Corpus of Electronic Texts Edition
Desiderius: Sgáthán an Chrábhaidh (Author: Flaithrí Ó Maolchonaire)

Caibidil 5

Caibidil 5.

Minighidh and so an dá ní oile do chuir roimhe.

‘O do mhúineas duit go soiche so an cední do
5670] chuireas romham lé ccothuighim mé féin agas an dias maighdean adobhart, .i. an Umhla & an Bhochtachd, foill{MS page 274}seóchad duit a nos an dá ní oile chuirim romham, .i. Ná Santoigh Einní, & Ná Smuain Einní. Gidheadh, ní fuláir dhuit a thuigsin ó thús gurab
5675] ón dara ní-si chuirim romham, .i. Ná Sanntoigh Einní, gheinthear & thig an cední chuirim romham, .i. Ná Hiarr Éinní. Ór as dearbh nách iarrond duine do bheith aige, ná do dhéanamh, acht an ní shanntoigheas do bheith aige, nó do dhéanamh; & an uair
5680] chuirthear an chúis ar ccúl, .i. an tshaint, tré neamhshaint do bheith ar dhuine, cuirthear ar ccúl an ní-sin thig eistte, .i. ní dh'iarroidh, & anoidh a chontrárdha, .i. gan ní dh'iarroigh; & as leis an daro ní-sin chuirim romham, .i. gan éinní do shanntughadh,
5685] bheathoighim an dara maighdean, dár ab ainm an Gheanmnoigheacht; & as amhloidh as cóir so do thuigsin, .i. gan éinní saoghaltha ná colnaidhi do shanntughadh. Gidheadh, mar atá frémh eile ag an luibh-si ó a bhfásann, .i. an Smuaineadh, ór ní
5690] shanntoigheand duine ní acht an ní smuaineas, cuirim romham an treas ní, .i. Ná Smuain Einní; & {MS page 275} as cóir so do thuigsin, gan éinní do smuaineadh go daingean ó thoil do bheanfadh ré coir, do chum sóláis do bhuain as, ná do chum a chora a ngníomh;
5695] ór ní fhuil ar ar ccumas gan drochsmuaintighthi


p.186

díomhaoini do theacht chugoinn, gé go bhfuil ar ar ccumas gan aonta do thabhairt dóibh, & ní dhéanaid mar sin díoghbháil dúinn, & ní mó shalchoid ar n-anam, fhuilngeas iad dá aimhdheóin; & as de so
5700] ghoirthear Ná Smuain éinní. Gidheadh, mar thuarthar & mar fhliuchthar an luibh-si go meinic lé huisge dár ab ainm an Fhéachoin, as éigion dúinn púdhdar áiridhe do chrothadh ar an dá bhiadh naomhtha spioradálta-so adobhramar, & as é as ainm don
5705] phúdhdar Dúin na Súile. Agas as iad so na trí neithe,’ ar Grádh Dé, ‘ghlanas mh'anom ón tsaoghal, & óna uile acobhar & álghas, & óm thoil féin, & do bheirid damh mórán sgéimhe, & gloini chroidhe, do chum grádha do
5710] thabhairt dom Thighearna; & as do chum na ttrí neitheadh-sa chuirim romham thairreangthar an uile ex{MS page 276}ersis eile sbioradáltha do ní duini sna subháilchibh eile nó gá ísliughadh féin. Agas ná saoil (ar Grádh Dé) gur ab a n-aisgidh
5715] ním seirbhís do na maighdeanoibh-si, ór do bheirid tuarasttal maith dhamh, & tug maighdean díobh, .i. an Bhochtacht, séud buadha dhamh.’

‘Taisbéin sin damhsa,’ ar Des. ‘Atá a ttaisgidh go ro-mhaith agom,’ ar Grádh
5720] Dé, ‘a ndá ionad, .i. am chroidhe & am shealla. As ro-uasal an séud-sa, & as mór an ní as fíu é, ór ní fhuil ionnmhas as fearr, & ní thuilleann am chroidhi nó go ccuirim as gach uili ní saoghaltha, & fós ní thuilleann am shealla nó go ccuirim as a mbíd ann
5725] neithibh iomarcacha gan gnoaidhe ríu, & ní háil leis do chongmháil damh am shealla acht énchéusadh amháin & beagán leabhar.’ Do fhiafraigh Des.: ‘Créud as ainm don tshéud bhuadha-sin?’


p.187


5730] ‘Asé as ainm dhó (ar Grádh Dé) Gan Enní, ór asé so cistte as mó ag an Bhochtach, & así féin baintighearna as saidhbhri ar ah ndomhan, uair an fad mhaireas an cisdi-si ní bhí uireasbhuidh uirre, & ní héidir a bhuain di, ná a laghdughadh.’ {MS page 277}


p.188