¶1] A haithle na n-ilpian sin rosoastar an t-aingel o doirsibh ifirn. Leanuis immorro an anam co laimthenach. Roimdigh an brenta sin uatha iar cen mair. Tainig soillsi dermair chucu iar n-athchur an dorchadais. Iar ndicor a n-ecla fuaratar millsi, ar n-athchur a tuirsi rosolasaigeth28 iátt. Ba machtodh mor lasin anam an claoechmadh utmall sin fósfuair. Atbert: Ó a tigerna, cinnus rosolasaigiodh mar so mé? Nat-uamhnaighter, ar an t-aingel, daigh rodbennoiged, et bid innill do
¶2] Ní cían iaram antan adconncutar {MS page 802} múr adbul ardmór et lin diairmhe di mnaibh & d' feraiph for a scath. Gaoth et ferthain aga todáil forro et a lordothain soillsi acu gan brentaidh. Agso, a Thundail, ar in t-aingel, an lucht robad brechtnaigthi isin bith itir olc & maith et nach derna a maith29 techta ar bhochtoiph De. Conid aire sin bidh écen doibh gaoth et ferthain co ngorta et iotaid dá ruiphiochtain amlaidh so fria ré cían. Acht chena tornoigfid cusan mbethaid suthain fa deoith.