A Muire mor,
A Muire as mo dona Muirib,
A romor na mban,
A rigan na naingel,
A ban-tigerna ind nime,
A ben lán & forlán o rath in
Spirta Nóib,
A bendachta & a robendachta,
A mathair na glóri suthaine,
A mathair na heclaisi nemda
& talmanda,
A mathair na báide & ind
logaid,
A mathair na sollsi forordai,
A onoir ind etheoir,
A chomartha na rethinche,
A dorus nime,
A chomra órdhai,
A lepa na báide & na trócaire,
A thempail na diadachta,
A maise na nóg,
A ban-tigerna na ciniud,
A thopair na lubgort,
A glanad na peccad,
A nige na nanmand,
A mathair na ndilliuchta,
A chích na nóiden,
A chomdígnad na truag,
A rédla in mara,
A chumal Dé,
A mathair Crist,
A irnastaid in Choimded,
A cruthach imar cholum,
A sochraid mar ésca,
A thogaide mar grein,
A dichor aithisse Eua,
A athnuiged na bethad,
A maisse na mbanscál,
A chend na nóg,
A lubgortt foriata,
A fír-thopur glassaigthe,
A mathair Dé,
A óg suthain,
A óg noem,
A óg threbar,
A óg sochraid,
A óg genmnach,
A thempail Dé bí,
A righ-suide in rig suthain,
A sanctair in Spirta Nóib,
A óg do [fh]reim Iese,
A chethair slebi Lebán,
A chupriscc slébi Sión,
A rós corcarda i[n] fherainn
Iacoip,
A blathnaigthech mar phailm,
A thoirthech mar ola-chrand,
A macbrethaig glórdai,
A shollsi Nazareth,
A gloir Ierusalem,
A maisi in domain,
A sochenelach in phopuil
cristaide,
A rigan in betha,
A arad nime,
Eist guide na mbocht;
Na dímicnig cneda & osnadai
na truag;
Berthar ar ndúthracht & ar
nochsada tremutsa i fiadnaise
in Dúileman, air nit
fíu sind fén ar nestecht trenar
ndrochairilliud;
A bann-tigerna chumachtach
nime & talman,
Dílegh ar cinta, ar pecdai;
Scris ar culu & ar corbaid;
Tócaib na tuitmeda ina
ndeiblen & na cengaltai;
Taithmig na doertha;