Corpus of Electronic Texts Edition
Aisling Tundail (Author: [unknown])

section 7

De bestea monstruosa et terribili

¶1] Iar ceimniochad an drochit doibidhe ricit t slichid ndorchu ndobheoil. Iar scis n-imda atchí an anmon trúag béist annsa anetorgnaid. Ba mo oldat na sleibhi riamh. A derca4 amail cnoca tenedh co nginail ursoilcthi, lé i tallfadh lección d'feraibh fo n-armaibh. Da aitheach forgranna ina béola, amhail bidh ina seasamh fobeitís, edon5 buinn indala næ ag a dét n-ichtoir, a cennmullach ag a dét uachtarach. Araile a contrarda-sidheic. Siatt ámhail colúmnai in doimhliacc ina béola, gurba trí dorchlo a hail n-uadhaibh. Lasair dermhair o béola. Dobidis na hanuim ig á fordinge issin lasair sin cenip áil dáibh. Ticcedh morgath aduathmar óa gin. Doclos gaire et nuallgubhu ile inte iarmethón. Dethbhir sen, oir battor ilmile do dáinibh ina broin. Robatar airbri mora do demnaibh ag sraichledh na spirat trúag et ag á fordinge ina craos.


p.99

¶2] Itbert in anmain co himeclach6 risin aingel ic faircsi in torathair sin: ‘A tigerno, ceath fa tegi ina fogus sutt?’ Dixit angelus: ‘Nir comlionadh ar ceilithe gon deachvin trempi. Deich ní mo nait daoine togaidi sechnait in péin ott. Achero a nomen. Is i7 fordivclomos na santaigh, is i sluigius na srotha. Att menmarc8 lé sruth Iardanen di snighi ina gin. Na hathaig itchi ina gincraos, ag sud an drong robui fallsa gan chogus isin tsaogal fecht riamh.’

¶3] Tet iaram in t-aingel i focruibh di & lenuis an anaim he, gerba lesg léi. Tigit ina sesom ar belaibh na péisti. O roderc an anoim seichi, ní facaidh in aingel for nach leth. Roifagbad an anoim trúag a haonar. Robatar na deamna ag a timchellad amail arcono. Iarna sraigledh & sgiursadh rotarraingset léo hí co fairgaibhset i mbulcc na péisti. Ba haithenta ar in mbethaid frisar' impa a méd ropianadh annsin hí. Robatar 'dibh madraid accus leomain accus nadhracha neimhe ag a crinadh accus cognamh accus araile {MS page 776} anmanna anetargnaid archena. Na deamhno ag a sraighledh. Teas ag a dodh accus loscad, accus fuacht dímár béus. Tuth na raibhe ag a pianadh. Céo for a derca accus snighe dér. Crioth for a det accus araili piána examlæ.

¶4] Lasothain dobí an anuim ig cosuid air budhne in gach ulc da ndernadh riemh go toirsi accus dercaineth, accus ag dlochtadh a oinigh diá ingnibh accus méraibh. Intan rocinn a damnadh, fosfuair é fein gan rathugoth allamoich dan bhéist. Iar mbeth eadh cian uaidhe oisluicc a ruscco go henirt accus atchí in aingel cetna. Gerbo sgidh imnedoch é, romolustar Diá co mór t faircsin an aingil. Togbaidh lais é accus tiagaitt rompo asendoth.