Corpus of Electronic Texts Edition
Une version irlandaise du Dialogue du Corps et l'[Acirc ]me (Author: [unknown])

p.8

section 1

A cholann bhocht mhítrocairech, a chnu chraosach na n-anmhíana, a-reilic na mallachta agas éisdechta easgcaoine, créud do chuir san riocht sin thú, gan deilbh, gan dreach, gan bhíadh, gan eudach, gan tréoir, gan tapadh, acht amháin an peacadh; créud do leig ar lár thú gan mhuirnin, gan mhaóir, gan mhuinntir acht an peacadh; créud é an ní chuir bón ós cionn do smúaintighthe sanntacha saoghalta, acht h-uabhar, & honóir, do ghairm, & do ghlóir; nach fán breacadh do rinnis gach droch ghníomh dá n-dernuis; nach tusa do bhí ané go subhach, suaithnigh sotalach, go madhrach mórdhalach & go meardha


p.10

meanmnach ar an t-saogul bhocht breagach so, lán dhiomus, & d'aimidecht? gídh ataoi thú aniodh faoí thorpán criadh, gan t-shuim, gan aráid, budh h-uaibhrecht ionghanntach míthuigseach go t-trasda thú; ca bh-fuil an forba, no an feronn, nó an finechus do bhí tú a chruinniughadh ariamh; ca bh-fuilid na cúirtiona no na caisléin do chuir tú súas; car ghabh an crodh, an clann, an conách do sholáir tú; ca bh-fuilid an buna & an bhanntracht, an t-aoibhnios, an t-ól, an céol, an comhlúadar, an lucht freasdail & fritheoilte do bhí agad dod réir.

Dar n-dóigh as aislin do chonnairc tú, acht cionnus thaithnighios leat anios an adhbhadh dheroil-sin ina bh-fuil tú tú anios ad luidhe id t'aonar san uaigh, gan lucht énleapadh, acht péisdeogadh na talmhan dod chrinn; uch, uch, is mairg do lesaigh lé h-iomad sóigh an corpan sin doibh; feuch anios muallach do thighe ag tuitim ar do shróin gan ced iompódh go deó agad; atá do shúile dúnta, do bhéul druite, do thenga gan úrlabhradh, do chluasa gan éisdecht, do chétfadh uile ar g-claochlódh, & do cháilidhecht ar n-dol seacha, acht do thruime amháin; d'imidh


p.12

do lúth, & do lámhach, do ghoil, & do ghaisge, d'imidh do chommóradh oirechtus aoibhnis & aiéir, do charuid & do chompanach gacha taobh dhiot, do bhris blath do bheatha & caoindhealbhadh do phárta ré do mhnaoi, ré do chloinn, ré do chinnedh & ré cách uile go coitchionn, ar mhodh go bh-fuil na h-uile dhuine lán d'fuathfairecht ort, budh dheasda ní bhíadh do chumhaigh, na do thuirsi ag cur ar do bhancheile ní sia, óir do thruaghlidh h-ailne, & innioll do chuirp, & do sgéimhe, & farraor biodh nach mothaigion tú duagh, nó dochar, is géarr uait na píanta siorraidhe suathain & aontíghios daor an diabhail a n-dún bhróghach dhuaibhsech iffrinn & adubhairt: ‘mo mhallacht ort, a cholann ghearghuinioch fá dheoigh, is diombhúan ar g-comann, a chriadh fhollam, is mairg dar t-tugadh mar chompánach nó mar chéile thú, a drochbhean mhilltech mhallaighthe, is olc do mhíana, a phéisd ghranna, is tú do mhill mise, is truagh an tuigsi a t-tigh iffrinn a n-diol do mheisge, is búan me faoi dheacra.’


p.14