Corpus of Electronic Texts Edition
Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'[Acirc ]me (Author: [unknown])

section 8

‘A chollann’ ar a spiorad, ‘atá do chéisd gan chéil gan resún, mur budh meinic lé do chomhrádh go t-trasda a bheth, ar an adhbhar, nó go n-airmighther rélanna nimhe, gainemh traighe & féur na talmhan, nó go t-tiomsighther an fhairrge mhór na mionbhraonaibh, ní féidir innsin nó aithris ar mhéud, & ar a examhlacht, óir atá arus na b-pian go h-allta a n-úir medhón na talmhan go domhuin díamhair, ar mhodh go m-bearaidh duine ar lán a dhoirnn don dorchadus ann, gan féuchuin do sin, do chidhfithi tú an uile ní rachus chum dochair duit, & ní fheicfidh tú éin ní rachadh chum sochair dhuit, acht biadh an uile ní a riachtanus ort, & ní bhiadh riachtanus ar bioth ar faghail agad, amháin an bás a c-cionn gach móméint, agus tú mar sin ag searga éuga do gnáth, agus dod athnuadh arís chum an bháis, agus tú ar an modh sin do ghnáth, gan bhás, gan bhetha ar mhodhaibh examhladh go siorraidhe súatháin, bíad tú lán d'aibhrios, lán don uile thinnios & thrioblóid 's t-teallach tinntighe na b-pían, ball a bh-fuil ioliomad breantuis, & drochbalaidh, ball a bh-fuil gorta plaigh, & ocurus, ball a bh-fuil comhairc osnaidhe & dórta dér, ball a bh-fuil siansán truagh tuirseach na n-deamhan na n-diabhal n-athgharbh neimhnech,


p.32

ag freasdal & ag fritheoladh na b-pian tinntighthe dó-fhaisnéisi dona daoinibh damannta do réir méud, & miosúr a b-peccadh acht atá ní cena: tá drong dhiobh dhá b-pían go h-examhuil, dá g-caisgairt & dá n-gearradh, drong dá leaghadh, & do lomadh, drong dá rostadh, & dá bh-fritheoladh, drong dá m-bruith, & dá m-bearradh i b-pic, & i roisín & a miotolaibh examhladh eile, & a srothaibh tairpighe teinntighe; suilfior, & salchair léna n-gnúis & léna n-aighedh farre gach pían mhór adhbhal eile, anna bh-fuilid; atáid aithreachadh neimhe, & peisde granna ag siubhal ar gach ball dhiobh dá snoidhe & dá sniomh; atáid i t-tinne nach muchan uisge, & a sneachta nach leaghan ré teinne ar leacaibh oidhre & anródh dá síorchradh léim aca san teas, & léim eile san bh-fuacht, & léim eile san tornn teinntighthe, dá t-tleigionn i m-beul na n-óilphéisda n-oirrderca n-iffrionnda, nó go n-ionarbháid uatha íad tríd an uile uathbhás tarr anios chum na toirneadh cédhna, & atáid cnumha a g-cóinsias mhaillaighthe ag deunamh fiadhnuisi na n-aghaidh, gur chóir & gur chomhthrom a m-beith san bréin bhroidh-sin, atá an t-édóthchus dá seargadh, atá an tuigsi dá n-gearradh, atá an toil na sgrúdadh, racht na feirge dá t-tachta, innbher na b-peacadh dá sgíuradh, & bíadh mar sin ag clamhadh & ag imdheargadh na trínóide tre bheith síor.’

‘Do thaobh na ceisde eile do fhiafraigh tú dhiom, a chollan, cionnus atáid na prionsuidhe saogalta a n-iffrionn, atáid mac Péil, Sáesar Dompinus, Alasdrann uaibhreach, & ríghthe diomasacha an domhuin & na cruinne cethardha fá phíana dáora docharacha, acht atá ní cedhna: is mesa & is truime an pheannaid agus an philóid ann a bh-fuilid, na droch ghuibhernoirígh Chriosd, prelaidigh claonbhreacthacha na h-Eagluisi na iad uile, óir atá lucht an fhuarchrabhadh, lucht dúnmharbadh, lucht druise graineamhuil, lucht fóghla, & losgairt an domhuinn a b-fhioriachtar iffrinn fá thuile na b-pian agas gach drong eile mar thulliadar an gniomhartha ar an saogal-si.’

‘Anios glac fá dheoigh uaim fuasgladh san treas ceisd do


p.34

chuiris oram .i. a n-dentar trocaire ar an droing dhamannta, nó a n-glacar fuasgladh asda, biodh a fhios agad dá m-beidaois naoimh na cruinne ara n-úrnaighthe go bráth, & úird riaghialta an domhuin 'na síorthrosgadh go h-éug & fíréin an domhuin ag tabhairt maithios na talman mar dhéirc lé h-anam aonchretúir amháin dá m-bíadh a n-iffrionn ichtarach, nach deandís fáoithe furtacht no fuasgladh dhó ó na phíantaibh, ar an adhbhair nach féidir lé h-ainglibh fhlaithios Dé ar ór an domhuinn foiríghthin dá laeghad do thabhairt don drong dhamannta. In sæcula seculorum.’
    1. Is brónach an treabh bruith ifrinn
      Fuair a n-driothlionn gher sias iad
      An dún díchumann daoradh
      Priosún na b-pían.
    2. R.

Smaoinígh, a chriosdaidhe croidhe, gur fíor na briathradh-so, & cuiruidh srían ré h-anmhianaibh.


p.36

Urghairdios na n-diabhal ag breith an anam go h-ifrionn, a h-aitle na truagh agallamh sin do bhí ar an spiorad & ar an anam iar sgaoileadh ó chéile dhoibh agas iar t-tuitim don chollainn san uaigh & iar g-clos uthbhás iffrinn do chonnairc an t-anam bocht chuige idir dhá dhiabhal ghreanacha ghranna, budh duibhe shiabhartha, na gúall gaibhidhe gabhan, & locht fidhlídheacht, agus pintéireacht an domhuinn, níorb' fhéidir dhoibh égcosg nó macasamhladh na díse reumhráitte so do sgriobadh, nó d'fhaisnéis ara n-úthbháthas, & ara n-droch dheilbh, & iar t-tiacht do láthair dhoibh a g-cétóir, do shaithadar an dá chrucadh chama chrumadh cruaidh iarneadh abhus & thall san spiorad dhamanta sin, & do róladar etorra é dá cheasadh go doirsibh uathbhásacha iffrinn, & eision ag búirfeadh, & ag béicedh; tangadar na chomhdháil ansin slúaghtedh di-aibhlaighthe deamhnaidhe ág ulgháirdios fan anam chriosdaidhe sin do dhamnúgadh, mar budh suabhach luagháirech léo a bheith ag commhaoideadh an cosgair sin, & is amhlaidh do bhadar ag tabhairt buidhchuis dhó fá na sheirbhís ar an saogal, óir budh iomdha duine eile do mhill sé le droch éisiompláir, misge, agus stripachuis, & dá chionn sin go bh-fuigh luach & luaidhecht on Lucifer .i. a bheith dhá chnaoílosgadh na bh-fochair féin i t-tinntéan na b-pían go bráth, ag éisdecht lé h-uirluidhecht na n-diabhal, lé confadh na b-piasd n-deamhnaidhe, lé súisde na druinge damannta, & na n-diabal ar gach taobh dhe, gan tús, gan deireadh ó sin amach go siorraidhe suathain; do chriothnaitaidhe an t-anam


p.38

bocht go h-abhalmhór ar bh-faicsin iffrinn fhosguilte, & na b-píanta ollamh imfeadhma chuige, & adubhairt: ‘a éin mhic Dé dén trocaire ar do chretúr bocht féin’; is annsin do sgairt na diabhail ag fonmhód faoí & adubhradur ‘is ró mhall a ghoires tú ar chabhair, & ar ainm do thigherna Dia, & as egcóir dhuit, ó's dhuine thú do bhí ag fóghnamh, & ag déanamh seirbhisi ar feadh do bheatha, nach orruinn fein iarrus tú cabhair & coimeirce anios tar éis breith dhamannta do bhreith ort, & tú ag techt ar ar láimh, gan súil athbreithemhnuis no cet gairmedh ar ais go bráth agad; & da bhrigh sin tuig feasda go m-biadh tú a g-cosamhlacht nádúir lin-ne mur gach diabhal eile ag mallugadh Dé go suathain’, & iarna rádh sin, do chasadar an spiorad thruaillidh sin 'na mheall tinne, & do theilgiodar a m-béul iffrinn annsa tinne é, níor chían amhlaidh don anam bocht an úair do chuadh a n-eadóthchus ar Dhia, & ar an g-cúirt neamhdha, & do ghabh ag griosiugh an t-aonndia, & na n-ainglibh & adubhairt an rann mar leanus:
    1. Mo thigerna dom threigion ó atá
      ag iarraidh grasa air ní bh-fiugh.
      duiltuim don ghlóir duiltuim do Dhía.
      ni bhiam ní sia ag ríogh ríu.

Finit.