rográdhaig tra in rí & in ingin a chéile, & robúi sí fo míad & fo mhaisi aigi, &
5]
ní dechaid Nuada a h-aonlebaid ríu frisin ré sin. Áon aeís don ingin do Nuada.
Doluidhedh Nuada re taeb a athar fecht ann & fecht ele re taeb na h-ingine.
Rofhás & rofhorbreastair an ingen conach roibi do
10]
rígnaib na cruinne aonben ba ferr cuma & caomdénum inás. Rofhás & rofhorbair Nuada conách rabe i n-Érinn a innsamail ar cruth ar deilb ar dénum, ar mét, ar marcdacht, ar nós, ar nert, ar nídechus. Uair in feidm rothógad-san ara gualainn ní fuigthí a Temraig nech dobered gáoth eter hé & lár, &
15]
doshínedh dá mér medhóin glac des gach láich a Temraig.
Rofhás a allud & a oirrdercus iarsin, & is edh aderdís cách uili gurb é Nuada aonfher rob uille nert a n-Érinn ina réimhes.
O 'dchuala tra buime na h-ingine sin, ised adbert: Bid olc dam-sa in nert úd Núada, ar sí, uair muirbhfidh sé mo shecht n-derbráithri a cinta a bráthar do thorchair léo-sun, & adbélsa dia cumaid iarum. & Rosmuáin cínnus
5]
dofhétfad a miscais & a mórfhuath do thabairt 'ma athair, & IS é ní tánicc d'innsaigi ingine ríg Loigen, & is ed roráid ria: A ingen, ar sí, gid maith in céile aga fuilid-si, ni cubaid & ní comaeis rit hé, acht bud cúibdi & bud cosmaile frit mac óg áluind ilcrothach úd fuil aigi .i. Nuada nertmar.
10] Écóir ámh in ní ráidhid, bar in ingen, uair gid misi do fhaomad sin ní dingénadh Nuada, & roba égóra damsa a dénum uair is maith in céile aga-dú & ní cubaid ris a aimles do dénum.
Robúi {MS page 365b} an m-bhuime bliadain comlán ag
15]
sírguidi na h-ingine amlaid sin do Nuada, & a cinn na bliadna rofhaem toil a buime do dénum.
Aroili laithi a cinn na bliadna sin rogab Nuada
10] Imthús na h-ingine & a buime, & robátar ac sírguide Núadat do choiblide frisin ríguin, & rodiult iad Nuada iarum, & issed roráid nach tíbred maslá dia athair & míchlú dó bhudhéin dia tucthar ór na cruinne dó dia chinn.
Is annsa n-inbaid sin beos dorónad fess Temrach do
15] uaislib Érenn lasin énrígh, & iar tóchaithem na flede sin is ann dorala don ríguin & dia buime dul a n-orecul uáignis
[ingen]
- Núada anocht 'comm obud-sa
5] ocus m' fhágbáil dó am aenar,
fan scél (?)1 n-ádbul n-ogla-sa
is de thicfus a shaegul.[Núada]
- A ingen rígh Galieoin glain
na tàcair ní bus baegul,
in dáil itái d'imrádugud,
ní dingén hí rem shaegul.[ingen]
- Ní gním cubaid comaisi
serc2 do thabairt do midláich
& mo beith agi ina deis
'sgan mo breith leis 'na imdaid.
- Do charusa thú anosa
{MS page 366a}
tarcend t'athar, a Núada.
nach truad lat-sa in cor-sa,
atá orum-sa uada.- Ni milled in comhdaltus
ro h-oiled ind co h-uasal.
Ní ba cían a comfocus
(tusa ocus misi Nuada.Nuadha.
O'd-chuala in ingen sin roíad a dá láim fa Nuada &
10]
rofhóbuir a trasgairt, & rofritháil Nuada sin, & tug tulgán n-angbaid n-allata uada indti gu tarrla a taebh fri lár, & do luíd uaithi iarsin asin tig amach.
Rogab roime ó Themhraig gach andírech.
Atpert in m-buime: Dar líum rofhágaib in gilla fo dímíad thú, a ingen, ar sí, &
15] dígail fair hé. Créd in dígail fuil agum-sa fair? ar an ingen. Adubairt in m-buime:
sgáil in folt fada forórda fuil imud chenn, & tabair fuil &
5] Tánic in rí iarsin & dochunnuic airgena bróin for gnúis na h-ingeine, & rofhiarfaig a fochuin. Atpert in rígan:
do mac borb baethbriathrach-sa risin m-bliadain-si an all 'gum guidi, & o nár'-faemus sin m'éigníugud dó & th'einech-sa do milliud.
10]
Brég in gním aderid, a ingen! bar in rí.
Is mar sin bís mílid maslach mítreorach nach tualaing a olc na h-ercoid do dígail, bar in ingen.
Is annsin dorocht ferg lonnaidi ádbulmór isin rig, & tángadar na trí borbtonna dó .i. tonn fergi & tonn éoid &
15]
[tonn] ainmfesa, ro greasacht na m-ban fair. Roéirig amach iarsin & doluid istech a m-búi a theglach, & adubairt friú:
- Érgid, a sluada Temra,
marbaid mac bur tigerna,
ní tarla dó gním célle
mo chrád-sa fám banchéle.- 10] Mór in gním fodera deit
ar cur do marbad h'aen meic,3.
uair atái gan mac eli
let ba h-adbar h-aithrighi.- Nách cluintigi misi aga rádh
15] na lecar é co h-imlán;
ní díbsi bud fingal sin
indsaigid4 é & érgid.E.
Atracht in sluad iarum la forchongra in rí[g] & rogabatar a n-armu tailci trénmóra, & tángatar a Temraig
buddess andiaid Núada. O' dconnairc Núada na sluaidh a gabáil a n-arm, ro impo for cúla docum a arm, & tarla nech
5]
dó, & rofiarfaig scéla de, & roindis dó, curab dia márbad-san & dia mu[du]gud-san robátar cach a coitcindi. Is truad in gním atbeir, a óclaig, ol Núada, & créd5 ima fhilid dam?
Ní fitir misi sin, ol in t-óclach.
Tánic Núada dochum a arm & rogab iat, & rofágaib
10]
in bali bhóthuaid. O' tchonncatar clanna Ír & Émir é-side rogress cách a chéli díb, & rochuimnisit a senfolta, & nuafolta do Núada, uair nír mair do shlicht Éremóin damna ríg nó rure rob fherr oldás Núada. Bá dubach domenmnach clanna Érimóin & lucht chóigid Genuind desidé & roluidh Nuada
15]
a mnuinighin a dedretha6 a Temraig co riacht co h-imilbord
na Bónne, conách ruc nech díb fair. Rorucsat trí nónbair díbh
Scéla in ríg autem. Rogreiss ina fuair do shlógaib
10]
a Temraig uli indiaid Núada, & tarlatar na .vii. nDuinn & na nái Coin dó & cét fer n-armach a cach aenech díb (?) & rogreis iat & rofuláir forra Núada do marbad, & roindis dóib sárugud na rígna {MS page 367d} dó, & is cóir díb-si m' einech-sa do dígailt. & dochuadur uili iarum indíaigh Núada.
15] Tángatur vero in triar doluid isin comrug co faitchi
Dála Núada autem, nír lámsad ní dó ná buain ris acht mína benad catha nó céta ris an áeinecht, & rogab roime iarsin o Inber na Bóinde bánshoillsi, & ised doluid do Dumha na Macraide risi n-abar Echann, & do Cathair Tibrini risi
10]
n-abar Cenanntus na ríg innosa, & d' Finnabuind bó Gúaire risi ráiter Mana, & do Loch Láogaire fothuaigh, & a Sliab n-Dee, risi n-abar Sliab n-Gúaire. & ba Díairmid a n-drochchair leis dona sluagaib conuigi sin, & tángatar dronga imda uada co leonta ledartha co Temraig.
15] & roérig rí Érenn féin & rogabad a eich dó, & do
hinnled a charbad, & tánic a n-iarmóracht a meic9 & fir Érenn maráon ris.
Dála Nuada autem, doránícc roimhe iarsin tar Sruthanaib na Feaba i Crích etir da Abuind & i Findmag n-Gabra & tar Senabainn risi ráiter Abann na Manach, & do Duma mac Éiremóin ris n-abar Cnuca, & i Senmag n-Ogla
5]
Fígda & a n-Duibglenn risi n-abar Glend dorcha, & robádar na sluaig roime & na diaíg & do gach taeb de assin do10 Dubais, & tuc a aigid ar Mag Ítha maic Breogain.
Is ann sin dorugastar na .ix. Coin cona, .ix. cétaib
fair. Is calma sin, a Núada, ar siad, is imda laeich
10]
lánmarba & sluaig leonta ledartha {MS page 367b} ó'n raonruathar tucais ó Temraig. Dar mo chubus, ar Núada, is mar sin romothaigius a mírún umum, ar sé, & ni fedar créd ma fuilid damh. A mór adbar, ar siad, .i. ben t'athar do shárugud duit. Dar mo chubus ámh, ar Núada, ní comlunn
15]
meic iar coll fergi a athar doróinesa coró so, & is brég
An daemthái fír comhluind damh? ol Nuada. Ní fírindi mar nech démhthar, ar siat, & dobérthar duit-si sin.
N.
- A Chona, cidh tathái dam
10] ac athdúsgad bar faladh
ge romarbsabair Art oll
oruib ní riarus comlonn.Na Coin
- A Nuadha, na h-abair-si soin
congním cosgar is crúadhghoin
nocha lécfem dar n-deóin
tú amlaidh le da mórthréoir.N.
- Aderim-si rib-si dhe
ocus is í in rádh fíre
5] co fúicedh sibh gan rath
da sáiti orum a Chona.A.
Roérig fer díb cuigi acétóir, & dorónsad comlonn
10]
cruaidh cruata, & a forcenn in comruig dorad Núada béim dó gurben a cenn co trian a scéith chendfhada comdhualaig don béim sin de.
Dar mo bréithir ámh, ar síad, is amra in gním maic òig nemulchaigh sin! ar síat.
15]
Rachud-sa ina dháil, ar fer ele díb, & intan dobérsa scíath re scíath dó, tégad nónmar aguibh-si a n-aonfhecht ina dháil, & tabraid sleigh gacha fir tríd, & toitfid samlaid.
Cidh tra acht tánic in fer sin indocum & dorat scíath re scíath dó, & atrachtsat nónmar dia muinntir maraen riss, & dorónsat comrac fichda forníata, dána discir deththapaid, & i forcend in comraic atorchair in fer sin cona
5]
muinntir do láim Núada, & atrachtsat días ale dib acétóir, & issed itpertsat: rachmaid-ne & dá naonmar lind ina dáil, & día tuitfem lais don chur-sa érge-si uili chugi, & dénaid guin galann de, & dorónsat in días sin iarum comrac calma curata fri h-athaid fada, & a da nónmar maraon friu, frí Núada, &
10]
adocradar la Núada cin fuiliugud, cin fordergad air féin.
Atracht autem días ale dib co trichait laoch la cach fír, & ro diúraicsit a n-áinfecht é, & rogairsit imme for cach leth, & rofritháil Núada iat co nertmar naimdidi, & co calma curata & co fíchda forníata, co torcratar uili a forcind in
15]
comruic sin la Núada.
Cid fil ann, autem, atrachtsat uli na sluaid archena dá innsaigi & rogáiredur de do gach leth, & muidig Núada futha san mar luas fhaindile nó ferbi nó iarainde, & roluathaig a láma & robrostaigh na béimenna bráthamla, roruithnigh &
5]
roderg a gnúis connach fétadh nech beith a n-urcomair a aidchi re treisi roimir arna sluagaibh, & an fer doberedh forguin no builli ar amus Núada is ed dochuiredú isin fer ba nesa dá muindtir féin, gur marbsad sochaidi díbh amlaid sin, & dorigne Núada slighi lethan lánmór eturra iarsin, &
10]
rothanaid iat, & ro timsaig arís íat, & gidh teithed bud loinn leo nír'-lámsad la Núada, & robui aga caithem do gach leth.
Cid tra acht, a bail i rabadur na .ix. Coín irgaile cona .ix. cétuib maráon riu ní terna duine a m-bethaid o Núada díb acht mina dechaid fer do rind gona nó builli, conadh
15]
Glenn na Con fos ainm in inaid sin a n-drochrudar dá éisi sin, & roterno Núada uatha-san gan fuiliugud gan fordergad fair,
Imthúsa an rígh autem, rourmais sé & rígraid Érenn
uime isin glenn i rabadar na Coin, & robud ferr le rí Érenn
5]
cenn a mic d' fhágháil ann sin ná cosgar na Con.
Is airslech curad so, ar maithi fer n-Érenn, & is lámach láich so, ar siat.
Dála Núada iarsin, is ed dorala é i bail a robadur na secht11 n-Duind cona secht12 cétaib maráon ríu, & iad ar n-dul
10]
dá iarraid & doraladur san na cenn mar sin. Is dergruathar {MS page 368b} curadh & cathmiled sin, a Núada, ar síad, & is sochaidi dh' fheruib Érenn adrochair let.
Is amlaid sin bís nech forfírinne, bar Núada, & ráon roime ar gach leth.
15]
A ghille, ar siat, mas ar fhírinde atái, an acainne & tabair taob ret' athair.
& gé roleicsedur na Coin uatha thú ní léicfium-ne.
- A mic an ríg, is gér na gluind
tucad let-sa fo Liatruim
i drochradar let gan cleith
imud sluag is sochaide.- Amlaid bís laech leidmech luath
re cath curad ocus sluag
gidh sochaidi dáib uime
ó bís féin for fírinde13.- Nocha n-ed fodera sin,
acht rotréicsidur na Coin
éinech ríg na Temra
duid-si a mic, a tigerna.- Dá m-bérdis orm na fir
na coinnli sin in gaiscid
5] ní ba déoin co brách don dréim
mo beith os cách re ceitheirn.- Gé rotréicsedar na fir
éinech rígh Érenn échtaigh
nocho tréicem-ne 'sin gleic
10] is tusa rotbath a meic.A mic.
Is annsin do éirgedur-san & do chuiridar an14 Donn
15]
dona Donnaib chuigi, & rofersad comlunn cródha curata re h-edh
Is ann roéirgid an dara Donn dibh cona muindtir &
10]
rocomruicsiat re Núada, & torcair an Donn sin cona cét leis. As a h-aithle sin autem, roéirgedur dias ele díb cona dá cétaib cuigi, & dorónsad comrac mermennach & torcair an dá cét-sin cona tríath.
Roéirgidar tri Duind cuigi cona trí cétaib, & dothoitidar
15]
sin le Núada gan éladach betha dotérno díb.
Cid trácht, nír'-térno duine 'na bethaid dona secht
5] Is annsin doriacht in rí co h-airm a robadur na Duinn iarna marbad, & dochunncadur in t-ár adbulmór & na colla cróderga.
Dar ar m-bréithir, ar maithi fer n-Érenn, ní derna inté dorínne in t-ár so, in gním docuired air, & as fírinde adeir
10]
sé ag diultad in mígníma docuired air.
Gid edh, ar in rígh, is é a lenmuin do dénum, & robui a[g] greasacht in t-sluaig a n-diaigh Núada & roslenadur
é co dúr & co díchra, & dolethadur do gach taebh de.
O dochunnaicc Núada ímud na sluag & na cathbarr
15]
ina timcell, dogluais roime co dían dásachtach ina réim roretha & dogab roime gach an dírech tri Uachtar m-Bera, & lámh clé risin sruth sribuaine noco16 ráinic gusan fairrgi, & tuc a taeb
5] & doránic in rí cona sluaghaib co h-ímell in mara & co port na h-indsi, & is ed adubairt: Ni ba termann duit-si sin, a Nuada, ar sé, & doberthar longa lánmóra & bárca bronnfhairsinge & lestair imda lem-sa isin n-indsi úd, & muirbfidter an mac máilisech ugud .i. Núada, lem, & dogéntar
10]
guin galann de.
Dála Núada, ó ráinic isin n-indsi robúi se sgíthach anmann ocurach, & ba fada in raen táinic conuigi sin & an conair a táinic isin n-indsi. Doconnuic ailbín adbulmór do mucuib & do t-sesgach, & robúi soine n-dáim romóir forra, &
15]
tuc urchor dírech dóingabala don dam sin gurba cros trít, & ros-marbh iarsin, & rochoscair, & dorinde both n-daigin n-úrglais, & rofhulacht in dam, & rochaith a lórdaethain de. & dochuir
Imthús drúad rígh Érenn .i. Diuburtach dráid, do
5]
foillsiged dó in gním sin mar dorindedh é & mar docuiredh in lítechus bréigi sin for Núada, & táinic roime budhthuaidh a n-diaigh rígh Érenn & a meic o Themraig co ránic co port na h-indsi a roib rí Érenn guna sluagaib ac forbáis ara mac & é ag íar[r]aid long & ethar do dul aran indsi do marbad a
10]
maic, & o ráinic in dráig co láthair rofhiarfaig don rí créd dob áil leis do dhénum. Adubairt in rí: Dob áil lium bárca bronnfairsingi & longa luchtmura do breith isin n-indsi ugud, & Núada do marbad.
Dar mo bréithir ámh, ar an dráig gidh ímdha sluaig marba aníu o Núada is lía néll troch &
15]
fordergadh fola os cinn na h-indsi úd a fuil-sin anuis na sin. & Nuada nertmar a áinm, ar se, & ni táinic do shíl Éirimóin
- Nuada nertmar maith a máin
mac meic Aililla Ólcáin,
5] mílid Eorpa dar gíall gal
is garbthon[n] bruiti bidhbad.- An leoman lonn gusin [n]eim,
in trén osna trénferaib
sciath na Fodhla nach fann ferg
10] biathaidh bran is badb béilderg.- Mac Giallchada is mór a g[l]uind
arar-líeadh Uaine áluind
ar ingin r
[gap: extent: two syllables]
co h-áin
ar mnái Giallchada glecmair.- 15] Miscais le buime na mná
in mac sin, mac Gíallchada
'man caingin nachar' fhír di
acht gerb inmuin le h-Uaine.
- Ceithri rí[g] déc ochtmódod co m-bloid
do chloind maic Giallchada, rechtmair17
giabus Temair guna smacht,
do clannaib maithi Nuadad.- 5] Docum Uaine an scél18 ar sin
gur gabad hí ar ecin
rogab éd in rí co racht
gurba béimnech do Nuadad.U.
- Torcuir na secht n-Duind co dían
10] is na .ix. Coin ar aonrían
sluag adbul[mór], nír gním lag,
do thoitedar le Nuadad.N.
[gap: extent: to end of MS page]
{MS page 70a}[...] nír' fhiarfaig scéla do nech díb & ní fider
15]
in robadar lín ba lía, & docúaid ina boith iarsin, & rochóirig
Is ansinn adubairt rí Lochlann: Is fada atáit ar muindter, ar sé, & is a fuirech re gliaid & re dethbaid
5]
atáit. Rachadsa dá fis, ar mac rígh Lochlann .i. Lulach mac Osbern, & roéirig co prap, & roéirgedur ix. cét laech maraon ris, & dorángadur na colla cróderga & na cinn arna cuaillib, & tucsad aithne forra & idchonncadur in boith uatha do lethtaeib ín uaír.
10]
A both bec, ar mac ríg Lochlann, mas asad dorinned na h-uilc so, is mór na gníma duid é.
Dar ar m-bréithir, ní h-eisdi, ar siad, acht mina bfuilid clasacha talman fuithi, nó uamanna móra rofhaidi i m-biab19 il imud sluag.
15]
& fechaidh lib hí, ar mac ríg Lochlann.
Docuáid fer uatha fochétóir co dorus na boithi & ro-féch seoch in scíath astech, & idconnairc in gilla greannmur grádurrlum ina collud inti, & tánic co h-obunn a mesc a muindteri & ro indis na scéla sin dóib & adubairt: ad-connar[c]sa
5]
aongilla óg álainn édrocht isin boith úd ina collud, & ní fedarsa inne é doróinne na mórechta so.
Freagram é, ar siad, sáithem sleg gacha fir ann.
Ni díngnam sin, ar mac rígh Lochlann, ní muirbfidter linn ina codlud é, & dúisgid dúind co prap hé.
10] Docuaid fer díb co dorus na boithi, & rocroith in sciath, & rodúsigh Núada leis sin, & roéirig co h-obunn & rogab a airm & roglac a sciath, & tánic amach, & docunnuic na nai cét amuigh cona m-broín sciath & cloidem acu.
Cia dorinde na gníma móra-sa, a gille? ar mac ríg
15]
Lochlann.
Is lium-sa atorchradar, ar Núada.
Dar mo bréithir, ar mac ríg Lochlann, ní derna duine
Adcunnairc sin in gilla óg álaind dígrais dathálaind ica acallaim .i. mac ríg Lochlann, & is amlaid do bíd sein, &
5]
ba h-inann áis dó & do Nuada, & ba cosmail20 n-delba iat, & ba comfada a fuilt & ba coiméid iat féin, & rofhiarfaig Nuada de: Cia tusa? ar se.
Lulach mac Osbeirn siúd, ar siad .i. mac ríg Lochlann & adbur ríg Lochlann é féin.
10]
Mased, a gille, ar Núada, ná tabair do conach ar mo dochnach-sa, ar sé, {MS page 370b} uair is ar teithem mo marbhtha atú as ma duthaig, & ní mac ríg nó rofhlatha is ál dam mh' irgal (?) d'imbert acht mana iarraid féin co h-andligthech orm é.
15]
Dar mo bréthir, ol mac rígh Lochlann, maithfidir duit a n-dernais riam, & beir am tedlach-sa co miadamla &
Dofreagair Núada sin, & is ed adubairt: Ní tuc a
[N.]
- A gilli tánic tar ler
na sáith ar fer co n-imnedh
5] na mill do rath co n-gloine
ar dreath siublaigh saerchloinne.- Ni maithfedh th' ulca móra
duit ar do comlonn cródha
aithfed ort re n-dul dod taigh
10] ar marbad do Lochlannaib.- Gach ní do marbusa sunn
do slúag Lochlunn gan fhorlunn
ná déna-sa méla de
daá festa sgéla, a gille.A Gilli.
Roéirig dechenbur díb cuigi & dothoitidar leis co prap & doberthái dechenbur d' imurcaid gach n-uairi cuigi noco ránic an cét, & tánic cét cuigi iarsin, & do thoitsit leis uili. Cid trácht, romarb uili ar cétaib iad diaigh an diaigh fon
15] samail sin, connar'-mair díb acht dias amáin .i. mac rígh Lochlann & aenlaech da muindtir, & adbert an láid:
Is cródha na gníma sin, a gille, bar mac rígh Lochlann, & is lámach láich é dar lem.
- Is cróda do choscur, a láich,
a Núagha gusan m-breith m-báith.
Doría let co h-imlán sin
gach a slaighi dar sluagaibh.- 5] Maithfed duid gach olc dogní
is beith agum fein a rí
leicfid iat21 a n-ascoig
sunn ar son do tuarustoil.- Nír' gab22 sgiath ara dreich
10] mac ríg gamad fiú líum beith
acht masa let-sa is móra
dénum comlonn comcróda.Is ccróda.
Is annsin ro innsaid cach a céile díb co dána díbraictech
10]
dúthrachtach & co fergach fortrén feramail & co laechda lám-láidir leomannta & co ferrda fortill fírárachta, & robúi cach díbh ac sanntugud a chéile co fortill fírtrén, co tugadar gona gúasachtacha & béimenna bithnertmara buanolcacha d' aroile.
Dobí trá do glicus na h-imgona & do luthmaire in
15]
lámaigh co nách ránicc nech díbh malairt na mórmarbad aroile re ré cían & re h-athaid fada.
Is annsin rolonnaigedh & rolánfergaiged cách cuma chéile díb, & roscuchsad co dúr dánarrda dásachtach & ro dianaigedh an dethbaid & rocruadaiged in comlonn & doglacadar na cloidmi claisletna curata {MS page 371b} comóra, & ro thuairc
5]
cách a céile díb do bráth[b]uillib dímóra dásachtacha.
Is ann sin rothógaib Núada in láim gusan loinn fada faeburglaís, & tuc builli d'innsaigi cos mic rígh Loc[h]lann. Frithoilis mac ríg Lochlann sin, & toirnes in sciath sís d'imdíden a cuirp arníchtar, & dothógaib Núada suas co prap
10]
an láim, & dobuail mac ríg Lochlann a caol na colla 'san muinél, & dosgar a chenn re cúlméide co torchair marbh gan anmain, & Doben a édach rígda roálainn de, & roben an cris n-órda n-ingantach, & rogab ime féin ider édach & cris & éidedh, & dochuir a deise féin fa mac riíg Lochlann, & robúi
15]
ag fégad a gona & a álad, & idbert an láid ann:
[Nuadu]
- Truagh sin, a gilli in fuilt glaín
tánicc a Loclainn línmair
is derg do dá taeb dodt' fhuil
o lámaibh Nuada nertmuir.- Mina beith do menma mór
is a n-dernais do drochglór
5] ní muirbhfinn co brách dom déoin
re n-dul a tírthaib aineoil.- Berud do sciath corcra cóir
is do brat co sreathaib óir
is t' inar co corcair cáimh
10] ocus do cris, a macáimh.- Do cloidim co n-delbach óir
biaid a n-glaic Nuada nertmóir,
do ga co mhbriocht neim imach
beid lim a tír n-allmurach.
15] Cáinfid ánraid cechtar bhuaind,
cáinfid cuingidh in da t-shluaigh
craithfid Sláine frais da gruaidh
sochaidhi leis ba lántruagh.Truag sin.
& Tánic Núda roime iarsin & tuc a druim re glas-charraicc n-daíngin n-dímoír robui ina farrad, & dorindi fál fírmór don fidbaid ina timchill & aon dorus ar an daingen
sin, & ro chóirid errad & éidedh in t-sluaig romarb roime ina
5]
thimcill gurba lándaingen do-san in fál sin.
A dhála {MS page 372a} conuigi sin.
Dála óglaigh meic ríg Lochlann, o d' connairc23 a thigerna do thoitim, rogab roime a n-dígna a retha noco ránic in coblach, & idconncadar dá n-indsaidi é, & dá m-beith
10]
lá co n-aidchi i talmuin [ní] ba mesa a dhelb & a dat[h] ná sin, & rofíarfaig cách scéla de, & roindis dóib, & adubairt: An sluag mór docuaid a tír uaib-si ní térno éladach betha díb acht má misi am aonar, & idrochair mac rígh Lochlann.
Cia doroinne na móréchta sin? ar rí Lochlann.
& Dorónsad gartha garba gráinemla & nualla arda adbulmóra co saird, & roseinnedh sduic & organa léo, & ro indis cách dá céile díb in gnim sin, & doráid in rí ríu: Tabraid, ar sé, sracad sanntach sárnertmar dochum tíri,
10]
& dorónsad amlaid sin co roibi a mac alla i fántaib & a fídbadaib foirthemla fásaig .i. rámreatha na long luchtmar lánmór ag tarraíng co trénnertmar docum tíri, & grithgaír na luirec[h] n-aggarb n-íarnaide & sgelbordach na sciath aga sgannrad, & cách a[g] gabáil a n-arm, & docuadur uili a tír
15]
iarum.
& Adubairt óglach meic ríg Lochlann ríu comnaidi
Dorónsadd amlaid, & dochóirgedar iat iarsin, & rolínsad oirer na h-indsi ule.
5] O d'cunnaic rí Érenn & maithi a muindteri sin, roba doilid leo in guasacht sin a roibi mac ríg Érenn. Adubairt rí Érenn: Gid uathad duinde, ar sé, is truagh nach fuilmid a (cumhnid)24 do Núada uair tánic cridhi a athar air m' anam sin.
10] Imthús na Lochlannach vero, tugsad a n-aigid rompo d' indsaighi Núada, & is é dlús & tigi robádur a dul dá innsaigi conár' fedadar a n-airm d' imirt nó do thógbáil.
{MS page 372b} O doconnuicc Núada sin, roérigh co prap prímurlum, & rogab airm meic ríg Lochlann, & tánic amach asa daingin a coinde na slúag, & tánic futha & tríthud &
15]
tarsta, & roluathaid na béimenna, & roéirgedur dá cholumain
& robui amlaid sin noco tánic fuine neóill nóna & dath25 na grísi foran n-gréin, & idrochair sochaidi dona sluagaib leis conuigi sin.
Tabair osad na h-aidchi anocht dúinn, a gille, ar ríg
10]
Lochann.
Dobér, ar sé, & éirgid-si in bar longaib, uair is líum-sa in indsi & is lib-si in muir, & ni beithi aran ferunn-sa.
Is tuirsech ámh sin, ar siad, o luigi inar longaib & ar cennaib na ses, & ní fuicem in t-oilén-sa anocht.
15]
Dá tucthai bíad nó fritholum dam-sa anocht, deónaigim-si díb beith ar tír.
Roéirgedur dream díbh co luath, & tugadar biadh & linn docum Nuada. Adubairt Núada: Fromaid féin ar tús
5]
in bíad & an linn sin, ar sé, dóig ámh ní fedar in tairisi dam-sa hé, & dorónsad amlaid, & ro im[thi]gedar uada, & rochaith a lórdhaethain.
Dála in t-sluaig móir iarum, rohadnad teinnti & tenndála trénmóra leo, & dobádar co brónach becmenmach no[co]
10]
tánic lá cona lánsoillsi.
Dála ríg Érenn autem, dochuir fesa & techta fo Érinn uada da tinól & da toigistal a n-aigid na n-allmurach d' fortacht a mic & da thabairt asan écin a roibi sé.
Dála sluaig Lochlann, roéirgedar a mucha na maidne
15]
iarnamárach & rogabsad a n-arma & docuadur a coinne Núada. Roéirig Núada futha san, & dorindi slighithi lethna lánmóra
Is annsin rochinn Núada comuirle cróda cosgartach, & dorad a briathra ris coná fillfad ona sluagaib noco cuiredh ina longaib iat no26 co taotais uili lais noco taot-san leo-san, & dorat a agaid forra iarum, & romuid sruthmaidm siublach
15]
sechránach forro a cenn rígráith Lochlann airm a m-bui múr & daingen dífhoghlaidthi acu im airdríg Lochlann, & rolen
& rofiarfaig Núada a scéla, & ro indis dó curab do shlicht Éremóin mic Míled dó .i. do lár chógid Genaind, & cur' gab báidhbraith ris a rí sen é, & co tibred a lá bágha
10]
lais, & rofhaom Núada sin, & adbert iarum fri Núada in múr do dúnad forra & na dorsi do daingniugud & cin aon nech díb do léigen amach noco fágbad a breth féin uatha.
Atracht Núada iarum, & ro lín na dorsi do chairgib cenngarba & do líagaib lánmhóra & do sabhaib sonairti do
15]
shonnaib sármóra sleslethna, conach rabé isin múr inad bud daingni dífoglaigthi oldás na dorrsi.
Doráid Núada iarum frisin óclach mór eolus do
10] O ronaisc Núada a cunnrad ar na Loclannachaib dolig amach iat & nír' anadar noco n-dechadar ina longaibh, & rothógbatar a seola iarsin, & roascnamatar in muir reompo iar n-dímbuaid coscair dóib lán do mertin & do míclú.
[I]mthús Núada dá n-éisi didiu, dochuaidh a luing
15]
mic rí[g] Lochlann, & a fer muinntire maraon ris, & docuiritar amach hí & roshuid Núada ar ses mór medónach na luingi, &
- Aenfer im cumaind innocht
{MS page 374a}
10] sirfet leis o port co port
Éirin ocus Albain amuig
in degaid gach allmaraich,- 'Mon m-bréig roli orm Uaíne
ro h-indarbad mhé uaithi i cian
15] ingen ríg Loigen, dar línn,
nach léic m' agaid a n-Érinn.
- Co finntar in brég nó 'n fír,
mar tuc mise a ma mígním
ní manfhaicfeasa in ben
roordaig mhé ocus aenfer.Aenfer.
5] Dála fer n-Érenn iarsin, o d' chonncadur na catha ruagha romóra sin do thairmesc, ba deimin leo is marb robui Núada, & ba mana dogra & toirsi doibsin sin, & Rob ingnad leo in doiri seolchrann fírmór atconncadar, & in loinges do dul uaithib, & ní fetatar ca h-innell robái forro, & robátar ann an aidhchi
10]
sin co tánic lá iarnamárach, & atconcadar braineoin & badba & ethaidi aeóir co h-imda ag laidi arna corpaib caema cnesgeala thall isinn indsi ar borduibh na long.
Is deimhin linn, ar siat, nach fuil duine isinn indsi ná isna longuib úd intan atáit na h-eoin & na h-ethaidi út
15]
innti, & éirgter bhuain isna curcaib beca fuilet againn d' fis
na h-indsi.
& dorigned leo amlaid sin & dochuadar d' fis na h-indsi
- Imda échta mo mic
dogénad maith co minic,
dursun má thorchair sunn ann
ga romarb maithi Lochlann.
- Gebid bar láim a n-arma,
gebidh umaib a fadba,
co findum cia {MS page 374b} bus lía sin
ná ar thoit leis da n-échtoib.- Sirim an t-ár dó budéin
5] do Nuada, ba maith an céill,
co m-berim linn é don Brugh
ann is coír a annlucud.- Sirid sin, a maca ríg,
10] finntar lib caidhi a díl,
laím risna portaib si[n]na(?)
a fuil mór corp co h-imda.Imdha.
Roérgedur cách iarsin, & dochuadur fón indsi, & do siredar na h-ára co mín, & ro impodar curpu caema curadh
15]
co h-imdha aga iaraid, & fuaradar mac ríg Lochlann iarna marbad, & roglacadar a cétóir é, & adubradar: Is é so Núada atámaid-ni d'íaraid, & atbert arale nár'b é. Roimpuighter
& tánic in rí co maithib Érenn imbe os cinn in cuirp,
5]
& ro nuallsat na sluaig trí grodgartha greannmara osa cind, & robad ferr leo leth fer n-Érenn do marbad ína Núada ina áonar.
Is annsin adubairt ríg Érenn: Féchaid dúinn, ar sé, cíasa lia atámaid beo annso ná' n lín romarb mo mac
10]
dona Lochlannachaib, & dar lem, atá formór fer n-Érenn annso uli. & dorónsad amlaid sin, & ní mó ná leth oired a roibi marb ann robádar fir Érenn béo le roméd in áir.
Mór in cosgar láime aonduine sin, a ógo, ar rí Érenn, & roinnter edraib na longa gu cóir & co cert amal doroindebur
15]
na h-airm & in t-édach, & tógthar mo mac-sa lib cusin m-Brug
m-brecsholus os Bóinn noco curthar fo chluid talman ann é,
& rofágsat inn insi iarum, & rugsat in corp leo co faidhchi in Broga, & dorángatar na scéla sin co Temraig &
5]
fo Érinn archena, & rothineoiletar cách as gach n-aird cuigi
co Brug na Bóinne, & doriacht autem aoningen dobúi ac ríg Érenn .i. derbhshíur Núada & tánic fochétoir & rogab cenn Núada a {MS page 375a} ina h-ucht & dorinde toirrsi mórthrom uime co truaghneimelach & robúi ag atach rí Érenn & fer n-Érenn
10]
uili uma h-adhlacadh féin maraon ris.
Is annsin roclaidhedh fert fodmuidhe don macamh & docuiredh fo támh é iarsin, & taínicc an ríg ar mullach an ferta & rogab ar thoirrsi do dénum. & Is ed roráidh: Truag dúinde sin, a mhic, ar se, & táinicc ar n-aininne & ar n-uabur
15]
ris intí is a fert so, & adubairt an láid ann:
[...]
Asa h-aithli sin doscáiledur fir Érenn dá n-dúinte & dá n-deghbailtib, & docuaidh rí Érenn co Temraidh, & a ingen faraon ris, & dobádur co dubach domenmnach.
Is annsin tángadur fir Érenn d' innsaighi an rígh &
5]
doráidhset ris: an ben tucc, fodera in t-olc mór sin do dénum, do chur uadha. Ní cuiredh, ar sé, óir ní bía esbaid mo mná & mu maic oram, & roéitigh iat fana cur uadha.
A n-iumthúsa conuigi sin.
Imthúsa Núada, vero, mar docuaidh ar seolaidius
10]
risin-abar Danmarg, & mar dochuaidh isin Esbainne, & mar domarbh an dechnebar ar .xx. cét, & mar dorinde comhrucc na mórríg & na n-amus, & mar dothuc ingin Eolairg .i. ingen rígh Danmarg & mar dochuaidh isin n-Almain, & mar dogab Polus mac Polais ríg Almaine & a .x. meic .xx. do marbad
15]
acht aonmac, & mar rogab ardchennus aran Almaine iarsin.
& Dofuagair iarsin dá sluaghaibh tinól docum na
I 3 rïan 'Macht, Gewalt', LL 50 a 22, Oss. III 244; 254,4.
I 4 tenne f. 'Macht, Kraft', MR 188, 21.tabaig = tobaig, Gen. von tobach 'Zinseinhebung'?ascaruit = escarait 'Feinde'.
I 6 foranmach 'Beiname', sonst nicht belegt (stets forainm).
I 16 Diurbarrach = I 27 Diurbartach = I 46 Diubturtach.
I 18 tocht 'Gehen', Fen. 184, LL 215 b 18.ogla 'erzürnt, heftig', RC VI 174, 17; zu ocal (= uks-gal).
I 23 ainmfesa = anfesa, Gen. von anfiss 'Unwissenheit'.
I 25 senfolta, Akk. plur. von sen-folad 'alte Streitursache'.
I 31 innsé, verschrieben für arse?
I 37 lámach 'Geschicklichkeit'.
I 40 co brách = co bráth.
I 45 anmann = anfann.
I 46 líthechus, abgeleitet von líthech 'angeklagt', Ir. T. III 191, 3; 192, 8. máin, vgl. máin .i. elada H. 3. 18, p. 212?gíabus, südir. für gébus; cf. gíabthar II 5.
II 3 Lulach heißt auch ein König von Schottland (ob. 1058), s. A. U., Chron. Scot. und Ann. Tigern; über Osbern s. oben S. 186.
II 5 dochnach = do + conach 'Unglück'. ná h-imid = nná h-imthigh.
II 6 fiúd = fiú dreath = dreach.
II 7 a n-ascoig = a n-ascaid?
II 8 fortill 'überlegen', Cóir Anm. 179, Ir. T. IP II (2) 131, 235, CF 207, 220; Alex. 97, 14.
II 11 bhuaind = bhuain II 31 = uainn.
II 13 dethmac = degmac.
II 14 co saird, Kontamination aus co ard und ós aird? sracad 'Angriff', T. Ferbe 237.
II 24 ina corraitib?
II 32 sinna : sin, wie sunda : sund? Vgl. sine Anecd. II 35, LU 63 b 36, CZ IV 40, 18; 39, 5. Oder Sinna, ein zweiter Shannon in Donegal?
II 34 grod: grot 'rasch'.
Oranienburg
Käte Müller-Lisowski