Corpus of Electronic Texts Edition
Colum Cille cecinit (Author: Unknown)
p.172
- Fersaighecht an tempuil tall
go mín is go mall gan lúas,
innis-siu sin is ná ceil
is inmhain sin ar nimh thúas.
- Mairbh an domuin go nguth ngnáth
ó sin amach go bráth mbúan,
fersaighecht lúath is leó is locht,
dobeir sin sprocht ar an súan.
- Ge lúath guth gadhair gloin glé
og tafann fíadha ar bith cé,
is lúaithe an urnaigthe sund
ag tabairt anma a hiffurn.
- Gerb imdha éighemh isan cath
isin mhaidin ar Muigh Rath,
lia éighemh a n-ifern fá nái
ga argain don urnaichthi.
- Sírghabáil na salm 'masech
ocus bíaide na cléirech,
re demhan is mór a fúath
ge mall gabar íat go lúath.
- Itaid ráidh
terc dona cléirchib is cáidh,
amail muilend bís 'na rith
ní dhénann don ith acht cáith.
- An tenga ag gabáil na salm
in t-aignedh 'sa t-olc agarbh,
is hí an chaindel gan tumadh
nach gabhann re fursunnad.
- Mairg fer ngráidh
dá nach tabair in dá láimh,
in lámh timsaighess an crodh,
's a lámh eile 'ga scáiledh.
- Mairg fer ngráid risnach ceisd
an deoch ibhess don linn mheisg,
in deoch sin ge milis leis,
is hí desgaidh an dímais.
p.173
- Mairg fer ngráidh cuires fa choim
in láimh dá linann a bhroind,
dí muna bíatha bochta
bidh pían dó, bidh bithgorta.
- Bidh olc bías a n-éire sunn
antan raghus don aifriunn,
an sagart santach selbach
celgach fergach mórmenmnach.
- Dá mbía ag fursannadh caindel
's ag lúagh léighind co hanghuidh,
ga múchadh gu coimsi cain
ag búain tsoillsi don anmain.
- Maircc dána bés bithagra,
maircc nách ríaraigh a líatha,
ní maith borb ré cairechadh,
beridh sleamuin a fíacha.
- éirgidh in fíachach fáthach
go gnáthach is go glétheach,
dá síre tír n-ard nérenn
nocha n-éirghinn in t-étheach.
- Is mé Colum Cille ó Néill,
dúthrigim cobair d'éirinn,
gach olc thiucfas rena slúagh
nocha lim-sa nách lántrúagh.
- Mé Colum Cille na clog
's am aontadhach re heaspoc,
ní gnáth dam suidhe re slúagh
nogo rab duine rothrúagh.
- Mé Colum Cille gu becht
mac Feidlimidh na naoimhfhert,
nír lág re sechtmuin am corp
ni nosásadh bocht aoinfhecht.
- Nem abus ocus nem tall
in Coimdi cia da tabrann,
as é as nemdaidh uile
dá nem d'faghbáil d'énduine.
- Madh hé in doman thall chara,
bí a péin abus géin mara,
madh bus let as gaire
dochum nime ní ragha.
- Gach sen, gach sagart salmach,
is de bus tarbach a tress,
acht manbad toiscce doghébadh
anadh do léghadh na bfers. F.
- Mé Colum Cille gan feall,
romchar Rí na rend gan chess,
gairit lem gacha dardaoin
beth ag mo Rígh ac rím ferss. F.
- Cethri ar fhichit co fír
ar bélaib mo Rígh rofeas,
bindi leam ceól áoinfhir díbh
iná a fhuil in bar tír ag rím fers. F.
- A Báithín mhóir bághaigh bháin,
aithin dáibh dénad a les,
mar doníad cuirp do níamhadh
dénad don Rígh ríaghladh fers. F.
- Do chabrus Fínnachta fíal
do bí thíar a lén rofess,
d'fhágus hé a Temraig na rígh,
maith mo ghnímh ac rím na fers F.
p.174
- Do chabrus Cairbre gan scís
ón lon chráes do bí 'na chnes,
ón ló dofhúarus a fhis
dofhóires lé criss mo les,
iss edh fodera sin go fiadhnach,
m'fheabus don Rígh ag ríagladh fhers. Fersoidhecht.
- Geinfidh Adhamnán 'na cill,
bid cléirech glan grind rofes,
saorfaid banchuire fhear Fáil
ac rér a mháthar 's gá les,
is bíaidh ga himchur gan díamair
re secht mblíadnuib, mar do feas,
nogu toir ón Rígh 'na dháil
na mná do shaoradh gan ces,
bíaidh sé 'na abaidh co fír
a ní ag rímh 's ag ríaghladh fers. Fersoidhecht.
- Nindidh Láimhedón dar leam
ag réir Brighde gan fheall tres,
is é doní a comna a nDún,
maith a rún ag ríaghladh fers. F.
- Cainnech is Comgall, días fhíal,
soir síar 'gam ríar mur rofes,
a guide an Ardrígh go cíamair
ga píanud ag ríaglad fers. F.
- Clanna díre a n-agaid Pádraig
láidir in duine re tres,
domarb Pádraig clanna díre,
fúair ón Rígh ag ríagladh fers. F.
- Ní fregéra talam túar
tiugfa úair bid trúag in treas,
m'aigned-sa go hecht ga thúr,
bid terc crann úr & meas,
nocha bía saltair ga légadh
a carcair nó ag ríaglad fers. F.
- Racha a mblicht óna búaib,
nocha bíaidh ith thúaidh ná thes.
ní gébtar sailm a ndamlíag,
acht sgairb is brég ar son fers. F.
- Gan sechtbairgen réill re cobair,
gan foghail dóib féin rofes,
áenta shoisgéla go fír
recha úathaib gan gním fhers,
nocha bía cádhus farír!
a n-árus na naomh do fes. F.
- Sáiréochuid Goill & Gaoidhil
ní bía gním éinfhir ré leas,
teithfidh gach cuire fon coill
gan fuireach a cill re tress,
nocho bía eaccnaidh mo núar
a n-ecclais acc lúagh na fers. F.
- Budh troma easboc ar cill
ná gach rí re lind rofeass,
tiucfaidh na ndáil saoth is imnedh,
tráethfuidh íascc inbher is ess,
ní airémhad naomh ná feathal,
budh sáebh a treathan ré tres,
p.175
ní cretfid Athair na ndúl
acc tochailt mhúr & less,
trúagh lium a mbladhmand budhchéin
a n-anmanda a péin rofeass,
budh beacc a foghnamh don Rígh,
budh terc don díne acc rímh fers.1 Fearsoidecht.