- Is trúagh in cess i mbíaam,
ni fess cía húair i mbáam,
dénam coléic ar figill,
bés nách inill atáam.- Gudim Críst cid in lín-so,
dligid cíosa mo dhúan-sa,
ná rísam dubloc ndomain
ar sheirc don doman trúagh-sa.- Léicem don maith nád méra,
gudim in Flaith fri búadha,
arna suthaine síra
renam duthaine trúagha.- Cía bet na rígh fri reba,
a feba nitat búana,
in fer dorighne tréna
dogéna condat trúagha.- Duthaine betha brígae
it urchraide rocúala,
acht nech friscungnae ar Fíadha
ní cíana condat trúagha.- Mairg raghas risin dáil-si
indiu don bith bán búan-sa,
muna foichlicher caladh
bid olc in tadall trúag-sa.- Rosáifaidh huile a sídhsa,
roscáith slaidhe na túathsa,
tre cinta Gáidel ngnímhach
tucad in dígal trúag-sa .- ísu, bid hé mo dín-sa,
dligid císsa mo dúan-sa,
bidh a moladh cía ghén-sao,
cía bam tréun-sau ban trúag-sa .Is t.