Corpus of Electronic Texts Edition
Instructio Pie Vivendi et Superna Meditandi (Author: [unknown])

section 54

DE CONFESSORIBUS ET HUMANITATE CHRISTI .i. DONA CONFISORIBH AGUS DO DHAENNACHT CHRIOSD.


`Maseadh, goir na confisoiri mhaithi dot fhurtacht, mar atá
Martain agus Benidecht agus Nicolas agus Bernard agus gach
5] uili chonfisóir, acht gé táit siad a ndoilghes agus a ndochair
agus a cumhgach agus a tribuloid agus a ndeithfir na h-oilithre
dearoile so do reir a cuirp amhain, atáit siat do reir a smuaintighthi
agus a tóile agus a n-indtsamhluighthi a flaitheamhnas. Corab
aire sin is inguighthi iad co duthrachtach, ar son corab i an
10] ghlóir sin do ghradhaidar ó thes ard a croidhedha, agus ó,táit
innti anois co conáich, do dhenaid siad t'fhurtachtsa fare Dia,
iondas co claidhfear do chorp fein ó chumhgach agus ó ghalar
agus ó dhoilghes, agus co togfaidhthear t'inntinn agus do thoil
chum na tinnlaicthi neamhdha, agus co coimhéada tú co foirfi
15] in t-ord agus riaghail indtsamhlaighthi so do ghabhais chugad.
Leic tú fein ar tús do chum cos nglormhar daenachta Chriosd
.i. trocaire agus breitheamhnais. Bog agus minigh in mhaith
naemhtha so maille re Muire Madalén agus guidh iad maille
re cai fa seach. Agus innail a chos chlí maille re h-egla cirte
20] a bhreitheamhnais. Innail a ris a chos dheas maille re dearaibh
duthrachtacha agus re buidheachais, ar do shaeradh ona
throcaire agus ona dhochas bhúidh. Innail agus bog na naeimh
chumhachtacha so adeir, agus ní h-iadsan rig a les an tinnlaicthi
so, acht tusa do ghlanadh trithu mar do rindeadh Muire
25] Madalén, agus fírenach do dhénamh dit co trocaireach trena
grasaibh sin. Da mbeithea gan scur a' glanadh na droingi
so, tiormuidh dot fholt fein co friochnumhach iad. Agus is
amhlaidh tuicimsi in t-innladh so, gemadh tarbhach in inilt
do Dhia tú fein, do bheith tarcuisneach ar cach uili oibriughadh
30] da ndinginta dó Treoruigh na neithe so a n-umhla agus a
nduthracht croidhi mar nach dinginta iad, oir co fírinneach
dlighi a tabhairt uait a chomh-tharcaisneach sin mar nach
dinginta iad. Maseadh, póg an drong naemhtha so co milis
ar son maithesa Dhia d'fhaghbhail duit trithu, agus tabhair
35] maith agus oibrighthi grasamhla do Dhia ar son a mhaitheasa
fein. Deithidigh na naeimh so d'ongadh d'olai luachmhóir


p.216


co minic, agus is í a thuicsin so, da n-adhrair iad o dhuthracht
croidhi ro-the agus ó t-shaint t-shuthain aga mbleghan gan
scur, biaid tú arnadt fhurtacht ona pileribh chonáichi so:
agus o'tái ag dénamh peacaidh gach lái, rigi a leas an fhurtacht
5] so do mhéadughadh do throcaire gach lái. Is h-eigin duit
anois ar facbháil a chos, dul dochum a lámh naemhtha {MS folio 61a1}
ata lan d'fhuil fa chomhair t'eirghe co luath, oir is uatha sin
glantar thu co friochnumhach ó cach uili shalchar peacaidh,
agus linfidhthear tu o acfaind na n-uili ghras, agus o linadh
10] na mbes sochraidh agus o dhellradh na glóiri suthaine. Mar
do indail in Tighearna sibhsi co conáich sacraiminteach ona
fhuil agus ona fhoigertaibh ro-gheara, innluigh agus adhmholadhsi
a sgela agus a chain nduthrachta sin, agus mar nar choigill sé
a fhuil fein o shaidhbhris a ghradha agus o ordughadh shainnti ani
15] ghradha thuc sé duin, dleghmidne ar n-anam agus ar seicreidco
léir do thabhairt dosan. Maseadh, na bidh naire na mi
dhochas ort, oir atáit lámha tollta criadhamhla aigi maille
re deoraibh fala agus atadha phoiremhlacht agus do-scailtighi,
corab urusa gach ní do tharraing uatha, acht muna bia
20] fiuchaireacht neamh-chonáich agus maindeachtnaighi ro-mhor
innut fein. Da tuigir co fuairais tabhartas do Thighearna,
guigh trocair Dhé da mhéadughadh innut agus da choimhéad
agad, oir ni h-éidir leat ni ar domhan do dhénamh a n-aegma.is
sin. Gurab aire sin, a Thighearna, do oibrighisi tosach agus
25] meadhon agus crioch ar ndeagh-oibrighthi co léir. Maseadh,
sduideraidh, a dhaine, beith do shír ac sír-phógadh na lamh
conáich so, agus is iad na pócca so beith duit fein mar is gloine
agus is glórdha do fhéadfa ac tabhairt anóra duthrachtaighi
agus gradha ro-ghéar do Dhia, gan ní ar bith do scriobhadh
30] duit fein, amhail adeir in t-ughdar, non mihi Domine, non
mihi, sed nomini tuo da gloriam, quia gratia tua sum id quod
sum .i. ní dhamhsa, a Tighearna, do-bhertha glóir, acht dot
ainm fein, óir is misi do ghradhsa fein agus do nísi, agus is
misi in ní sin. Maseadh, má do ghabhais loghadh agus grasa
35] ona cosaibh agus gloine ona lamhaibh, erigh anois dochum
luit an taeibh, oir is ann feada cumhsanadh co h-inill, oir co

p.217


deimhin atá se arna oslughadh o chuig adhbharaibh .i. chum
teithche agus chum furigh, agus dochum sasaigh agus dochum
smuaintighthi agus dochum furtachta. An chead adhbhar:
do theicheadh dochum na cairgi cabhánaidhi .i. Criosd, o gach
5] uili chumhgach agus ghuasacht agus ghalar, oir mar is í in
charraigh teitheadh na mbroc, is é Criosd teitheadh do-scailti
na ndaine bhis lán do chumhgach agus do sbínanaibh agus do
ghruamdhacht agus d'eslainti. Maseadh, gibé tusa, ceimnigh
anns an carraic dot fholach a ndíg chriadhamhail taeibh
10] Chriosd, atá arna tolladh duit, ar egla dásachta aighthi in
Tighearna, oir is ann sin do ghebhair in t-inillis marthanach.
An dara h-adhbhar: co féada o gach uili shaethar agus
athmhultas comhnaidhe mharthanach do dhenamh annsan,
amhail adeir an salm, hec requies mea in seculum seculi, hic
15] habitabo quoniam elegi eam .i. is é so mu chomhnaidhisi tre
saeghal na saeghal, agus is ann aitrebhochad os é do thoghas.
An treas adhbhar: on comhnaidhi sin suas ni h-egal duit aen
ní, acht do shásadh co h-inill sídhchanta annsan, oir is é in
t-sith is ionad dósan, agus abairsi mar so, ina shídhsa .i. ina
20] thaebh oslaighthi, do chodlas agus do chumhsanas. An
ceathramhadh adhbhar: co {MS folio 61a2} smuaintighthea co
friochnumhach sanntach in gradh ro-mhór do thaisbéan se
duit a n-aisci, iondas co faicthea co follas cneadha a chuirp
ó shuilibh do chroidhi, oir nír fhéad neach a anum do chur
25] tar cheand a charad, acht Mac Dhé thuc an gradh bu ro-mhó
na sin .i. a anam do chur tar cheand a namhad. An cuigeadh
adhbhar: ionnas co fechtha co friochnumhach cad é in sólás
tucad duit chum do shásda, oir tucadh an croidhi sin duit a
mbiadh agus a fhuil a ndigh. Uch is milis in biadh sin! Agus
30] is glormhar an deoch! Maseadh, caith agus ibh, a bhan-chara,
agus na bí mesgamhail, a bhan-ghradhach. Maseadh, cuir do
bhél co h-ocurach gear do shughadh na cneadhi glórmhaire
so, iondas co n-ibhir co léir in fhuil luachmhár so, oir is uaithi
coimhlínfithar thu co h-acfaindeach, agus beidhir neimh-mescamhail
35] acfaindeach conaich uaithi.