Corpus of Electronic Texts Edition
Ein altirisches Gedicht über das Ende der Welt (Author: Unknown)

p.195

Ein altirisches Gedicht über das Ende der Welt

Aus Laud 615, SS. 132-134.

  1. Dofil aimser laithe m-bratha,
    bríghach tornech,
    rogab crith in domun druimnech
    fon m-bith m-bairnech.
  2. Báithfither fír, fotha n-aimser,
    trúagh ind airmairt,
    crínfaith gach maith, mór tonn treablait,
    mairg dodnairnic!
  3. Taircéba olc,
    bidh mór in t-olc la cech n-duine,
    raghaidh cech recht tar araile
    fon m-bith m-buidhe.
  4. Báithfithir cích ocus cothach,
    rúagh ind álaigh,
    ní bía clóemhclódh forsind áiremh
    fri síl n-Ádhuimh.
  5. Ní bía cáthus, ní bía cluche,
    ní bía áenach,
    forrír! tiucfa aimser dérach
    fo ním nóemach.
  6. Ní bía cert ná recht ná ríaghail
    cen báis m-bloïr,
    ní bíat ríg is ní bíat suïdh
    for a coïr.
  7. Ní bía crábud isnaib ceallaib,
    airdiu sétaibh,
    ní bía gaisced isnaib hógaibh
    cith lir cétuib.
  8. Ticfa tarrngoire na sruthe,
    n-í bat cesa,
    coin, foilc, fíanna, ílla glasa,
    cit1 bad mesa?
  9. Cách oc fochuidhhiud a chéle,
    deabtha búana,
    cletha immaicsi cen séna,
    cridhe huára.
  10. Ili ceanna, úatte enech,
    mend cech maghar,
    cintach melede cen treabadh,
    ilar n-galar.

  11. p.196

  12. Bith bréc bealgach, aimser gente,
    cella dáera,
    ili áera, sína sáebha,
    túatha cláena.
  13. Bretha camma,
    caingne cen chert fri lár lughach,
    cech mesriuth íar n-díth a ainech,
    aimser dubach.
  14. Crith for dhúiliph, trácht cen toradh,
    tuath cen érgna,
    fóimath cinadh, aimser díghla,
    ilar m-bérla.
  15. Ré cen fhoghlaim,
    cách oc rothces, int ord triamhain,
    cert cen tinne,
    coraith cech recht asa ríaghuil.
  16. Nathir cach ben, gríb cach ingen,
    serbha a ngnása,
    faithchi lána, ili craosa,
    cuile fása.
  17. Fith cen blátha, cách in fíannas,
    immed n-athles,
    aimser lethglas, meic go frebnais,
    tír co n-athmes.
  18. Cách oc derchóinedh tre bithu,
    díghal fota,
    daoine becca, étach n-ecca,
    ilar coca.
  19. Athcha lonna, lethra tromma,
    tochar ferga,
    crecha meinci, immed burba,
    reilge derga.
  20. Cidh dognem de, a maicc mo Dhé,
    fri glunnu gnátha?
    túargabsat, fogeir ar túatha,
    idhain brátha.
  21. Táncatar séd isan domhuin,
    ba ferr foät,
    farrír! ardubneat fo rith rout.
  22. Tiucfa macu dochum domhuin
    co feib l[macr ]thair,
    fer trén túachail,
    deirfiur dó-som bid sí a máthair.
  23. Ingen dotng[macr ]ena fria hathair
    amail nathruigh,
    dia dobethraibh an mac geinfeas
    isin chathraigh.
  24. Óenchlár a dét, dearb doma sgélaibh,
    scor íar múraibh,
    sé meóir for a chosaib cáelaibh
    isnaib rúnaibh.
  25. Fer serbh serigh, sraigleóir iffirn,
    fír dom cédul,
    braithemh dub dían,
    ocus tom líath assa édun.
  26. Dogní ór do máethlaibh muighe,
    cia ní is toghra?2