Corpus of Electronic Texts Edition
Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'[Acirc ]me (Author: [unknown])

section 5

Nuallghubha an anma

Is annsin d'éigh an spiorad ré nuallan truagh tuirsech, & ré truaghthuirsi aighmhéil treabh aoineach, go gruamdha geránach & go dían diocra diochoisgedh, & as é ró-ráidh: ‘Uch, uch, is truagh do rugadh me, uch, uch is truagh do ginnedh me, uch is truagh do cuireadh san g-colainn ghranna-so isteach mé, is mairg dham nach mo chloich, nó mo mhaide do bhios ó nádúr, na neithibh neamhurchóidech. Mo sheacht mallacht ar lá mo thuismighthe, is truagh nar éirigh crainn, & clocha, gaoth, & aiéir, ranna, & relanna an chethardhuil a g-coitchinne um aighedh dom chur ar neimhní i m-broinn mo mhathar sul tháinig dham dul san riocht-si an aighedh mo thigherna; acht mo chrádh crét far chruthaigh Dia me, & a fhios aige go rabhus ar sligh dhamannta; acht is ró bheannaighthe cóir conáigh gleas na n-ainmhintibh bruideamhla, óir téid ar neimhni uile éidir anam, & chorp tar éis a m-báis, gaoi féin gan damnughadh, a rígh nimhe, is truagh nach mar-sin éirghios don


p.28

peacach bhocht tar éis euga, & níor sharbh a dháil fa dheireadh, acht farraor is searbh, & is ró shearbh mar chim-si’, is annsin do ghlac racht gola & olchuire an t-anam, & do-chan na briathradh-sa:
    1. Mo sgread is truagh mo chás-si
      mo bheith beo is trúagh an trath-si
      créud fá n-dearnus cionta grana
      a n-aigheadh De, & maithes m'anma.
      • 's nach don chloinn me shíolradh ó adhbha
        acht creatúr do chruthaigh rígh na n-grasa
        chum na beatha siorraidhe sasda
        ré toil na colla is mairg do tharrladh.
        • Mo thruaighe mur chonnairc me an lá-si
          innar chaillios an uile thairbhe,
          flaithios Dé le méud meanma
          ar an saoghal ag iarraidh garma;
          • Ó sé an samhín aithreach merda.
            a bheith choidhche i b-píanta searbha
            ré saogal na saogal feth mo thigerna
            i-ttigh iffrinn gan dáil garma.
            • Ó phíanta ifrinn is ró mór m-uall;
              a righ na sluagh ní maith gach ní
              mo techt ar an saogal ariamh is truagh
              i leabadh fhuair dam ós crioch.
            • & cetera.