Corpus of Electronic Texts Edition
Scéla lái brátha inso sís (Author: Unknown)

section 23

Gairmebtair immurro co somíad, co n-onóir, co n-airmitin na náim & na fíréoin ro-chomailset timna2 in Chomded & a forcetul isin bethaid suthain for deis Dé tria bith sír .i. lucht na censa & na h-algini, na deirci & na trocairi & cach cáingnima archena, lucht ógi & athrigi & fedba irescha ar Dia. Is andsin


p.256

bias tairm adbul & fogur dermar na n-anmand n-glan ic céimnigud for deis a r-Rig & a Tigernai issin flaith nemda i ng-gradaib Ríg nimi & talman & iffirn. Airm i fil in t-soilsi doróisce cach soilsi, cach tairthim, cen terbrúd, cen dorchataid. Bethu suthain cen bas, nuall faelti cen torsi. Slanti cen galar, óetiu cen sentataid, síd cen debaid, saime cen dóinmige, saire cen saethar, cen sním, cen ocorus bíd no etaig no cotulta, náimi cen ais, cen ercra. Oentu solusta aingel. Airera parduis. Fledugud cen turbrúd eter noi n-gradaib aingel & noemthuath ríchid & nóemairechtaib in Ríg rouasail, & eter náemtlachtaib spirtáldaib nimi, & etrochta gne, hi flaith aird úasail adamraigthi, cháim chóir chumthaigthi, móir min milidi, sair sáim sorchaide, i m-brugib richid, {column 34a} i sostaib áibnib, hi catháirib órdaib, i l-lepthaib glainidib, hi sostaib argdidib, i sudigfider cach óenduine ara m-míad & ar dliged & ara sognim fodein.