Corpus of Electronic Texts Edition
Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'[Acirc ]me (Author: [unknown])

section 3

‘Ní fhuigfiod-sa thú fós’, ar an spiorad, ‘acht seasfad ad t'aighed & tairgfidhd h-aighnios égcórach do chur ar g-cúl & as é adubhairt: 'A chollann thana, tholl, thruaillidhe, a bhochtóg, bhocht bhelsgaoilte, a shaeáin shiabhartha shalach, agas a chonablach mhillte, mhallaighthe, a sheanbhaidh sgaoilte sgannalaigh, amid uallach amhnaireach dhoilighthech, a dhrochomhairleach, cia mhuin duit labhairt comh gér & sin riom-sa, tuig chena gídh go n-abair tú móran don fhírinne gan fheuchuin do sin, an tan budh mían liom-sa srían do chur ré h-anmhíanaibh, ré píanta corpurdha, ré h-anshogh, ré tart, ré trosgadh, ré tuiruis, ré dusacht fhada, ré droch leabadh, ré smúaintigh diadha, & ré h-úrnaighthe, gurab ansin do thionsgnadh diomhaoines an t-shaoigil do thaithneamh leat-sa mur aliogán iongantach, gur tharraing brígh do chétfadh cuige féin go h-uile, ar mhodh gur léigis tharad an uile ghníomh grásamhuil 's gach brudach coinsias & tegasg seanmóra dá bh-fuairis ó Dia ariamh, ag muchadh soillsi na tuigsi, ag ithe, ag ól, & ag potairecht, ag briseadh na n-aithionta, & ag seachnnadh na suabhailce, ag labhairt go gáirseamhuil, tabhairt a sámhius féin dona cétfa corpurdha, do ghrés nó go rug teanndhaladh & anbhuaneadh an bháis a líonta damannta an t-sheannpeacadh


p.20

ort nó gur thuit tú a g-cétóir san leabadh phíanta sin ann a bh-fuilir, as lár h-aoibhnis & h-acfainne, agas gan ar do sheilbh, acht an eisléine amháin, anios is fíor gurab dhamh-sa budh do stuiradh ó anfadh agus ó anbháin urchóide na beatha sin, óir is agam-sa do bhí árdthighearnus ort, gidheadh ó mheall tusa me ré clúaine saimhe shaogalta, ag tabhairt uirruimme dhuit go h-aibhrisc tuitmeach, aithrisim dhuit go firinnech gurab tú as mó tabhadh na b-píanta dhúinn; acht chena ní bhéram ar ar n-athrígh feasda’ íar t-tuigsin don cholainn gur b'fhíor don spiorad an comhradh sin, do sgread, & do sgréuch ag gul & ag egcaoíneadh a lochta & do thionsgain ag comhrairc ar a mathair Eubha & adubhairt:
    1. Nior bh'eol di an chain do chomhall
      mo thruaighe nach raibh ar a bhfuighioll
      bean do chuaidh ar fad abhall
      do rug m'anam uaim ar ubhall.