Corpus of Electronic Texts Edition
Scéla lái brátha inso sís (Author: Unknown)

section 25

Is adbul dana a suthaige & a solsi. a chaime & a chobsaide na cathrach-sin: a sámi & a somilsi, a fostacht, a logmaire, a r-rédi, a r-ruthnigthi, a glaine, a grádmaire, a gile, a ceólmaire, a náimi, a níamglaine, a h-aille, a h-ailgine, a h-ardi, a h-etrocta, a h-ordan, a h-airmitiu, a lánsíd, a lánóentu. Ni túalaing trá nach n-dúil in chétmad rand do tuarascbail mathiusa na cathrach-sin d'innisin; acht ammáin is ferr in becan-sa díb d'innisin indá beith hi tast.