Corpus of Electronic Texts Edition
Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'[Acirc ]me (Author: [unknown])

section 4

Freagradh na Colla

Do fhreagair an corp an t-anam ré briathraibh guilighthe, & as é adubhairt: ‘A chara ionmhuinn go t-trasda atá ar g-cuirrthedh a bh-fiadhnuisi Dé & an t-shaoigil & a lathair ar t-tigherna


p.22

Iosa Criosd, ar an adhbhar tar éis é dar g-cennach, go daór doilighthe dó-fhaisneisi, do leighidhmair lúach fholla & fheola amudha, & a n-aisge a n-geall ar mhaithes deareoil & ar sholás géarrbhúanach shaogaltha & atámuíd anios na eiraic sin dar n-dóth a g-cuidechta chéile chum na b-píanta siorraidhe súathain, tre mhór cheart Dé, ní h-ionann cuir dhúinn ar aon ar an adhbar gurab agad-sa do bhí stiuradh na beatha d'imirt go maith, & dá bhrígh-sin, is córa an breithemnus as truime, & is cruaidh do thabairt ort, óir is féidir a dhearbhadh ré h-aoliomad résúin; dá mudh áil leat-sa Dia orrdhercach uilechumhachtach d'adhradh go foirfedh & gan onóir Dé do thabhairt don t-shaoghal, na don chollainn ar chomhairle an dhiabhail, acht an deileamhuinn do ghradhugudh go critheglach comhdach macamhuil ós cionn an uile chrétúir, d'eireochadh dhúinn arís go maith; dá n-déanta cóir & comhthromh idir an trén & an truagh, & gan do lámh láidir do leagadh go trom ar an anbhfhann, acht do dheirc do thabairt do locht an gill ar Dhia, & ar dhiollechta & baintreachadh do chumhdach, & gan díbeirt do dhéunamh ar eaglais, do dentaoi trocaire fá dheoigh orruinn, an treas feacht, dá seachanta drochchomhlúadar na n-droch dhaoine millte mailisecha do bheir aighedh ar an uile

p.24

olc go míchoinsiasach, ag imirt, ag altrannus, ag déunamh feille fionghaile, & ag dúnmharbadh & ag creim & ag cainedh daoine eille, ag tabhairt na mionn mór, ag imdheargadh Dé 's na naoimh, ré h-ithibh, ré blasphemia, ré tiomantaibh diabhlaighthe dó-coisgidhthe, ní daméontaoi mur so choidhche sinn, & ní bhearadh dimhaoines ar chechtar dhínn; anios tharrlaidh mise cengailte posda leat-sa ann ar m-beatha & go bhfhúarus rann dod shochar talmhande & dod shólas saogalta, acht as fíor nach t-téid maith amughadh, nó olc gan dioghuilt, acht is é as luaidhecht damh-sa ar son do mhailíse do-chí tú anios a láthair, 's na baill a n-dernmar na lochta atáid agat, ag líonnadh, breantus morgadh, & drochbhaladh ag techt dhiobh, atáid ciorogadh cnumha, & péisde, aithreacha nimhe, agas deamhuin aiéir ag dul trid eochair mo chleibh & mo chluasa, tre fhuinneogadh mo chétfa, & tre adhbhadh mo bhronn & as measa na sin an teghdhais caol cumhang so ann a bh-fuilim go dúnta daingen druidte go h-aonnaránach go lá an breithemhnuis deighnigh, mo thruaighe mo thruaighe biadh siad dom chrádh go méinig míthrocairech, gan fheuchuint do sin, atá fhios agam go n-eireochadh me lá éigin id chuidechta-sa, & farraor ní h-athrugudh ar ghlan sin ón úaigh go sliabh Sion, & as sin go teinntibh tenndhala iffrinn, áit a m-biam dar b-píanadh an feadh bhias Dia ag caithemh na glóire, ó bhás go bas do chuaidh ós cionn an uile uathbhás, ó bheatha go beatha & ó phéin go peannuid, gan crioch, gan foirchionn, is truag sin ag dul d'éug gach momint, & gan ar ar g-comus dul ar neimhní, acht a bheith gan críoch, gan foirchionn, croithbhéo go siorraidhe, a chriosdaidhe

p.26

croidhe cuireadh na briathradh-so eagla ort, & dén aithrechus, tuig go grinn na roinn-so romhad.’
    1. fiodhbadh chrionn chnámhadh na colla
      cumhdach fallsa féoil mo bhall
      uir gan tora criadh na colla
      talam me & anam ann
      • úir mo charad tar uir oile
        ní aithnighim in san úaig
        ag so um láimh é 's ní aithnighim
        cnaimh an té d'aithnin uaim.