Corpus of Electronic Texts Edition
Desiderius: Sgáthán an Chrábhaidh (Author: Flaithrí Ó Maolchonaire)
Caibidil 12
Caibidil 12.
Ciondas do fhoghlaim Desiderius
canntaireacht.
6750] Ba mór do thaithin thaitin lé Des. modh teagoisg
na canntoireachta, & an channtaireacht féin, tré bheith
ro-aoibhinn di, & adobhairt Alghas Dé ris: Féuch,
an áil leat bheith ag imtheacht as so, & filleadh ar
th'ais?
6755] A-Dhé, cá háit a rachoind? ar Des., & go
háiridhe d'éis a bhfuaras do shaothar & d'annró ag
teacht ann so; & nách maith an t-ionad 'na bhfhuilim bhfuilim
go slán, súgach, síothchánta, & cion ag cách oram?
& ní háil leam athrughadh, ná dhul as so, ór gibé
6760]
do gheibh é féin go maith san n-áit a mbí, ní cóir
dhó athrughadh, mar adeir an seanfhocal. Ar an
n-ádhbhar-soin, a thighearna, innisim dhuit nách
áil leam imtheacht uaibh acht muna churthaoi féin
uaibh mé, & an uair-sin féin go madh éigean daoibh
6765]
mo chur a mach dom aimhdheóin.
Ní chuirfeam, ar Alghas Dé, ór ní béas
dúinn éanduine do chor uainn a n-aghoidh a tho{MS page 328}ile,
& ní hé amháin, acht guidhmíd é, ag iarroidh air
gan imtheacht; gidheadh, do chum go ttuigfidís
6770]
nách foil riachtanas agoinn ríu, do bheirmíd cead
dóibh imtheacht má thograid féin. & ó do anais
ann so, ní cóir dhuit bheith díomhaoin; ór ní
fuilngthear d'éanduine and a aimsear do chaitheamh
go díomhaoineach.
6775]
Indis damh mar sin, ar Des., créud as cóir
dhamh do dhéanamh?
Déana, ar Alghas Dé, an ní iarrfaid ort.
p.221
& créd do ghéan, ar Des., an uair nách iarrfoid
oram éinní do dhéanamh?
6780]
Déana, ar eision, candtaireacht, & beandoigh
& mol an Tighearna, ór as chuige so as mó do glacadh
san tigh-si thú. & fós an uair bheas tú ag déanamh
an neith iarrfoid ort, as éidir dhuit bheith ag candtaíreacht
ad th'indtind, do chum gan do smuaineadh
6785]
do bheith díomhaoin. & adeirim tuilleadh riot,
madh áil lat tarbha mhór do dhéanamh dhuit féin,
buidheachas an Tighearna do thuilleamh, & teacht
'na mhuindteardhas an mhéid as éidir leat; & an
uair nách iarrfoid ní eile ort, déuna díthcheall 'na mhuindteardhas, an mhéid as éidir leat (& an uair nách iarrfoid ní eile ort) déuna díthcheall ar
6790]
bheith {MS page 329} a bhfochuir an Tighearna ar uaigneas ag
comhrádh ris, & do chífe féin a n-aibeóra riot, & a
liacht secréid thaisbéanfas duit, & méad an mhuinnteardhuis
ina ttiucfae ris.
Cionnas? (ar Des.), nó an éidir lé gach aon
6795]
thogras dul 'na sheómra, & labhairt ris?
As éidir (ar eision), gibé bhéaras an Umhla 'na
choimhideacht; & fós adeirim ní sa mhó, nách bhfuil
ní as sólásuighe leis iná duine do theacht do chum
bheith 'na fhochuir ar uaigneas, & dá dhúsacht, ór
6800]
atá a comhuasal sin do nádúir aige nách áil leis
bheith 'na aonar; & dá laghod & dá anuaisle dá mbí
duine, as ait leis a chomhluadar, ór ní dhéin difir
eidir na pearsannuibh, dá raibhe an t-anom umhal
inísiol aige féin, do bhrígh gurab ionann saothar
6805]
fuair-sion ón uasal & ón ísiol, & gur ab d'éanmhais
d'éanádhbhar amháin do rinne iad; & ní hé sin
amháin, acht dá tharcuisnighe & dá uirísle bhíd
daoine ó fhuil, acht go n-íslighid iad féin a bhfiaghnuisi
Dé, as dóibh as mionca thaisbéanus Dia grása
6810]
& foghar. Agus dochum go ttuig{MS page 330}fithea an ní
adeirim, an mhéid atámuid san tigh-si as d'fhuil
p.222
ísil tharcuisnigh sinn, ór do thogh an Tighearna 'na
sheirbhís neithe tarcuisneacha an tshaoghuil, dochum
nách saoilfeadh éanduine dá ttiocfadh ann so gurab
6815]
a ngioll ar a mhaith féin, ná ar a uaisle, do thiocfadh
and, acht tré mhaith & tré thrócaire Dé. Ar an
n-adhbhar sin, dá n-ana tú annso, & go ma háil leat
do tharbha féin do dhéanamh do ghnáth, & bheith
ag canntaireacht do ló & d'oidhche fáré canntuiridhibh
6820]
an tighe, & gean an Tighearna do thuilleamh, coimhéid
go maith na ceathra puingc-sean céadphungc, an
Daghthoil; an dara pongc, an Umhlacht; an treas
pongc, an Fhoighide; an ceathramhadh pongc, an
Déshearc. Dá ngnáthaighi canntaireacht do
6825]
dhéanamh ar na pongcuibh-si, ní raghair choidhche
as tuin ná as riaghuil; & dá tteagmhadh ar uairibh
go ndingéantá pongc dhíobh so go righin, ag dul
mar sin as riaghuil, fill ar an mball san riaghuil, lé
deightheagasg na spioruide, & lé haire do thabhairt
6830]
do mhodh na canntaireachda. {MS page 331}
Do gníthear an channtuireacht dá ngoirthear
cantus planus, .i. canntuireacht réidh shimplidhe, as
fundáimeint don uile channtaireacht eile, leis an
ccéadphongc, dár ab ainm an Toil Mhaith. Do
6835]
gníthear an channtaireacht dá ngoirthear contra
punctum, .i. a n-aghaigh phuingc, leis an dara &
leis an treas pongc, dá ngoirthear an Umhla & an Fhoighidi,
ór bídh an Umhlacht & an Fhoighide a
n-aghuidh ar ttoile nádúrtha féin, leis nách áil annró
6840]
ná tarcuisne an tshaoghuil-si. Do gníthear leis an
cceathramhadh pongc, .i. Déshearc, canntuireachd
orgán, maille ré ceól roi-bhinn ro-thaighiúir an anma
& an Spioruid Naoimh ag coimhtheacht ré chéile.
Agas tabhair dot aire, dá ccaille nó dá léige
6845]
amugha do phungc, greamughadh go maith don
p.223
channtaireacht réidh; & gé go ccaillfithea tuin na
bpungc eile, maille ré congnamh an Tighearna, tabhair
th'aire d'fhear do cheartuighthe, .i. don tí as áirde
iná thú, & do bhéara thú arís leis an ccéadphungc
6850]
go riaghuil na deighbheathadh & go toil tuin na naoimhionmhui{MS page 332}ne. & aithnim dhíot ós cionn gach
aoinneith, san uile channtaireacht do ghéanae, gan
an toradh do chaithis a dtigh na Humhlachta do
dhearmod, dárab ainm Míodhóthchas Asod Féin; &
6855]
dá mhéad do Ghrádh Dé bhias agad, & dá mhionca
bhlaisfeas tú é, nó dá mhéud muinnteardhas bheas
agad ris an Tighearna, & dá mhéad bheas agad dá
éolas, as dá réir sin, & as í an mhioncacht-soin, as
cóir dhuit an toradh-sa do thabhairt a bpreasántha
6860]
dhó, ór as ait leis bheith agá ithe, & as maith an blas
do gheibh air.
p.224