Impide Maire & Eoin macain, & Eoin babtaist, co
nuilib naomaib an domain, for thopur ina fir-glaine & na
fir-enndgai, for Isu Crist, mac na hóighe, co tí rath &
conndeircle an Spiruta Náeim du logad dun ar nuli pecad
sechmatad, & d'ar nditin ar pecdaib todochaidib, do troethad
ar tol collaide, do cossc ar nimraitiud nanairches;
Do adannud gradha & tseirce an Duilemun inar crideb
gurab e scrutas & imraides & shanntaiges ar menma tria
bithu sir.
Conna ro togaeithadar ar roisc tria tairmdercaib dimainib,
& tria shochraidecht nédtoirthig na rét nercradach.
Na ro soebthar ar neistecht tria cheolaib éttarbachaib, no
tria aslach erchoitech {MS Rawlinson B 512 folio 42a} demna no droch-dáine,
Na ro bréctar ar cetfaide blasachta tria aireraib &
il-blasaib,
Coro shoera ar thengtha ar ecndach & ar imchained, ar
eslabrai nainairchis.
Na ro crenam an fhir-shoillsi & an fír-thsochraidecht an
bethadh suthain ar fanntais togaethaig an bethadh
frecnairc;
Na ro trégem commam & inbot[h] nem-elnidhe ar cele &
ar nernastada sochinelaigh .i. Isu Crist, Mac Rígh nime &
talman, ar commam nelnide a mogad, gurop tempul
coisecartha don Spirut Naem ar corp &ar nanmain, coro
comitchem an Uan nennac, coro chanam an canntaic nád
canat achd oigh, coro airillnigem coroin na glóire suthaine,
i noenthaid muintire nime, hi frecnarcus na Trinoite, in secula
seculorum. Amen.