Corpus of Electronic Texts Edition
Eine Variante der Brendan-Legende (Author: Unknown)

section 4

A mbatar ann la n-aile {Brussels 5100-5104 page 14} forin muir, tainic diabul chuca i ndeilbh sentu aduathmaire inglaine ifernaidhe, co-ndesidh for seol in churaigh i fiadhnaisi Brenainn a aénur. Ni-fhacaid dí nech dib siumh é acht Brenainn a aenar. Iarfaighis Brenainn do dhiabhal, cid ma-tánic a hifern riana aimsir coir .i. ria n-aimsir na heiseirghe moire. ‘Is aire immorro tanac’ or diabhal, ‘d'iarraidh mo phianta i clúsalaibh doimhnibh in mara duibh dorcha sa.’ Iarfaighis Brenainn dosomh: ‘Cidh ón, caít itir a-fuil in loc ifernaidhe sin?’—‘Truagh sin’ ar diabal, ‘ní-cumhaing nech a faicsin et se beo iarsin.’ Is annsin foillsighis diabal dorus ifirn do Brenainn. Et feghais Brenainn iarsin in carcair ngairbh nguirm sin lan do bréntaidh, lán do lasair, lan do mhosair, lán do longpurtaib na ndemhnu neimhnech, lan do ghol & do eígim & do ercoid, & gaire truagha & nuallguba mora, golfadach & basgaire na tuath peactach & bethu dubach bronach hi cridhe pheine, i carcraibh teinntigibh, i sruamhaibh na sretha sírteinedh, i cailiuch bithbroin & baís cen chrích cen forcenn, i lathachaibh dorchaibh, i cathairib tromlasar, i n-imat broin & bais & ríagh & cuimreach & tromtreas ndichumhaing co mbloedhgail adhuathmair na ndemhna neimhneach i n-aidhci bithdorcha bithuair bithbréin bithsalaigh bithchiamhair bithghairbh bithfoda bithmuichnig


p.413

mharbthaig malartaigh muchna mhongteinntigh iccair imnair adheítig iffirn, hi slesaibh sliabh sírtheinedh cen anadh cen airisemh, acht sluaig demhna ic tarraing na pecthach i carcraib troma tenna tee tenntighi, dorcha doimhne diamhra dímaine daéra dubha deinmecha, salcha seda senta sirbrena sirdebtach sirtrodach sirscith sirmarb sirbeo. Gol ger garcc goethach golfartach gréchda geranach gothach goirt gergairmnech gubhudach.
    1. Cruma croma cruaidhi calma cendmora.
      Piasta buidhe bana belmora.
      Leomain lonna lanluatha leidmeacha.
      Sebaic roda ruadha roarda.
    2. Drecain dercca duba dronnmora deinmecha.
      Ticcri trena tuathbertaigh.
      Scoirpi gorma gimacha.
      Griba garba goibgera.
    3. Cuile goirte guilbnecha.
      Creabair croma cruadbghobacha.
      Farcha troma iarnaighe.
      Susta senta sengarba.
Claidhbe gera. Gai ruadha. Demna dubha. Teinnti brena. Srotha neime. Cait ac sgribadh. Coin ag leadradh. Gaduir ag tabann. Demhuin ag blaeghaidh. Essa brena. Lathacha mora. Cuithe dorcha. Glenda doimhne. Sleibhti arda. Creaca cruaidhe. Sluaigh demhna. Longport salach. Pian cen anadh. Saithe sanntach. Tochur meinic. Troid cen fuireach. Demhna acc pianadh. Imad riagha. Betha bronach.

    1. Airm i-filet srotha secdha,
      serba senta sirbréna,
      lobhta legtha loisctecha,
      loma luatha lantei lethna,
      cumga cruaidhe cairrgeacha

      p.414

      foda fuara fodomna,
      beca mora feichtecha
      Sirthe sínte súaiti sothoirsecha
      Moighi loma loiscthecha
      Tulcha corra gímacha.
      Glenda croma crumhacha.
      Mointi garbha deilccnecha
      Coillti dubha teinntighi
      Slighti salcha biastaighi.
      Mara techta tulbréna.
      Cloithi aidble iarnaidhe.
      Usce duba doimhillsi
      Aiddi imda examhla.
      Samhud salach sírlobtha.
      Gaetha goirti geimhreta
      Snechta {Brussels 5100-5104 page 15} secda sirsilte
      Lanna derga teinntidhe
      Gnuse daéra dubhacha.
      Demhna luatha leidmecha
      Piana aidble eccsamhla. 8