Corpus of Electronic Texts Edition
Desiderius: Sgáthán an Chrábhaidh (Author: Flaithrí Ó Maolchonaire)

p.1

{MS page ii}

Brolach nó Reumhrádh on tí do tharraing an obair-se go Gaoidhilg.

Do thaitin an leabhrán-so comhmór & sin leis gach ccrích do chum a ráinig gur cuireadh a Spáinnis,
5] a nEadáillis, a Bhfraincis, a nAlmáinnis, & a Laidin é. Agas ní hiongnadh sin, uair gé mór do sgríobhsad úghdair eili ar na subháilchibh, ag leanmhain luirg an sgrioptúir naemhtha, féadfaidhe nár sgríobhadar fós éinní coimbeag ris féin do sháireóchadh an
10] leabhrán-so, go háiridhe a sultmhaire na sligheadh fuair.

Foillsighidh go huaigneach aithghearr ní headh a mháin an modh ar a bhfaghthar na subháilche ó Dhia, acht fós an modh ar a ndearbhthar na dubháilche;
15] & tráchtuigh gach éinní comhshaoidheamhail & comhshuairc is sin go ttairngeand uile úigh & inntinn an léaghthóra air féin, gé go mbeidís mórán gnoaidheadh oile ar a aire.

Do mheasamairne, & do mheasadar daoine eile
20] (agá bhfuil ro-aire ar chuidiughadh léna ccáirdibh & léna ccomharsanaibh dul ón oilithri-si dá ndúthaidh fhíre, go flaitheamhnas), go madh tarbhach a chor a Ngaoidheilg do thabhairt shoillsi don chuid dár ndúthaigh {MS page iii} nách tuigeand theangtha eile, ar na
25] neithibh naomhtha theagaisgeas. Agas gé nách fuil acfainn ná iomadumhlacht san Ngaoidheilg aguinn,


p.2

& nách mó a támuid; ó aois mhic fhoghlama anuas, a ngar do na seinleabhraibh acht imchian uatha féin & ón aois ealadhna ó a bhfuighmís ar sáith do
30] sheanfhoclaibh snasdha, nách biadh ro-dhorcha, & dobadh tarbhach do tharraing chum gnáthaighthe, & ó a mbeith an teanga saidhbhir so-ghabhála ar na neithibh maithi atá sna teangthaibh eile, & ó a mbeith an labhairt líomhtha—ar a shon sin má thig linn
35] amháin, maille ré congnamh an Choimdheadh, na neithi-se do chor síos go soilléir sothuigsi, saoilmíd go madh lia do na daoinibh deaghaithneacha deisgréideacho ghuidhfeas oruinn ar son ar saothair, iná bhias ag iarroidh toibhéimi do thabhairt dár ndíthcheall
40] ar son simplidheachta na sttíli inar sgríobhamar go sonnradhach chum leasa na ndaoine simplidhe, nách foil géarchúiseach a nduibheagán na Gaoidhilge. Gidheadh, dá ndeachud oraind seacha so, anmaoid ríu ar rádha S. Aibhisdín, adeir: {MS page iv} ‘Créd an tarbha
45] atá, san eochair órdha muna osgailtear lé an ní iarrmaoid d'osgladh, an tan nách fuil d'fheidhm aguinn ría acht sin; nó créd fá budh ionbhéime eochair mhaide dá n-osgla an ní sin dúinn?’1 {MS page v}


p.3

Brolach no Reamhrádh na hoibri-se
50] on Ughdar

As cúis náire & iomaithfir gan duine do thabhairt altuighthe buidhe don tí ó bhfaghonn troimthiodhlaicthe. A Iosa ionmhuin iodhainmhilis, atáid na leabhuir lán don eólus do badh cóir dhúind do bheith
55] aguinn ort, ór atáid do ghnáth ag foillsiughadh & ag fógra do mhórdhachta naomhtha & do dhiadhachta ina bhfulle féin, an tAthair, & an Spiorad Naomh comhaondha, diongmhála do mholadh ó chroidhe os chionn an uile chréatúir ón dhuine do chruthuighis.
60] Os a cheann so atá do shoisgél naomhtha sgríobhtha lé fuil do dhaonnachta ro-uaisle do doirteadh ar ar soinne dár bhfuasgladh ó anchumhachtuibh an diabhuil (agá rabhomar inar modhuibh a mbroid & a modhsuine), & do chum ar ttarruingthe do chum
65] eóluis do mhaitheasa doichríochnuighthe & th'árd-uaisle, & do chum ar ngluasochta do chum do ghrádha & th'umhalóide.

Atá, a Thighearna, ar an modh ccéadna an domhan uile lán do sheanmóntuighibh, do lucht stoc
70] & bheann mbua{MS page vi} bholl, .i. do chrétúire ag fógra do dhearsgnuidheachta & do shubháilcheadh dhúinn, & dár ngríosadh do chum grádha, ónora & rebherens do thabhairt duit mar Thighearna & Chruthuightheóir na cruinne, & do chum go ttugmaois buidheachus
75] duit mar Shlánuightheóir & mar Athair ró-ghrádhach ar son ar dháilis do thiodhluicthibh & d'aisgeadhuibh dúinn, nách éidir linn do chútiughadh go bráth, gé go n-iodhbramaois ar mbeathaidh a sáicrifís & a n-offráil shíordhúidhe dhuit.


p.4


80] Dá éise so uile, a Thighearna, gé gur thasbéanuis an urduil sin d'airghibh th'annsachta dhúinn, trér dhlighis dínn ar ccroidheadha do bheith ar chomhlasadh dod ghrádh, ag seirbhís do ghnáth dhuit, ní hamhluidh sin do nímíd, acht bheith lán do dhearmod
85] & do dhíochuimhne ar do mhaith, lán do tharcuisne ar do thoirbheartuibh, iomfholamh ón ionmhuine & ón ghrádh do budh cóir dúinn do thabhairt duit, & lán do chiaigh & do chomhdhorchocht eóluis do dhiadhochta, nách mór go bhfaghthar aoinneach rod
90] smuain ná rod sir. Agas ní headh amháin achd atá an {MS page vii} saoghal uile iar nad sheachna & iar dteitheamh ód chaidreabh chaoinmhilis, ag breith do roghuin bheith a réghión an pheacuidh seach bheith a n-aitreibh chíuin cheandsuighthe do Spioruide. Ar
95] an n-ádhbhar so, a áirdThighearna, do chum go mbeithea iarnad th'aithne agus iarnad ghrádhughodh & iar nad h'onórughadh ód chréatúiribh, do chuir do shearbhóntuigh mídhiongmhála roimhe, maille re foghor agas lé beannachtuin do mhórdhachta, ó ttig
100] an uile mhaith, an leabhrán beag-so do thionnsgnadh & do chríochnughadh, do ghríosadh do fpobail, & go sonnradhach na ndaoineadh riaghaltha, agas na mbocht do thoghais mar oighreadha ar fhlaitheamhnas, do chum subháilche agas naomhthachta, ag
105] léigean, gan fhéchain dó so, an mhéid a déar do chum breitheamhnais agas ceartaighthi ar naomhmáthar an Eaglas. Gidheadh, a Thighearna, mar atá tréar bpeacadhaibh san drochaimsir-si, croidheadha na ndaoineadh lán d'fhuaraigheacht agas
110] d'aimhleisge fá neithibh spioradálta do bheanfadh réna slánoghadh d'éisdeacht, do conncas damh an obair {MS page viii} mbig-si do chor amach a modh uirsgéil do chum blasa do chor at an mbiadh-sa lé ccuirfidhe


p.5

cíocaras ar chách, agas do chum go madh móide do
115] choinneóchdaois 'na meabhair é, ag aithris amhlaidh so, a Thighearna, ar sdíl do shoisgéil naomhtha, atá ar n-a líonadh d'uirsgélaibh. Guidhim ar na hádhbhuraibh sin, a Thighearna, do mhaith gan fhoircheann um ghrásaibh do thabhairt damh croidheadha
120] an cháich léghfeas léaghfeas an leabhrán-sa do lasadh dod ghrádh, agas gach a léaghfaid ann do chor go laitheamhail a ngníomh agas a n-oibrioghadh do chum do ghlóire agas slánaighthe a n-anmand.

Amen.

p.6

{MS page 1}
125] Do Sheóladh nó do Thabhairt Asteach na hoibri-si

Do bhí díthreabhtbach diadha ag foghnamh do Dhia aimsear imchian i n-aroile fásach, a bhfad ó aitreibh dhaoineadh; & ag smuaineadh laithe n-aon
130] dó ar a ttabhair an tEasbal 2 d'adhmholadh d'adhmoladh ar ghrádh Ndé, .i. gur ab lais choimhlíontar an dligheadh agas iomlánaighthear an reacht, agos gurab é as críoch dona haitheantoibh, agas gurab de ghoirthear cuibhreach na foirbhtheachto cheanglas sind comhdhaingean
135] is sin do Dhia go ndénann inn d'éinspioruid, 3 táinig fonn ádhbhalmhór chuige dul d'iarroigh an ghrádha-soin Dé & a eóluis san ccéim as uaisle & as foirbhthe inar héidir léar n-anbfhainne dhaonno a fhagháil san bheathoidh urchradhoigh-si.


140] Or dá labhrom ar ghrádh Ndé go huilidhe, atá i ttrí céimeandaibh, gé go bfhuil cuid díobh so as uaisle & as foirbhthi iná chéili, .i. an chuid as fearr cheanglas {MS page 2} ar spioraid do Dhia. Is leis an ccéidchéim don ghrádh-so cheanguilthear ar ttoil do Dhia. Or
145] cuiridh an céim-si d'fhiachoibh oruinn aitheanto Dé & na Heaglaisi agos gach ní oile dá mbí d'fhiachoibh oruinn do choimhlíonadh, & ar ttoil do bheith coimhghreamoighthe & sin do Dhia nách áil linn ar mhodh ar bioth éinní do dhénamh do chuirfeadh
150] d'fhiachoibh orainn na haitheanta do shárughadh. & atá an céim-si 'na riachtanos ar an uile Chríosdaighe, & as lór é do chum a shlánaighthe, & ní héidir an lucht ó tteasdaigheand do cheangal do Dhia, ór beid dealaighthe uaidhe do shíor, mar a deir Matho
155] Soiphisgél, 4 ag labhairt a n-ainm agos lé briathroibh


p.7

Ioso lá an Bhreitheamhnuis: ‘Seachnoidh mé tre bhioth shíor, a dhream do oibrigh na peacaidh mharbhtho, & do chríochnoidh bhur mbeathuigh indtibh.’ Tuigthear as so gibé ar bioth atá a bpeacadh
160] mharbhtho go bfhuil gan déshearc, agus ar an modh ccéadno gan fhoirbhtheacht, & go bfhuil dealuighthe ó Dhia, & gibé ar bioth d'éis a bhaisdthe do rinne a dhíthchioll ar a anam do chongmháil go {MS page 3} glan ó na peacadhaibh marbhtha, nó, má do shalaigh é,
165] do rinne a dhíthchioll ar a ghlanadh lé haithreachus & lé faoisidin, go bhfuil an céidchéim-si don déshearc aige & go bhfuil marsin foirbhthe do réir an fheallsaimh a deir gurab é as ní foirbhthe ann an ní ó nách teasdaigheann a riáchtanos.5


170] Ar an ádhbhur-so gibé ar bioth Críosdaighe agá bhfoil go comhnaightheach éinchéim do na grásuibh lé nglantar agas lé naomhthar ar n-anom, atá gan fpeacadh, & atá mar sin san chéidchéim-si do ghrádh Dé. Ceanguilthear lé grádh Ndé san daro céim ní
175] hí amháin ar ttoil do Dhia, acht ar smuaintighthe ar miana & ar bhfuinn, ionnas nách bí aire aguinn ar ghnoaighibh an tsaoghuil, ná cúram ar bioth 'na ttimchiol, acht go ttairrngeamaoid sinn féin uatha in gach ionad agas gach aimsir as éidir linn. A sé
180] so an dara céim do ghrádh Dé, & an céim as uaisle & as foirbhthe as éidir dhuinn d' fhagháil san bheathaidh dhuthain-se. Gidheadh, ní hé céim as foirbhthe don ghrádh go huilighe é, acht an treas céim, .i. an grádh {MS page 4} bhías aguinn ar Dhía a bhflaitheamhnas, an
185] uair do chífeam é go follas aghaidh ar aghaidh, & bhiam do shíor ag buain ar sóláis as a dhiádhacht & as a dhaonnacht; & asé an céim-se don ghrádh do ní eidir ar n-anam & Dia an uaimcheangal as uaisle & as foirbhthe don uile cheangal as éidir dhó do


p.8


190] dhéanamh eadrainn, ór ni fhuilngeand an ceangal-sa peacadh ar bioth ná uireasbhuidh ar ar n-anom, & ní mó fhuilngios neamhaire ná dearmod ar bioth do bheith aguinn air.

Fuilngidh an céidchéim do ghrádh Dé neamhaire
195] do bheith aguinn air aimsir fhada, agus fuilngidh fós ina fhochair mórán do pheacudhaibh sologhtha, gé nách áil leis anamhuin a n-éanbhall ré peacodh marbhtha. Fuilngidh an dara céim réd égin neamhaire & dearmuid do bheith aguinn ar Dhia, ar feadh
200] mbeagáin aimsire, agus gé go bfhuilngeand réd éigin do pheacaidhaibh éttroma sologhtha, ní fhuilngeann choídhche ina fhochair peacaidh throma shologhtha, & ní hé so amháin, acht ni fhuilngeand do na peacadhaibh sologhtha bheith {MS page 5} a bfhad ina fhochair, ór
205] caithidh & sgriosaidh iad lé fiuchadh ngrádha. Agas as mór do dhaoinibh diagha & do lucht chrábhaidh do chuaidh d'iarraigh an chéimi-si don ghrádh a n-ionadaibh uaigneacha do chum uaine do bheith aca do chum Dé do mholadh & do ghuidhe do
210] ghnáth; & as chuige so fuaradar & do thionnsgnadar na naoimh, mailli sdíuradh an Spioraid Naoimh, na huird naomhtha chuireas cúram an tshaoghail díobh, do chum a n-aire uile do thabhairt do Dhia. & fá díobh so an díthreabhthach naomhtha-so, ar a raibhi
215] fonn an daro céime-si do ghrádh Dé, as éidir d'fhagháil san bheathaigh-si, d'fhagháil; & as uime sin do chuir roimhi triáll as a shealla & dul fán bfhásach, dá fhéachain an tteigeómhadh éinneach ris do theigéosgadh so dhó, do réir an fhuinn do
220] bhí air, do bhí comhmór & sin gurab uadh ainmnighthear an díthreabhthach DESIDERIUS, .i. fonnmhar do chum grádha Dé agas a fhoirbhtheachta d'fhagháil.