Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])
section 55
p.218
DE EBRIETATE SPIRITUALI .i. DON MHEISCE SPIORADALTA
Oir is e so conách firindeach in anma, agus is é in t- anam
conáich sin do sduidear bél a chroidhi d'fhilleadh co minic
agus co friochnumhach d'ól na daibhchi mór-luaighi .i. corp
5]
an Tighearna do tolladh agus do craidhi co minic, iondas co
n-ibheadh in deiscibal gradhach a easbadha uile aisti da
choimhlínadh o mhesarrdhacht na h-oilemhna so, agus na
meisci spioradalta aca fuil conách in anma co léir. Da turna
sé anois co h-umhal dochum na cos naemhtha so, agus hé fein
10]
do chlaenadh chuca maille re guighi gheir spioradalta, ag ól
egla an bhreitheamhnais agus adhfhuathmharachta ifrinn a
creacht na coisi clí, agus ag ól in fhina ghloin as a tuictear an
toirrsi agus an aithrighi, ag ól fina in ghairdeachais agus an
t-shasta shuthain a creacht na coisi deisi ana fuil tairisi na
15]
trocairi agus dochas in maithi, féadaidh an t-anam grádhach
conáich anois é fein do shásadh maille re slainti marthannaighi
don fhín naemhtha so do chumascadh le h-uisci na fírendachta
foirfi. Eirgidh an t-anum conáigh anois co siothach aga
chlaenadh fein co h-anorach dochum na lámh luachmhor
20]
naemhtha so, ag ól a creacht na laimhe clí ac glanadh, agus
ac dibirt na peacadh le fin in bhlasa agus in ghairdighthi.
Tinnluic agus coimhéad na gras a creacht na laimhe deisi,
ag ól fina in neirt agus na saeirsi as an copán ata lán don fhín
ghlan chumascdha do daileadh duit a lámhaibh in Tighearna.
25]
Agus is mar sin féadas an t-anam gradhach beith ar an meisci
chonaich so. Dá mucha sé é fein uile a' ceimniughadh co
lasamhain a creacht ghlórmhar in taeibh, ag ól inillis in chroidhi
agus ciunas na h-indtinne as .i. fín in duthrachta agus in
smuaintighi ghloin, fedfaidh se beith coimhlínta don mheisce
30]
bhuidh so on {MS folio 61b1} clairead mhór-luaigh so, agus o ghneithibh
examhla thoghtha na n-indtsamhluighthi naemhdha ndo-thuarascbhala
so arna n-aithris co diadha agus arna cumasc
maille ris in ghairdeachais chonaich. Gibé tusa, a anim anorach
chonaich lenarbh áil adhbhar na meisci spioradalta so, ac sir
35]
ól na creacht luachmhór so co milis saidhbhir gan scur, is eigin
p.219
duit t-inntsamhlughadh reis in meisci chorpardha i ngach
uile mhodh. Mar bhis fear na meisci ac cai, bisi buaidherthi
o dhearaibh in duthrachta, agus mar fhorbhfailtighis fear na
meisci, bisi subhach arnad bhuidheachas is in Tighearna. Mar
5]
bhis fear na meisci ag canntairecht, forbhfailtighsi a ceol in
chroidhi co sunnrudhach. Mar bhis fear na meisci a' gaire,
coimhlínsa tu fein don ghairdeachas nemhdha. Mar shailis
fear na meisci e fein do bheith conaich des a gnathughadh agus
dochas anns an conach forordha [...] agus mar
10]
thuitis fear na meisci co minic is in lathaigh, dena doilghes
agus cneadach, ar son do chomhnaidhi fein is in laibh so, cein
beidhir is in corp dhaenna, ac smuaineadh luais agus airchis
do rochtain na neithibh neamhdha. Mar chonnmhadtar fear
na meisci ar egla a thuitme, atáisi gud chuireadh dochum do
15]
thoile fein a flaitheamhnas Dhé Treoruidhthear fear na meisci
ar egla in mhearaighthi, lensa in Spiorad Naemh is eolach duit.
Agus mar nach connmhain fear na meisci aen raed aici, doirtsi
thu fein uile a nDia ar chur gach aen neithe ele uait. Mar
labhras fear na meisci co h-imarcrach, líntar thusa gan scur don
20]
ghlór neamhdha. Mar atá fear na meisci gan beith aigi fein,
na bith aen raed dibh so ar do bhreith fein, acht ar do chomh-dhortadh
a nDia. Mar bhis fear na meisci trodach no
ceandairceach, bisi ceandairceach ciapalach ac briseadh chath
agus trod ort fein agad chomh-dhortadh fein uili a nDia, is
25]
in gloir fhírindigh. Agus mar nach eaglaighind fear na meisci
aen raed, na h-eagluighsi dith na esbaidh, da fuighir, ac dul
dochum Dia. Mar nach féadann fear na meisci en fhocal do
labhairt, neamh-ghnathuighsi o thenghibh in t-shaeghail ar
do choimh-linadh co h-acfaindeach don urlabhra neamhdha.
30]
Mar shailis fear na meisci e fein do bheith cumhachtach,
forbhfailtighsi co h-acfaindeach o fhaicsin conaich agus gloiri
th'Athar fein, agus ar do thogbhail co h-ard os na neithibh
p.220
thalmhanta. Mar shailis fear na meisci e fein do bheith uasal,
glormhoraidhsi thu dochum ban-righnachta neimhe. Mar lingis
agus mar fhograighis fear na meisci, lingsi agus ceimnigh on
t-subhailci co cheile, agus can agus ceolaidh at indtinn ac
5]
smuaintiughadh aibhnis do Chruthuightheora bhind cheolmhair
fein. Mar chodlas fear na meisci co toilemhail, do ghentar
t'fhurtachtsa ar cumhsanadh do cheadfadh corpardha don
chumhsanadh neamhdha idir toil Dia agus do mhi-thoil fein, a'
glacadh agus ag tadhall t'fhir phosta chonaich fein. Feadar
10]
do theacasc ona neithibh so ni is mo agus ni is egnaidhi ac an ol
spioradalta so adeir, na o leitir agus o scribhneoireacht bhriathar
an domhain.