¶1] O roascnatar iar sothain an t-aingel hi remthos {MS page 795} et Tondal ina divith atconnairc diuh Tundal an mbesd n-angbaid dona facuidh samail riam. Da chois et dí sgiatha fuirri. Ba himdo a muin et a gulba, accus ingni iairn lé. Tiged ém lasair domuchta asa gincraos.
¶2] Is amlaidh robui, ina suide for loch oigre. Nosluiged sí na hanmanna ainbfeachdnacha et dono nodíleagodh iad gomadh villide a piana, accus nodothad isin loch oigre iad co n-athnúaidhighthi iad afrithisi .i. día pianodh. Ba torrach in béist sin o uiliph anmonnaibh co hinbaid a tusmedo, et siad ag a cnamh accus ag a cognam amail toirrcnius na herci slebi. Iarna tusmed immorro is ed is altrom et is leasugud doibh: tonn(a) fuar na muire mairbhe arna techtodh ó oigri. Ba ina nathrachaib neime notuismighthi iád, accus nolindais ifern da nglaodhaib et beicethaigh accus nualla árda.
¶3] Ní hiar nadúir nama notusmigthe an clann sin. Is cuma nobered iad ar a cléib et ar a gulbain, ar a lamhaib et ar a hingnibh, ina mbéistiph gan cenduibh ar lasad, co nguilbnibh iarnaide do dluighe et teasgad na haite o tangatar. Nobidh nuimir mor do deilgnibh iarnaidhe ar a losaibh amail dubanaigh aclaidi do phianadh na n-anmann ó tangatar riamh. O na cumgaidis na herpli delgnacha sin léo, dogabhdis gles da ngobaib iarnaide i curp na péiste, no co tochaithtis a nguibh amhlaidh sin. Doclos co nellaibh nime glaodbheicethoch na piast et an aigred ag a brised fothai accus gaire na n-anmonn ag a pianad. Batar leo dono tengtho béoa am-mudh nathrach et nocaithdis iatt conuige a sgoma & a n-airtre. Batar dono bandacht na mban et ferdachta na fer i ndeilbh nathroch nimhe, accus iátt ag tesgad & ac sgaoiled a mbrondann féin et ag srengad-tarroing a n-innedh eistiph fein.
¶4] Ag so, a Thundail, ar in t-aiggel, pian na manach & na canánach accus na caillech nduph et lochta na hegailsi archena dirinne breg & faill im Día accus na rocomuillsitt a riagail accus aga mbidis tengtho géra mar nathrachaibh accus nár' {MS page 796} caomhain siad a mboill ar dóailchib et drochoibrigthib. Ag so fos pían gach dreme truaillius iatt féin o druis ainmesarda.
¶5] Asa haithle sin tugsat na diabail sreng-tarroing ar Thundal onn aingel accus telgitt a nginoil na péisti iaram hé Iar bfulang et faircsi pian n-ilerdo da Thundal a mbulg na péisti, do taisiulbh an t-aingel hé fein dó Lean misi hifechdsa,