Corpus of Electronic Texts Edition
Scéla lái brátha inso sís (Author: Unknown)

section 20

Nibá soinmech tra a sét na pectach-sin. Ni faigbet dig na biad, acht sírgorta & roítu & rouacht. Is ed bertair iar sin do taig diabuil co fogur dercháinte, co tromosnadaib sírrechtaidib. Bid trúag gáir & núall golfadach & éigmech, bron & basgaire, na túath pecdach andsin, ica tarroing dochum pene iffirnd; acht bid hí-sin in mall aithrige cen greim furri, ar ni chluinfider a ngudi-sium andsin. Úair na rofoichlitar ar thus, céin robátár hi fus hi comaitreib a corp & a n-anmand. Iadfaitir andsin tri glais na pecthach. i. iadad iffirn tria bith sír forru, & íadad a sul frisin domun dio-tartsat grád, & iadad na flatha nemda friu. Suidfit iarsin sudi nemthrócar for richessaib rothened ar bélaib ríg na cláini i n-glind na pían, airm i m-biat dóib todernama tromma .i. bás cen betaid, tene dorcha, bethu brónach toirsech salach inglan, airm i m-biat ilchoin géra cicara cróesmóra clúaslethna ingnecha crobgéra ina t-tóebaib, ocus loscind géra garba oc imesorcain, ocus nathracha nemnecha imlúatha in chuaird cathrach díabail, ocus léomain lonna letarthacha, ocus ilar na n-dubdlúm & na n-dublúachat. Airm i m-biat éoin etecha ingnecha ágmara iarnaide, ocus brenlocha ainbthencha úara iffernaide. Tenti dorcha oc sírloscud. Lecca derca fo chossaib. Claidib ic cirriud. Cait ic scripad & ic dercad. Demna ic píanad. Créchta cen leges. Lassar cen díbdud. Gabail for tengthaib. Tachtud ar brágtib. Búadred ar cennaib. Iachtad & gabail ar gothaib. Glassad ar bonnaib. Airm i m-bia fri táib cach uilc in pheist irdairc úathmar ilchennach co rubnib riches rúad. Ni dia tuarascbáil .i. cet muinel furri & cét cend forcach muineol, & coic .c. fiacal cach óen chind, cét lam furri, & cét m-bas for cach laim, & cét n-ingen for cach bais. Airm i m-bethir cen choemu, cen cardiu, i n-ítaid, i n-acorus, i r-rouacht, i r-rothes, i n-esbaid cach mathiusa & hi comlaintius cach uilc, i n-óentaid esóentad demna & muintiri iffirn. Bíaid dana andsin mairg & íachtad, gol & egmech, cnet & grechach cach óenbeoil, & mallacht cen chumsanad ona pecthachaib fora n-apaid .i. for diabul. Ar iss ed dos-{column 33b}beir-sium ic fulang phéne cach olc doronsat triana aslachsom. Ocus mallacht dana úad-som fora manchaib imme .i. forsna pecdachaib, ar is moti a pían-som fein cach olc doronsat-sum triana aslom forro oc aslach cach uilc.


p.254