Corpus of Electronic Texts Edition
Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'[Acirc ]me (Author: [unknown])

section 2

Freagradh an chuirp ar an anam

A h-aithle na h-eolchaire, & an ghearáin-sin do dhéunamh don spiorad, d'eirghe an colann na seasamh amuil & mar do bheith sí beó, iar n-déunamh mórosna, & egcaoine dhi as e ró-raidh: ‘Cia thusa chanus na briathraibh buile sin liom, nach tú an t-anam do bhí ag stiuradh an chuirp si go t-trásda, má's tú cheana, ní fior dhuit a n-abair, óir is uait immorro tháinig an uile olc chugainne, ar an adhbhar gur chruathaigh Dia thusa mar dheilbh, & mar chosmhuileacht a n-aon anam amháin thú & go t-tug trí tiodhlaice dhuit, mur atá tuigsi, toil, & meabhair, tuillead oile, go t-tug cétfadh aille examhlaidhe uaisle dhuit maille lé h-ioliomad gsa & tiodlaice chuir 'na chenn, fós gur graidhigh comh mór & sin tú ar mhodh go t-tug a aonmhac féin ar do sgáth ar bhearaibh na croiche césda, chum do shaoradh ar sclabhuidhecht an diabhuil, thug mur an g-cedna mise bhochtóg dhuit chum do shaothair, & chum do sheirbhise, ionnus go n-dennmís léorghniomh, & leasughadh, & go bh-fuighmis loghadh & luaidhecht ar saoghal-so, acht atá ní cétna budh h-airm a laimh amide na tiodhlaicthe sin do thabhairt dhuit-si & budh


p.16

maith ar an n-duine maith do dheanamh ort, óir do bhris tú an dlíghe & do ghlac tú slighe chodarsna na lochta, ar an adhbhar sin ó's tusa an bhantigherna & gur mise an bhanóglach & gurab agad-sa do bhí an chíall agas an tuigsi tré ar dhligh tú sinn ar aon do stiuradh ansa m-beatha iolchrothach shaoghalta so. Is truagh thug do thoil, & haonta chum na n-droch n-gniomhartha truaghlighthe toirmesgacha, & do deimhin ó thugais go h-egcorach eigceart, is ort féin is córa aith-bher gach uilc do bheith, & ní oram-sa donóg do bhí gan chéil gan reusún; a Dhia nach léor dham m'fhuil, & m'fhéol bheith ag leaghadh, loghadh, & ag morgadh go n-dearnaidh cnumha gniomhacha grana bios ag creim mo colla & mo chnámhadh san g-carcair chruaidh chumhang si anna bh-fuilim ar sgath uilc & do dhrochghniomhartha & gan mo dhamnughadh go siorraidhe acht mo núair is gin do-chuaidh ó fhurtacht me’ & adubhairt an rann mar leanus:
    1. Anam nach dernadh mo leas
      druid uaim ó rinnis m'aimhleas
      A m-brigh iffrinn cúis gan cheilt
      budh soiléir ann ar g-comhghleic.


p.18