- 'Sa ráith-sea rucadh Muiri,
máthair Ísu foltbhuidhi,
in óg is fearr rugad ríamh
ó tucad ceand 'sa cédrian.
- Ar in leic tana-sa tshair
da scar Muiri re máthair,
tucad ó fhíndÁdham ind
a himbáthad1 o hIachim.- Re slis in teampuill-sea tíar
táinic da guidhi Gabríal
ó táinic lín Gabhríal gil
ba beangíall Rígh in ríchidh.- Ar scáth na tuireadh-sa thall
da scuch in rígan roscmhall,
rob imnár le Muiri móir
guide d'imrád ar fhíróigh.- Ar in leic luim-sea láim rind
táinic Crít ina cholaind,
daróine ar síth mar sin
gan díth óige donn inghin.- In dá tulaigh-sea aratám
da cuir dochur don domhnán
díbh ro cabradh cland Ádhaim,
adbar rand as rochrábraidh.- Dá mac is fearr rugad ríamh,
Eóin baisdi is Íssu ar áenrían,
ro bo cubaidh a cagar,
ón dá thulaigh tángadar.- Máthair Ísu as thulaigh túaidh,
rosc mall gas ós a geal-grúaidh,
máthair Eóin is tulaigh teas,
sceóil reis nách cubaidh coimeas.- Máthair Eóin búadigh baisdi,
bean gan adbar dhíchaisgi,
a rosc mongach nár mór reacht,
torrach 's an Ógh a n-áenfeacht.- Áen da lá dacaidh ar cúairt
máthair Ísu nárbh anshúairc
d'fhis na mná 'sa tulaigh teas,
ro bo cubaid a cairdeas.- Nír duine and mac Muiri
a mbroind na cnó cubraidhi,
nír abaigh a feoil ná fhuil
fa Eóin fan abaid n-úasail.- Bidhgas a mbroind a mháthar
Eóin baisti is nír baeth-láthar,
ó dha airigh a athair
isin maigin mínscathaigh.- Léigis Eóin ar a glúinibh
tall isin gil gormshúiligh,
beg náhar toll a taeb geal
in craeb dond gusin dúi-leamh.- Tig Muire da tig atúaidh
gusan dún-sa gan dimbúaid,
a slis bláith-si 's a barr glan
tall isin ráith-si rugadh.- 'San ráith-sea darindead fós
oileamain Críst fa chétnós,
da bí Rí nimi in seang saér
treall as nr miri macaémh.- Lá dacúaid mac Muiri amch
'na macám data dimsach,
fear feadhma deas ar gach ndán
da nderna cleas na croán.
- Crocán a láim gach leinim
gusin fúarán foithreamail,
cuiris Muiri mear nár tuig
fear a toigi don tibraid.- Brisis Críst a chrocán féin
risin macraidh co míchéill,
airead copán mín don muigh
do chrocán díb ní deachaid.- Éirgid co Muiri mná in tshlúaigh
da chasaeid Ísu a n-aenúair,
teagaid don bondbáin bághaid
congáir 'mana crocánaib.- Éirgid mac Muiri móiri
re greasacht na glanóighi,
ní rúacht bas leabur ná lám
ón leanam chas gan crocán.- Blog don chrocán na céili
da cuiread flaith findgréini,
ger tseang a tráth is a traigh,
nír fearr a tháth ó thosaig.- Aig sin reabrad daróini
macám mín na móróigi,
in bláth derg, in bili bán
mo chraidi ceard na crocán.- Léim beg ele tug a traigh
asa beind-sea ar ar mbélaib,
léim don beind fúair d'araile
ina stúaigh theind tsheabcaidhi.- Mac fir in baili-sea abus
táinic taem dó da díumus,
fúabris féin in cleas cétna,
beas ro bo réim rodédla.- Leingis a ndiaidh meic Muiri,
ní toracht trían conairi,
fúair ar sás na flatha in fear
bás, ca fatha um nách fuígbeadh?- Éirgid súas co Muiri móir
lucht na cathrach a cédóir,
teagaid a n-aigid uili
ar in raghil rígnaidhi.- 'Ná measgaid ar mu máthair!'
ar Ísa in fhuilt chlaenráthaigh,
'tiucfa in mac cétna ar bar cloind',
ar in tshlat dédla dígaind.- Déchain ro déchsat na slúaigh
re hóir in maighi mongrúaidh
adcíd mac Muiri 'sin magh,
's an tshlat oile 'na adrad.- Airsin gairthir a gairm rígh
do mac Muiri na mórgním,
ráiti rí risin ngíall nglaánn
da bí ríam arna rígad.- Teagar in tulach atám
da uiri cona macámh,
port saer {MS folio 115b2} a raibhi rabháigh,
baili na naem Nesaráith. S.- Adlochur da Muiri móir
in leac da bí fan mhánóigh,
in stúag-sa da bhí fa bond,
in clí trúag-sa 'ga tadall.- In feóil beg-sa 'sa bruindi
da chum Ísu umainni,
in corp tláith-sea nách dúal damh,
trúagh nách 'sa ráith-sea rugad!Sa ráith.