Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 56

DE VIRGINIBUS ET ESSENTIA DEI .i. DONA H-OGHAIBH AGUS DO BHUNAIT DHIA.


15]

Agus cengailsi thu fein {MS folio 61b2} co do-scailti dona h-óghaibh
so .i. do Mhuire ghlormhair, do Mhathair Dhe, agus do Mhuire
Mhadalen agus d'Agata agus d'Agnéta agus do Katrina agus
do gach óigh eli. Is iat sin do ghradhaigh co dasachtach a
ceili milis agus a fear posta ri narbh áil a ndelughadh co bás,
20] acht beith aga leanmhain i ngach ionad agus ac dénamh canamhna
nua do do shír. Guighsi na h-ógha so co dichra co mbuaidhidhi
tu fein ona n-anóir agus ona nguighi is in smuaintiughadh mhilis
tharbhach daennachta Dhia, agus a throcaire do theacht ad
chroidhi, iondas co tuillir dul suas maille riu a toil diadhachta
25] agus daennachta Mhic Dhé o dhuthracht t'inntinne co léir.
Is i in diadhacht sin in diadhacht ghlórmhar ina fuil an Mac
comh-shuthain comh-shubstantach ris in Athair agus ris in
Spiorad Naemh, oir ata Dia do-ghluaisti on t-suthaine co nuigi
an suthaine. Agus is é so é fein, amhail adubhairt sé fein,
30] ego sum qui sum .i. is me fein an neach is mé, oir is é in neach
is é do chuir misi chugaibh, ar an Mac. Maseadh, tabhair
dot úigh co dichra nach abair se, in neach do bhí ann, no, in
neach atá, no an neach bhias, no in neach ata co mbeith ann,
acht an neach atá ann. Agus is trid na neithibh so adeir
35] th' senmortar a bhunait do bheith i ngach inad dibh so, oir
ní pearsa tuitimeach eli ata inntu so, acht an tí do bhí agus


p.221


atá agus bhias sin: da reir sin ceimnigh t'inntinn is in airteagal,
agus doirt sainnt duthrachtach t'inntinne ann so, agus na smuain
aen ní is in chas so acht beth [...] do-scailti neimh-examhail
marthanach. Cad hé so re radh no cread egnaighis
5] sé, oir is mó fheadas t'inntinn duthrachtach fhechsanach fein
agus a ongadh conáichsen, is maighistir ar cach uili ni, do theagasc
na mu labhairt sin. Da cuirfir t'inntinn co duthrachtach
secreideach rúnda a mbunait an chreidimh so, agus tu god
dhortadh ann agus eisin aga dhortadh innutsa, guighimsi tu
10] cuimhnigh ormsa am pheacthach bhocht ro-dhearoil. Dob
fhearr leam co nguighthea maille ris na pairtighibh adeir in
tí thuc in creidimh so duit, agus do oil ann tu, co coimheada
se thu ann co dingmhala co nuigi in chrioch ndeighinaigh, oir
is innti sin do chifir Dia gnuis do ghnuis co follas ina ghné fein
15] d'fhiadhnaisi laithreach, ar scur gach uili chreidimh. Is é
so in Dia fheachas agus scrúdas cach uili ní agus rún agus inntinne,
agus nach faictear o dhainibh mharbhthach in t-saeghail, agus
cin gu faictear ona dainibh mharbhthacha hé, is leir dó gach
aein ni inntu. Maseadh, saidh co friochnumhach ruin t'inntinni
20] do thuicsin na Trionoide do-scailti do-scelaighi, agus na
smuain agus na h-imaighnaidhi ní corpardha na adhbhar
corpardha acht in Spiorad doroisci .i. do chind, ar gach spiorait,
agus nach fuil comparaid aga ghloine agus aca ghlordhacht.
Smuain agus creid co dingmhalta in Trionoid do bheith
25] cumhachtach do ghlacadh na n-uile agus a beith caoinfhuarach
do-sgailti, agus corab ann coimhlíntar gach uile ní, agus co
fuil se do-fhaicsiona agus co faicind gach aen ní, nach féadtar
breith air agus beiridh se ar na h-uilibh, agus ata se do-ghluaiste
agus ac follamhnughadh in cinidh daenna agus ar blais beatha
30] uile et rel.