Corpus of Electronic Texts Edition
Aisling Tundail (Author: [unknown])

p.93

section 1

¶1] Da ardcathraich erccnæ adhamra atáit i nEirinn .i. in Macha n-aireagda budhtuáith et Caisel na riogh allatheas. Is isin Caisel soin rochin an fer n-amra iar trill, gerbha holc a beatha ó tús. Tunttal atacomnaicc. Ba huasal iar bfuil; bhá crodha ar ái ngnimha; bhá hettrocht ó churp, acht cená fa heisliodhach immo anmain. Deich ceciph no imrordaighfead Críst ina cedfaidh, nó ingreimeadh et nó míonoraigeadh go mór. Bá huathmor aingidhe imon ecclais, ar ní fuilngeadh bochta in Coimdeth ina freacnairc. No fodhladh gach ní fagaibedh ar adbclos ó doinibh et ar sotloi occus uallachos. Ba hilarda a caibne & a charoid.

¶2] Dorala tria gabhra ar iris sainrethach d'fiachoibh ogo. Teit dia cuinngidh i cinn an aighé. Ua foilid a iris & a feichemh riamh. Anois tria hoidchi ina farrad. Siris a fiach asendoth. Atbert an feichemh na raibhe lais do i n-aigid. Rolonnoiged iaram occus rotriall imdiocht lá sodhain. Rogab a ceile ag a tlaoghadh & ronguidh imthomailt a túara sív no-imdigfed. Rosoad samh iaram & rotinnsgain a acnamodh do thocaithemh iaramh. Ho rohín a dæ chugæ, ní 'macumaing a feacad goa bheolu. Ro-éghestoir ca hartt et rontuaircc a uassu. Rontrasccradh a corp co talmain feivh bid marbh. Doriachtottor fidracha an ecca adochomm. Reithit a caraid chuicce ar gach leith, toccbuither na buird, eigid in teglach et an fertoighes. Sintear


p.94

an corp, togairmther an clíar. Ingantaighit an popul, buaidirther in cathair uile tria oibne a oidhedhai.

¶3] On cethramhad uair dia cedáin cusan trath cédna don tsatharn robói amail gach marbh an oired sin. Acht chena norathaighidis lucht a minfechta teas biog il-leith clí an chuirp. As aire na rohadlaiced frissin. Iar suide roceimnigh a spirut co henirt inn. Ba hingnad la sochaidi anní íhin. Ro-oslaic a derco go hanbfann. Rofochtodh de inarb ail do comain et sacrafaicc. Ro-ointoich a gapail cuige. Iar caithem cuirp Críst {MS page 772} et a fala rucc atlugud buidhe et moladh do Día occus dixit: ‘O a De! as mo do dilgud-sa et do trocuire inas mo fpectho-sa, gidh am róipecthach. Dotaisiulbois mar do triboloitibh dhamh et dovccois a firdorchuto thalmhan inn.’ La sodain fochétóir rofothoil gach ní fobúi lais do bochdaib an Fiatha. Ro-erb a sighnomachad d'airrde na cruche. Tobert l frisin mbethaidh riamh.

¶4] Anno Domini .i. nói mbliadna et céd occus .xl. isin dara bliadain iar nuadhachad Iarusalem, Conradus fa righ Roman in tand soin, Eugenius fa papa isin Roimh, as í sin bliadain i tainig an papa sin on Gaillia go Roimh1, is i sin bliadain ina facuidh Tuntal an aisling si. Rotinnsgain anní adconnairc et roches do innisin iaram.