Nó dano is tomtiu and co cruthaigfea in Comdiu andall curpu na esergi dind adbur toltanaigfes dó, cip é méit nó luget i m-bé in t-adbar sin .i. do neoch ro thirúarthestar din churp doenna isin duine ar cind báis, amail cumthaiges innossa inna curpu móra dena sílaib dereolaib & dano amail ro chumtaig thall i céttustin na n-dúl na curpu dermara den dligud nemaicside & den dligud nemchorptha ro techtsat co h-inchlithe intib na dúli dia ro tusmidea na cuirp sin. Ar is sochma do Dia co ro cumtaige cen adbar nó de adbar deróil cech n-admat nó cech n-aicde bes áil dó, & co mbad aire-sin at-berad in t-augtar na ro taithmen Ísu do forcraid na foltne & na n-ingen nó na m-baill archena, & is sochma do Dia co ro athnuige i comlainius a n-delbe & a n-aicnid dílis cen in forcraid-sin do thinól doridisi isin churp. Acht araidi is dolig nach m-ball isin churp nó nach rand de do sechmall on phein & on dammain dliges tria chomchetfaid n-imarbais nó ond fochraic dliges tria chomchetfaid deggníma.